English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Glao ar Thairiscintí maidir le Tionscadal Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) fógartha ag an Aire Hackett chun aghaidh a thabhairt ar Chaillteanas Cothaitheach, Dríodair agus Caillteanais Eile a bhaineann le Feirmeacha san Uisce

Tá Glao ar Thairiscintí fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Pippa Hackett, maidir le EIP ar cháilíocht an uisce.

Dúirt an tAire Hackett:

“Cuid lárnach dár n-iarrachtaí chun ár gcomhshaol nádúrtha a chosaint is ea cáilíocht an uisce a fheabhsú. Léiríonn scála an chláir, le maoiniú €60 milliún, tiomantas an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar chaighdeán an uisce ag laghdú mar gheall ar ghníomhaíocht feirmeoireachta. I bhfianaise treochtaí cáilíochta uisce le déanaí, ní mór dúinn freagairt chomhordaithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú a chuireann talmhaíocht ar cháilíocht uisce. Tá an-áthas orm mar sin a bheith ag obair go dlúth leis an Aire Malcolm Noonan agus a Roinn ar an EIP seo. Tá obair mhaith déanta ag ár Ranna cheana féin le chéile ar an 5ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití de chuid na hÉireann, a tháinig i bhfeidhm níos luaithe i mbliana agus tá roinnt beart nua agus neartaithe ann chun cáilíocht uisce a chosaint agus a fheabhsú. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag Plean Straitéiseach CAP na hÉireann maidir le caillteanas cothaitheach agus dríodar eile ó thalamh feirme in uisce a laghdú trí spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí níos mó a dhéanamh chun cáilíocht uisce a fheabhsú."

Ag fáiltiú dó roimh an seoladh, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D.:

“Díríonn an glao seo ar EIP ar dhreasacht dheonach a sholáthar a thabharfaidh luach saothair d'fheirmeoirí a dhéanann níos mó maidir le cáilíocht an uisce. Fáiltím go mór roimh an dlúthchaidreamh leanúnach oibre idir mo Roinnse agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cáilíocht uisce. Idir fheirmeoirí agus lucht déanta beartas, táimid go léir tiomanta d'fheabhas leanúnach a chur ar cháilíocht an uisce agus ar chúrsaí uisce ar fud na tíre. Beidh ról lárnach ag an EIP nua seo maidir le tuilleadh feabhsuithe inláimhsithe a chur chun cinn i gcáilíocht an uisce agus luach saothair a thabhairt d'fheirmeoirí as a gcuid iarrachtaí."

Ag fáiltiú roimh an bhfógra dó, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Malcolm Noonan T.D.:

“Tá an glao seo dírithe go sonrach ar chaillteanais fosfair, nítrigine, dríodair agus lotnaidicídí chuig uisce ó thailte talmhaíochta a laghdú trí ghlacadh le dea-chleachtas nuálach i mbainistiú cothaitheach, cur i bhfeidhm Bearta Coinneála Uisce Nádúrtha atá bunaithe ar an Dúlra (NWRM) agus bearta oiriúnacha eile a chur chun cinn.”

Dúirt an tAire Stáit Noonan freisin:

“Is féidir a bheith ag súil freisin go mbeidh buntáistí iomadúla ag baint le fócas an tionscadail ar réitigh atá bunaithe ar an dúlra maidir le huisce, bithéagsúlacht, maolú tuile agus maolú/oiriúnú aeráide. Tá áthas orm gur chuir mo Roinn €10m le EIP chun tacú leis na huaillmhianta seo.”

D'eascair an gá atá le EIP Uisce as an taithí a fuarthas ar an dara timthriall Bainistíochta Abhantraí. D'aithin Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil agus an Clár Tacaíochta agus Comhairleach Inbhuanaitheachta Talmhaíochta lena n-áirítear Teagasc, údaráis áitiúla, an tionscal déiríochta agus an Rialta araon bearna i dtacaíocht d'fheirmeoirí a chuireann bearta spriocdhírithe cosanta uisce i bhfeidhm. D'fhorbair an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil uirlisí eolaíochta feabhsaithe chun rioscaí comhshaoil a aithint. Is féidir leis na huirlisí seo cabhrú chun spriocdhíriú na mbeart ceart a threorú san áit cheart.

Tá tionscadail Chomhpháirtíochta Nuálaíochta Talmhaíochta na hEorpa (EIP-Agri) á stiúradh go háitiúil agus baineann siad leas as cleachtais nuálacha, chun acmhainní nádúrtha riachtanacha a chosaint, amhail uisce, ar a bhfuil an fheirmeoireacht agus an pobal i gcoitinne ag brath.


Nóta d'eagarthóirí

Tá an tionscnamh EIP á chómhaoiniú ag Coimisiún an AE agus Rialtas na hÉireann mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann agus leanfar leis faoi Phlean Straitéiseach CAP. Sa chás seo, maoineoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gníomhartha feirmeoirí faoin Tairseach ar éirigh léi, agus maoineoidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta costais riaracháin an Ghrúpa Oibríochtúil.

Go bunúsach, tá réimse páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha srl.) ag teacht le chéile i ngrúpa ar a dtugtar 'Grúpaí Oibríochtúla' chun réitigh nuálacha atá forbartha ag an nGrúpa féin a thriail.

Is iad na príomhchúiseanna leis an laghdú ar cháilíocht uisce na hÉireann ná na caillteanais leanúnacha agus, i gcásanna áirithe, méadaitheach ar fhosfar, ar nítrigin agus ar dhríodar uisce ó thalamh feirme; fuíolluisce nach ndéantar cóireáil leordhóthanach air agus tionchair fhisiciúla ar dhobharlaigh (mar shampla, briseadh ar leanúnachas abhann mar gheall ar bhacainní abhann, agus draenáil tailte agus aibhneacha). Cuireann athrú aeráide, fás daonra agus uirbiú araon leis an mbrú ar acmhainní uisce agus ar bhonneagar seirbhísí uisce. Tá gá le gníomh láidir spriocdhírithe anois ar fud réimse gníomhaithe chun uisce a chosaint ó mheath breise agus chun cáilíocht an uisce a athbhunú san áit a ndearna gníomhaíochtaí roimhe seo damáiste.

Dé hAoine an 27 Eanáir 2023 an dáta deiridh don Ghlao seo.

Is féidir tuilleadh faisnéise ar thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa agus na treoirlínte don ghlao seo ar thairiscintí a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag DAFM Scéim Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa nó trí theagmháil a dhéanamh watereip@agriculture.gov.ie.