Glao ar Thograí Taighde 2019 fógartha ag an Aire Creed
- Foilsithe: 10 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2020
Tá Glao nua ar Thograí Taighde fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD faoi Chláir Maoinithe Taighde na Roinne. Tríd an infheistíocht a chuirfear ar fáil mar chuid den Ghlao seo beidh an earnáil in ann freagra níos fearr a thabhairt ar fhorbairtí beartais agus rialála, ar éilimh an phobail, ar dhul chun cinn sa teicneolaíocht agus ar threochtaí iompair tomhaltóirí sna deich mbliana atá romhainn.
D'athdhearbhaigh an tAire a thiomantas do thaighde agus nuálaíocht san earnáil:
“Tá gá níos mó ná riamh le taighde atá maoinithe go poiblí chun nuálaíocht, iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chur ar aghaidh sna hearnálacha agraibhia, foraoiseachta agus mara agus muid ag ullmhú do na dúshláin atá romhainn -an Breatimeacht, Athrú Aeráide agus AMR ina measc."
Mar chuid den ghlao, tugtar cuireadh d'Eagraíochtaí Taighde incháilithe tograí taighde i gcomhar a chur isteach atá dírithe ar dul i ngleic le fadhbanna tosaíochta reatha sna ceithre réimse téamacha a bhaineann leis an earnáil agraibhia, foraoiseachta agus bitheacnamaíochta ar fad:
- Cuir chuige Comhshaoil agus Aeráid-chliste do Chórais Agraibhia
- Táirgeadh Ainmhithe agus Plandaí, One Health agus Leas
- Fás Tuaithe, Digitiú agus an Bitheacnamaíocht
- Bia
Tá an Glao leagtha amach ach go háirithe chun gníomhartha Food Wise 2025 a chur ar aghaidh tuilleadh trí leas a bhaint as deiseanna a chuirfear ar fáil trí theicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm agus teacht chun cinn na bitheacnamaíochta chomh maith le dul i ngleic le cuid de na dúshláin bharrthábhachtacha atá roimh an earnáil lena n-áirítear réimsí ar nós Athrú Aeráide, ionchuir i dtáirgeadh ainmhithe agus barr a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, an gá atá le cur chuige córais-bhunaithe a ghlacadh i leith táirgeadh, próiseáil agus tomhaltas bia. Chomh maith leis sin fáiltítear roimh rannpháirtíocht agus cómhaoiniú tionscail, in airgead tirim nó i bhfoirmeacha eile.
Rud atá an-tábhachtach mar chuid de chomhoibriú leanúnach Thuaidh-Theas ar thaighde agus nuálaíocht agraibhia go bhfuil an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, Tuaisceart Éireann, ag comhoibriú leis an Roinn chun maoiniú a chur ar fáil do na réimsí iomadúla taighde atá ann chun cur ar chumas trí eagraíocht taighde atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach mar chuid den Ghlao seo.
Ar deireadh, ghuigh an tAire gach rath ar na hiarrthóirí ina n-iarratas:
"Táim ag súil go dtiocfaidh eolas, teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí chun cinn mar gheall ar an nGlao seo chun fianaise luachmhar a chur ar fáil i leith beartas a fhorbairt chomh maith le huirlisí úsáideacha chun cuidiú linn na spriocanna fáis straitéisigh mar a leagtar amach i Food Wise 2025 agus tuarascálacha straitéiseacha eile a bhaint amach. Níl amhras orm ach go mbainfidh an pobal taighde agus nuálaíochta oiread leasa agus is féidir as an deis seo trí thograí den scoth a chur isteach agus táim ag tnúth le súil a choinneáil ar an bpróiseas seo le linn na míonna atá romhainn."
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
1pm Déardaoin an 18 Aibreán an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Tá gach doiciméadacht a bhaineann leis an nGlao seo ar fáil i rannóg taighde láithreán gréasáin na Roinne: www.agriculture.gov.ie/research/newsevents.
Den chéad uair riamh, éilítear ar iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne, trí Thairseach Taighde ar Líne na Roinne dafm.flexigrant.com.
Tá trí chlár iomaíocha maoinithe taighde 'ar mhaithe leis an bpobal' ag an Roinn a chlúdaíonn réimsí téamacha Bia, Talmhaíochta agus Foraoiseachta agus a dtagraítear dóibh i dteannta a chéile mar 'Cláir Maoinithe Taighde na Roinne'.
Tugtar cur síos gearr ar na trí chlár anseo:
An Beart um Thaighde Institiúideach ar Bhia (Bia) a bhfuil sé mar aidhm leis teicneolaíochtaí ardáin a fhorbairt chun taca a chur faoi earnáil déantúsaíochta agus margaíochta bia atá iomaíoch, nuálach agus inbhuanaithe agus ar féidir feidhm bhreise a bhaint as trí chláir tacaíochta poiblí atá dírithe ar thionscal a bheith ann.
Féachtar leis an gCiste um Thaighde a Spreagadh (Talmhaíocht), tacú le cleachtais agus bearta iomaíocha táirgthe talmhaíochta agus a chuireann agus chothaíonn geilleagar atá bunaithe ar fhaisnéis agus acmhainn taighde sa phríomhearnáil talmhaíochta.
Féachtar leis an gClár um Thaighde Iomaíoch Foraoiseachta ar mhaithe le Forbairt (Foraoiseacht) bunsraith agus tacaíocht eolaíochta a fhorbairt ar mhaithe le tionscal foraoiseachta atá nuálach, iomaíoch, inmharthana agus dírithe ar an margadh.