Ráig den fhliú éanúil ardphataigineach deimhnithe i dtréad tráchtála turcaithe i gCo. Cheatharlach
- Foilsithe: 11 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Samhain 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, ráig den fhliú éanúil ardphataigineach H5N1 i dtréad tráchtála turcaithe i gContae Cheatharlach inniu. Mar thoradh air sin, tá criosanna srianta curtha i bhfeidhm timpeall an ghabháltais (crios cosanta 3km agus crios faireachais 10km).
Dúirt an tAire Heydon: “Is meabhrú dúinn go léir an ráig seo ar thábhacht na bithshlándála láidre. Sin an fáth ar fhógair mé ordú bithshlándála a tháinig i bhfeidhm Dé Sathairn seo caite. Is í bithshlándáil dhian an chosaint is fearr atá againn i gcoinne bhagairt an fhliú éanúil. Ar an dea-uair, níl aon riosca sábháilteachta bia ag baint leis an ngalar do thomhaltóirí táirgí éanlaithe clóis atá cócaráilte go maith, lena n-áirítear uibheacha.”
Tá an víreas HPAI H5N1 ag scaipeadh go forleathan i measc éin fhiáine ar fud na tíre le bliain anuas agus ba chúis le ráig i dtréad éan gafa é i gContae Chorcaí le déanaí. Deimhníodh le déanaí go bhfuil H5N1 ar roinnt éin fhiáine ar fud na tíre, agus bhí breis is 40 cás ann i mbliana go dtí seo. Sainaithníodh ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i dtréada éanlaithe clóis i roinnt tíortha Eorpacha agus sa Ríocht Aontaithe i mbliana freisin.
Cé gur féidir leis an bhfliú éanúil a bheith an-tógálach idir éin, tugann an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte de chuid FSS (FSS-HPSC) agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) comhairle go bhfuil an riosca don tsláinte phoiblí ón tréithchineál den Fhliú Éanúil atá ag scaipeadh an-íseal. D’ainneoin sin, moltar do bhaill den phobal, mar is gnáth, gan éin fhiáine bhreoite nó mharbha a láimhseáil agus éin fhiáine bhreoite nó mharbha a thuairisciú d’aip seiceála éan na Roinne (AvianCheck).
Leanann an Roinn de bheith ag impí ar gach úinéir tréad, beag beann ar mhéid an tréada, bheith san airdeall ar chomharthaí galair, bearta diana bithshlándála a chur i bhfeidhm agus a chothabháil, agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú dá nOifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil, nó lasmuigh d’uaireanta gnó, teagmháil a dhéanamh leis an Líne Chabhrach Éigeandála Náisiúnta do Ghalair ar 01 492 8026.
Leanann an Roinn de bheith ag déanamh monatóireacht agus measúnú dlúth ar staid an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara tionscail.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Tháinig bearta bithshlándála éigeantacha i bhfeidhm Dé Sathairn, an 1 Samhain 2025, agus tá siad ceaptha chun ráigeanna den Fhliú Éanúil Ardphataigineach (HPAI) a chosc in éanlaith chlóis agus in éin ghafa. Éilíonn na rialacháin sin go gcuirfidh coimeádaithe gach tréada éanlaithe clóis (agus éan gafa eile) bearta bithshlándála sonracha i bhfeidhm, beag beann ar mhéid, chun cabhrú le riosca an víris a mhaolú, agus bearta bithshlándála feabhsaithe breise nach mór a chur i bhfeidhm i dtréada de 350 éan nó níos mó.
- Tá crios cosanta (PZ) de gha 3km ar a laghad ón ngabháltas ionfhabhtaithe agus crios faireachais (SZ) de gha 10km ar a laghad curtha i bhfeidhm. Déanfar áireamh ar na gabháltais uile laistigh den chrios cosanta PZ agus den chrios faireachais SZ agus cuirfear nósanna imeachta i bhfeidhm chun gluaiseachtaí d'éanlaith chlóis bheo, éin ghafa eile, uibheacha goir agus uibheacha boird, bruscar úsáidte, aoileach agus sciodar ó ghabháltais éanlaithe clóis a rialú. Níl aon cheanglas ann an ghluaiseacht de bheatha éanlaithe clóis a rialú ach amháin chuig áitreabh “amhrasach” nó “ionfhabhtaithe”. Mar sin féin, tá bearta bithshlándála i bhfeidhm maidir le gluaiseacht d'fheithiclí seachadta beatha idir feirmeacha éanlaithe clóis sna Criosanna Srianta (PZ & SZ).
- Comharthaí cliniciúla ar chóir do choimeádaí éanlaithe a bheith ag faire amach dóibh ina n-éan ná ceann ata, dath neamhghnách ar an muineál agus an scornach, easpa goile, anacair riospráide, buinneach agus laghdú ar líon na n-uibheacha – cé go n-athraíonn siad sin idir speicis éan.
- Má cheapann tú go bhfuil galar i do thréad féin, cuir an Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire duit ar an eolas nó glaoigh ar an Líne Chabhrach maidir le Fliú Éanúil: 01 607 2512 (Lasmuigh d'uaireanta Oifige: 01 492 8026).
- Má aimsíonn tú éin fhiáine bhreoite nó mharbha amhail lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche, ná láimhsigh na héin. Tuairiscigh na torthaí don Roinn mar atá thuas nó tríd an Aip Thuairiscithe ar Fhliú Éanúil maidir le hÉin Fhiáine (AvianCheck).
- Is féidir tuilleadh eolais faoin bhfliú éanúil a fháil ar shuíomh gréasáin an Rialtais ag www.gov.ie/birdflu