Iarraidh ar Thairiscintí fógartha ag an Roinn faoin gCiste Fobartha agus Nuálaíochta Tuaithe (RIDF) i leith Líonra Feirmeoireachta Sóisialta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarraidh ar Thairiscintí fógartha ag an Roinn faoin gCiste Fobartha agus Nuálaíochta Tuaithe (RIDF) i leith Líonra Feirmeoireachta Sóisialta

Tá nós imeachta soláthair phoiblí iomaíoch fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2020 (RIDF), i leith Líonra Feirmeoireachta Sóisialta.

Is ionann Feirmeoireacht Shóisialta is deis a thabhairt do dhaoine a bhaineann leas as réimse seirbhísí teiripeacha tacaíochta lae dul i mbun gairneoireachta agus feirmeoireachta ar bhonn deonach i dtimpeallacht feirmeoireachta. Déantar na hoibríochtaí seo a reáchtáil i roinnt suíomhanna ó fheirmeacha oibre teaghlaigh, tionscnaimh áitiúla pobail go creatanna institiúide eile.

Cuirfear maoiniú €400,000 ar an iomlán ar fáil don bhliain 2020 chun tacaíochtaí a chur ar fáil i leith Líonra Náisiúnta Feimeoireachta Sóisialta. Baineannan an RFT seo le seirbhísí a aimsiú chun sainchlár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun tacú le feirmeoirecht shóisialta ag an leibhéal náisiúnta.

Nótaí don Eagarthóir

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) ag lorg tograí ó sholáthróirí seirbhíse cuí, a bhfuil an taithí, cumas agus an fhís acu le sainchlár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a thacódh le feirmeoireacht shóisialta ag an leibhéal náisiúnta.

Rinneadh Iarraidh ar Thairiscintí a fhoilsiú an 20 Feabhra 2020 ar láithreán grésáin eTenders (uimh. 165866). Ní mór clárú ar shuíomh [external-link https://irl.eusupply.com/login.asp?B=ETENDERS_SIMPLE- Clárú Soláthraí | eTenders ] ag chun teacht ar an RFT. Baineann an RFT seo le seirbhísí a aimsiú chun sainchlár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun tacú le feirmeoirecht shóisialta ag an leibhéal náisiúnta. Déanfar maoiniú a dhámhadh ar bhonn iomaíoch, de réir na gcritéar dámhachtana incháilithe ar leith a foilsíodh. 12 pm an 15 Aibreán 2020 an dáta deiridh a nglacfar le tairiscintí. Déanfar tairiscintí a mheas trí phróiseas iomaíochta a bhaineann le tionscadail bheartaithe a mhaoiniú.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat