Iarraidh ar Thairiscintí fógartha ag an Roinn faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe (RIDF) chun tionscnamh d’Fhiontraithe Mná faoin Tuath a fhorbairt

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarraidh ar Thairiscintí fógartha ag an Roinn faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe (RIDF) chun tionscnamh d’Fhiontraithe Mná faoin Tuath a fhorbairt

Tá nós imeachta soláthair phoiblí iomaíoch fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2020 (RIDF) i leith Clár Forbartha d’Fhiontraithe Mná atá ag teacht chun cinn i gCeantair Thuaithe.

Cuirfear maoiniú ar fáil chun clár a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a bheidh dírithe ar fhiontraithe mná atá ag teacht chun cinn i gceantair thuaithe.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) ag lorg tograí ó sholáthróirí seirbhíse oiriúnacha, a bhfuil an taithí agus an fhís acu chun sainchlár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na bearnaí atá ann ó thaobh scileanna, fiontar agus acmhainn i measc fiontraithe mná atá ag teacht chun cinn faoin tuath agus ina nglacfar san áireamh nithe a chuireann bac agus teorainn le gníomhaíocht fiontraíochta i gceantair thuaithe.

Rinneadh Iarraidh ar Thairiscintí (RFT) a fhoilsiú an 6 Bealtaine 2020 ar láithreán gréasáin eTenders agus in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (ID No. 169260). Ní mór clárú ar shuíomh eTenders ag http://www.etenders.gov.ie/- Clárú Soláthraí - chun teacht ar an RFT. Baineann an RFT seo le seirbhísí a aimsiú chun clár forbartha fiontraíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a bheidh dírithe ar fhiontraithe mná atá ag teacht chun cinn i gceantair thuaithe. Is 12:00 (meán lae) Dé hAoine an 12 Meitheamh 2020 an dáta deiridh a nglacfar le tairiscintí. Déanfar tairiscintí a mheas trí phróiseas iomaíochta a bhaineann le tionscadail bheartaithe a mhaoiniú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat