English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrann an tAire Heydon ar fheirmeoirí iad féin a choinneáil slán an Nollaig seo

D'áitigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon TD, ar fheirmeoirí a bheith sábháilte agus iad ag obair le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

Dúirt an tAire Heydon:

“Go dtí seo i mbliana, deimhníodh 12 eachtra marfach ar fheirmeacha in 2022. Cé go bhfuil sé seo síos ar an meán 20 eachtra marfach ar fheirmeacha le deich mbliana anuas, sin 12 feirm, teaghlach agus pobal atá croíbhriste anois.

“Is féidir cosc a chur ar theagmhais mharfacha agus neamh-mharfacha má dhéanaimid athruithe ar ár n-iompraíochtaí agus ar ár gcleachtais. Ní mór go mbeadh sé seo ina thosaíocht don earnáil más mian linn feabhas a chur ar inbhuanaitheacht shóisialta na talmhaíochta. Is é seo an t-am le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mbliain atá caite agus pleananna a dhéanamh do 2023. Caithfidh feirmeoireacht níos sábháilte a bheith lárnach do na pleananna sin. Táim ag iarraidh ar gach feirmeoir am a ghlacadh thar thréimhse na Nollag chun athbhreithniú a dhéanamh ar a gCód Cleachtais Measúnaithe Riosca um Shábháilteacht Feirme. Is uirlis úsáideach í chun cabhrú na háiteanna ina bhfuil gá gníomh a dhéanamh chun an riosca go dtarlódh teagmhas ar an bhfeirm a íoslaghdú.

Mheabhraigh an tAire Heydon d'fheirmeoirí freisin an gá atá le haire a thabhairt dá sláinte, agus dúirt sé:

“Bíonn ualach díréireach fadhbanna sláinte ar nós galar cardashoithíoch, pian droma agus strus ar fheirmeoirí. Tugann feirmeoirí aire don talamh, do na barra, agus do na hainmhithe ach is rómhinic a dhéanann siad dearmad ar an ngné is tábhachtaí – a sláinte agus a bhfolláine féin.

Ag meabhrú dó don phobal feirmeoireachta an tábhacht a bhaineann le meabhairshláinte, dúirt an tAire:

“Is tráth den bhliain é an Nollaig ar féidir le daoine áirithe a bheith ag streachailt lena meabhairshláinte. Iarraim ar fheirmeoirí agus ar gach duine mórthimpeall orthu breathnú amach dá chéile agus cabhair agus tacaíocht a lorg má tá fadhbanna meabhairshláinte ag cur isteach orthu nó má tá siad ag fulaingt. Chomh maith le do dhochtúir teaghlaigh, tá seirbhísí agus línte cabhrach tiomnaithe ar fáil d'fheirmeoirí agus do dhaoine nach feirmeoirí iad a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte ag cur isteach orthu agus a bhfuil sé deacair orthu déileáil leo”.

Dúirt an tAire Heydon:

“Tá feirm shábháilte ar cheann de na bronntanais is fearr is féidir le feirmeoir a thabhairt dóibh féin agus dá dteaghlach. Mar rún Athbhliana, ná téigh sa seans maidir le sábháilteacht ar an bhfeirm agus tabhair tús áite don tsláinte, don tsábháilteacht agus don fholláine in 2023."