Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrann an tAire McConalogue go dtacódh beartais Eorpacha le forbairt na foraoiseachta

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, ag freastal inniu ar chruinniú de Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an AE sa Bhruiséil áit ar tharla plé ar Straitéis Foraoiseachta an AE, ar Rialachán Dífhoraoisithe an AE agus ar an “For Forest Group” ón Ostair, an Fhionlainn, an tSlóivéin agus an tSualainn.

Ag iarradh ar chomhleanúnachas beartais ar leibhéal Eorpach, dhearbhaigh an tAire McConalogue;

“Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát plandú crann a spreagadh, chun freastal ar éagsúlacht na riachtanas difriúil. Ní mór do bheartais Eorpacha a chinntiú go dtacaíonn siad leis na cuspóirí sin agus go n-éascóidh siad forbairt foraoise inbhuanaitheach.”

Leag an tAire McConalogue beim ar an tábhacht a bhaineann le hionchur leanúnach ó shaineolaithe na mBallstát agus beartas foraoise á fhorbairt ar leibhéal an AE.

Thug an tAire faoi deara nach mór do bheartais tacú le gach gné den inbhuanaitheacht agus dhearbhaigh sé;

“Tá na trí ghné den inbhuanaitheacht – comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta, chomh tábhachtach céanna. Léirítear an seasamh seo i Straitéis Foraoise náisiúnta na hÉireann. Tá timpeallacht bheartais uainn a thacaíonn le plandáil an chrainn cheart san áit cheart ar an gcúis cheart leis an mbainistíocht cheart.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat