English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Impíonn an tAire McConalogue go ndéanfaí feirmeoirí a gcuid sonraí bainc a uasdátú

Agus Banc Uladh agus KBC ag fágáil earnáil banc na hÉireann, impíonn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D ar fheirmeoirí dul i dteagmháil lena Roinn a luaithe is féidir maidir lena gcuid sonraí cuntais nua d'fonn a chinntiú go leanfaidh siad ag fáil íocaíochtaí a gcuid scéimeanna gan bhriseadh.

Dúirt an tAire McConalague:

“Chuaigh mo Roinn i ndlúth-theagmháil leis na feirmeoirí siúd a n-íoctar a gcuid íocaíochtaí scéime isteach i gcuntais an dá bhanc seo. Idir mí Márta agus mí Lúnasa na bliana seo, rsheol mo Roinn litreacha agus téacsanna le tuairim is 12,000 feirmeoir a fuair a gcuid íocaíochtaí scéime isteach i gcuntais Banc Uladh agus i gcuntais Banc KBC le linn na mblianta 2020 agus 2021, agus a raibh na cuntais sin fós cláraithe leis an Roinn.

“Cuireadh in iúl do na feirmeoirí sin conas teacht ar an bhfoirm údarás íocaíochta lena bhaineann a bhí iniata sna litreacha agus atá ar fáil freisin ó shuíomh Gréasáin mo Roinne.”

Dar leis an Aire McConalague:

“Go luath i mí Mheán Fómhair, mar chuid den litir ghinearálta ag cur in iúl d’fheirmeoirí faoi dátaí íocaíochta na scéime a bhfuil siad ag súil leo, meabhraíodh d’fheirmeoirí arís gur gá fógra a thabhairt don Roinn nuair a bhíonn siad ag athrú an cuntas ina dteastaíonn uathu na híocaíochtaí a fháil. Ní gá fanacht go dtí go ndúnfar an cuntas Banc Uladh nó an cuntas Banc KBC.”

Chuaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i dteagmháil díreach le Banc Uladh ar an gceist freisin. Tá sonraí cuntais nua curtha ar fáil anois ag thart ar 6,000 den 12,000 feirmeoir a fuair a gcuid íocaíochtaí scéime chuig cuntas Banc Uladh nó cuntas Banc KBC le linn na bliana 2022 don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Eisíodh thart ar 4,800 de na híocaíochtaí de chuid scéim Limistéar na Srianta Nádúrtha (LSN) le déanaí cuntais Bhanc Uladh agus KBC, i gcomparáid leis an 10,000 acu as an íocaíocht chéanna sa bhliain 2021. Léiríonn sé seo nách bhfuil beagnach 50% de na feirmeoirí a bhí ag baint úsáide as na bainc sin sonraí nua a gcuid cuntas curtha fós ar fáil don Roinn chun a n-íocaíochtaí a fháil.

Bhí foireann na Roinne ar fáil freisin ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta le déanaí chun comhairle a thabhairt d’fheirmeoirí maidir lena gcuntais íocaíochta a athrú i gcomhthéacs dúnadh Banc Uladh agus Banc KBC.


Le tabhairt faoi deara ag Eagarthóirí

  • Is féidir fan oirm um údarás íocaíochta a íoslódáil ó - DIR-CR Bank Mandate Forms.
  • Ní chuireann dúnadh an Bhainc KBC isteach ach ar líon an-bheag custaiméirí feirmeoirí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara – níos lú ná 50 acu.