English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dea-riocht Talmhaíochta agus Comhshaoil (GAEC) 2 a thabhairt isteach mar chuid den Choinníoll ó 2025 ar aghaidh


Cad é GAEC 2?

Is coinníoll éigeantach é GAEC 2 maidir le híocaíocht na Tacaíochta Bun-Ioncaim d’fheirmeoirí (BISS). Is é an cuspóir atá aige ná bogaigh agus tailte móna a chosaint – ithreacha ardcharbóin. Ceanglaíonn Rialacháin an AE ar gach Ballstát an caighdeán a bheith i bhfeidhm ó thús 2025.

Chuaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha ar fad maidir le caighdeán molta, lena n-áirítear comhlachtaí feirme agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil. Bhí an caighdeán faoi réir formheas deiridh ag an gCoimisiún Eorpach (CE), agus glacadh leis an CEar an 30 Aibreán 2025.

Soláthraíonn an caighdeán do chosaint bonnlíne d'ithreacha atá saibhir ó thaobh carbóin de, agus ag an am céanna ligean do ghníomhaíocht talmhaíochta leanúint ar aghaidh. Mar shampla, ceadaítear "gnáth" treabhadh, athshíolú agus cothabháil draenacha atá ann cheana féin. Tá draenáil nua indéanta freisin ag teacht leis na forálacha pleanála náisiúnta atá ann faoi láthair.


Cén fáth a bhfuil gá leis na hithreacha seo a chosaint?

Is é an t-athrú aeráide (maolú agus oiriúnú) an phríomhcheist chomhshaoil a bhfuil sé d’aidhm ag an gcaighdeán seo aghaidh a thabhairt uirthi trí ‘Ithreacha atá saibhir ó thaobh carbóin a chosaint’. Aithnítear go maith gur stórais thábhachtacha nó “slogaidÍ” carbóin iad ithreacha ardcharbóin. Ag thart ar 20% den tír, tá na slogaidÍ seo cosúil le foraoisí báistí na hÉireann agus mar sin ní mór iad a chosaint. Is féidir le gníomhaíochtaí mar dhraenáil agus treabhadh domhain dul i bhfeidhm ar shláine na stórtha seo, rud a fhágann go scaoilfí carbóin. Ina theannta sin, is éiceachórais an-luachmhar iad bogaigh agus portaigh maidir le gnáthóg, bithéagsúlacht, cáilíocht uisce agus cosaint agus cáilíocht na hithreach.


Cad iad na riachtanais do GAEC 2?

Is iad seo a leanas ceanglais GAEC 2 ar an bhfeirm:

  1. Ceadaítear cothabháil agus deisiú na ndraenacha atá ann faoi láthair chomh fada agus nach ndéantar draenacha a dhoimhniú nó nach bhfuil síneadh ar an limistéar draenáilte thar an méid a bhí ann roimhe seo, nó déanfar é seo a mheas mar dhraenáil nua.
  2. Beidh draenáil nua faoi réir na gceanglas maidir le cead pleanála, mar atá faoi láthair faoin reachtaíocht náisiúnta pleanála.
  3. Is féidir treabhadh éadomhain suas le 30cm ar doimhneacht a dhéanamh gach bliain do bharra curaíochta, ach le haghaidh féarthailte a athnuachan féarthailte buana, níor cheart go ndéanfaí treabhadh níos minice ná uair amháin i ngach 4 bliana. Ní cheadaítear treabhadh domhain níos mó ná 30cm ar doimhneacht le haghaidh féarach nó barra curaíochta.

Cathain a thosaíonn GAEC 2?

Tá an caighdeán i bhfeidhm anois tar éis don Choimisiún formheas foirmiúil a fháil ag deireadh mhí Aibreáin.


Conas a bheidh a fhios agam an bhfuil dáileachtaí GAEC 2 agam?

Tá an Roinn i mbun scríobh chuig feirmeoirí faoi réir an chaighdeáin. Is féidir dáileachtaí talún atá faoi réir GAEC 2 a fheiceáil freisin ar thairseach feirmeoirí ar líne na Roinne - AgFood.ie (Féach an Iarscríbhinn).


Cén tionchar a bheidh ag GAEC 2 ar oibriú laethúil an fheirmeora?

Táthar ag súil go mbeidh éifeacht íosta ag an gcaighdeán ar oibríochtaí laethúla an chuid is mó d'fheirmeoirí. Soláthraíonn ár gcóras féar-bhunaithe cosaint shuntasach cheana féin d’ithreacha den sórt sin, agus tá siad cosanta freisin ag forálacha pleanála náisiúnta atá ann cheana, mar shampla maidir le draenáil.Is féidir leanúint ar aghaidh le draenáil reatha a chothabháil ar na tailte seo, agus d’fhéadfadh draenáil nua tarlú faoi réir forálacha pleanála náisiúnta mar atá faoi láthair. Áirítear le cothabháil na ndraenacha atá ann faoi láthair athsholáthar seandhraenacha nó draenacha nach bhfuil ag feidhmiú le himeacht ama.

Ós rud é go gceadaítear treabhadh éadomhain (suas le 30cm), agus athshíolú trí threabhadh (1 bhliain as 4 bliana) faoi GAEC 2, meastar nach mbeidh ach tionchar íosta ag na forálacha seo, mar go meastar gur cleachtais “thipiciúla” iad ar fheirmeacha na hÉireann. Is féidir le modhanna athshíolaithe eile amhail dioscaáil nó druileáil dhíreach tarlú níos minice más mian leis an tairbhí.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach dtagann na coinníollacha nua seo faoi GAEC 2 in ionad aon oibleagáidí atá ar fheirmeoir cheana féin timpeall ar na dáileachtaí talún a eascraíonn as ainmniú talún faoi SPA nó SACs. Má theastaíonn toiliú ón NPWS uait cheana féin le haghaidh gníomhaíochtaí ar dháileacht GAEC 2, is é sin an cás fós.


Conas a shainaithnítear ithreacha GAEC 2?

Socraítear dáileachtaí le hachair de 50% nó níos mó d’ithir mhóna de réir mar is infheidhme do GAEC 2. Déantar ithreacha móna a mhapáil i Léarscáil Ithreacha agus Fo-ithreacha Teagasc-GCC. Baineadh úsáid as an sainmhíniú seo a leanas ar na léarscáileanna seo:

“Sainmhínítear ithir mhóna mar ábhair ithreach orgánacha atá carntha go suí agus a bhfuil ar a laghad 30% (mais thirim) ábhar orgánach ann thar doimhneacht 45cm ar a laghad ar thalamh neamhdhraenáilte agus 30cm ar doimhneacht ar thalamh draenáilte; ní bhaineann an riachtanas doimhneachta má tá an ciseal móna os cionn na buncharraige.”

Beidh córas achomharc ar fáil d’fheirmeoirí ar bith a chreideann go bhfuil a gcuid beartán mí-rangaithe mar GAEC 2 agus sa chás sin amháin gur gá don fheirmeoir oibreacha riachtanacha draenála nua a dhéanamh nó maolú ar na riachtanais eile. I gcúinsí áirithe, beidh sé indéanta freisin d’fheirmeoirí dáileacht a roinnt idir na comhpháirteanna “ithir mhóna” agus “ithir neamh-mhóna”. Leagfar amach sonraí an phróisis achomhairc in am tráth.”


Cé a bheidh tionchar GAEC 2?

Tá feirmeoirí a dhéanann iarratais ar íocaíochtaí limistéar-bhunaithe faoin CBT faoi réir ceanglas coinníollachta. Beidh roinnt talún ag thart ar aon trian de na feirmeoirí (42,000) atá faoi réir an chaighdeáin, ach ní bheidh na gabháltais sin a bhfuil níos lú ná 10 heicteár (timpeall 7,000) acu faoi réir rialuithe sonracha coinníollachta nó pionóis.


Iarscríbhinn 1 – Rochtain agfood.ie

Is féidir le feirmeoirí/comhairleoirí an ciseal ithreach móna a rochtain mar chiseal infheicthe trí chóras mapála LPIS. Is féidir an ciseal a fháil trí na sraitheanna sreabhadh rochtana seo a leanas:

ð Brait

ð Brait Tagartha

ð GCC

ð Ithreacha an GCC

ð Léarscáil OM Ithreacha Táscacha Teagasc-GCC >=30% OM=>Brait Tagartha

Is féidir an “Léarscáil OM Ithreach Tháscach Teagasc-GCC >= brat 30%” a scoránú agus a fheiceáil ach na cnaipí ábhartha a roghnú agus cliceáil ar an táb “Nuashonraigh”


Iarscríbhinn 2 – Táscaire GAEC 2 ar Shonraí Talún An Roinn ar AgFood.ie

Sa rannán “sonraítalún” den chóras iarratais BISS is féidir na dáileachtaí sonracha atá faoi réir GAEC 2 a sheiceáil sa “Uimh. Dáileacht/Tag. Ceapach colún. Sa cholún seo, taispeánfar an tsiombail “%” tar éis uimhir na dáileachta ábhartha (ciorcail air san imlíne dearg thíos) ar aon dáileacht a chinntear gur beartán GAEC 2 iad.


Iarscríbhinn 3 – Litir shamplach chuig tairbhithe