Stádas saor ó Fhliú Éanúil Ard-phataigineach ag Éirinn
- Foilsithe: 23 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Tá áthas ar an Aire Heydon a fhógairt go bhfuil féinfhógra na hÉireann maidir le saoirse ó víris Fhliú Éanúil Ardphataigineach i ndaonra éanlaithe foilsithe ar shuíomh gréasáin na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe, le héifeacht ón 1 Eanáir 2026.
Mhol an tAire Heydon gach duine a raibh baint acu le stádas saor ó ghalar a ghnóthú arís, ag rá:
“Ciallaíonn an foilseachán seo go bhfuil stádas na hÉireann maidir le ‘Saoirse ó HPAI’ gnóthaithe arís'. Is mór an creidiúint é seo don tionscal éanlaithe agus do mo Roinn, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinneadh chun an chéim seo a bhaint amach. Ar an drochuair, táimid fós sa tréimhse ard-riosca agus ba mhaith liom a mheabhrú do gach páirtí leasmhar fanacht ar an airdeall.
Leag an tAire béim freisin ar a thábhachtaí atá sé cloí leis na bearta (atá leagtha amach thíos) atá fós i bhfeidhm:
• An tOrdú Cónaitheachta (Avian Influenza (Precautionary Confinement of Birds and Restriction on Assembly of Live Birds) Regulations 2025, I.R. Uimh. 532 de 2025)
• Rialacháin na mBeart Bithshlándála (Statutory Instrument 520/2025 – Avian Influenza (Biosecurity Measures) Regulations 2025)
Níor braitheadh Fliú Éanúil Ardphataigineach in Éirinn in éin fhiáine ná in éanlaith intíre in 2026 (go dtí seo); áfach, leanann cásanna de bheith á mbrath ar fud na hEorpa agus na Breataine Móire agus, dá bhrí sin, moltar faireachas leanúnach.
Foilseofar nuashonruithe faoin staid ar an leathanach gréasáin http://www.gov.ie/birdflu