Is fiú níos mó ná €2 billiún in aghaidh na bliana don gheilleagar na hearnálacha foraoiseachta agus adhmaid de réir staidéar nua COFORD
- Foilsithe: 1 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 2 Samhain 2022
Fuair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Pippa Hackett, staidéar inniu ó COFORD ar na leibhéil ghníomhaíochta eacnamaíochta agus fostaíochta in Earnáil Foraoiseachta na hÉireann. Tá an staidéar maoinithe ag Roinn an Aire agus scríofa ag Henry Phillips agus Forestry Services Ltd.
Fuarthas amach sa staidéar “Gníomhaíocht eacnamaíoch agus leibhéil fostaíochta in earnáil foraoiseachta na hÉireann” gur ionann an comhmheastachán do leibhéil fostaíochta díreacha agus indíreacha agus 3,500 don earnáil foraoiseachta agus buainte agus 5,900 don earnáil déantúsaíochta adhmaid agus táirgí adhmaid. Léiríonn na leibhéil seo rannchuidiú suntasach le fostaíocht ó fhoraoiseacht, go mórmhór i gceantair thuaithe.
Meastar gur fiú breis agus €2 billiún in aghaidh na bliana an rannchuidiú eacnamaíoch don gheilleagar.
Ag fáiltiú dó roimh an bhfoilseachán, arna éascú ag baill de Ghrúpa Oibre Socheacnamaíoch COFORD, dúirt an tAire:
“Soláthraíonn foraoiseacht raon buntáistí don tír seo lena n-áirítear sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha. Léiríonn an staidéar seo go soiléir an rannchuidiú tábhachtach a dhéanann ár bhforaoisí chun fostaíocht a sholáthar ar fud na tuaithe in Éirinn. Chun an t-adhmad a úsáidimid i dtógáil agus i dtéamh ár dtithe a tháirgeadh teastaíonn go leor ionchur ar feadh an tslabhra foraoise thar thréimhse fhada ama. Áirítear leis seo daoine atá fostaithe inár bplandlanna ag fás na síológ, iad siúd ag bunú agus ag athghiniúint foraoisí, agus na daoine go léir a bhfuil baint acu leis na crainn sin a bhaint. Rud amháin a shoiléiríonn an staidéar seo ná go ngineann adhmad go leor fostaíochta chun foraoisí an lae inniu agus amárach a chruthú agus a athnuachan. Chomh maith leis sin, cuireann na foraoisí seo go mór lenár ngeilleagar, lenár gcomhshaol agus lenár bhfolláine”.
Tógann an staidéar ar obair a rinneadh roimhe seo agus soláthraíonn sé faisnéis dhaingean ar leibhéil fostaíochta agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch thar raon leathan gníomhaíochtaí foraoise. Tá an bhéim ar theacht ar mheastacháin láidre fostaíochta laistigh den earnáil foraoiseachta, bainte agus próiseála adhmad. Déantar fostaíocht dhíreach agus neamhdhíreach a mheas, agus baintear úsáid as sonraí ó shuirbhéanna agus iolraitheoirí chun fostaíocht indíreach a mheas.
Dúirt an Dr Eugene Hendrick, Cathaoirleach Chomhairle COFORD:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'obair agus d'iarracht dheonach gach ball de Ghrúpa Oibre Socheacnamaíoch COFORD faoi chathaoirleacht an Ollaimh Aine Ní Dhubhain, chomh maith le húdair na tuarascála chun sainordú an staidéir seo a chomhlíonadh, rud a thagann go maith le ról COFORD mar sholáthraí faisnéise agus comhairle atá bunaithe ar eolaíocht don Aire agus don Roinn.
Soláthraíonn an staidéar ceannródaíoch seo bealaí nua chun meastacháin fostaíochta d'earnáil foraoise na hÉireann a nuashonrú go tráthúil. Bunaithe ar shonraí gníomhaíochta ar nós leibhéil foraoisithe agus athghiniúna, méideanna buainte agus ionchuir eile, ligfidh sé do lucht déanta beartas agus don earnáil foraoise níos leithne teacht ar mheastacháin fostaíochta a bhfuil bunús maith leo, atá comhsheasmhach agus inchomparáide anois agus amach anseo.