Lá Domhanda na nIthreacha 2022: Deontais luach €1.5M le haghaidh taighde ithreacha fógartha ag an Aire Heydon
- Foilsithe: 5 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 7 Nollaig 2022
Mar chomóradh ar Lá Domhanda na nIthreacha, inniu d'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le freagracht speisialta as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon T.D., maoiniú luach €1.5 milliún do thaighde atá bunaithe ar ithreacha.
Cuirfear an maoiniú seo ar fáil do cheathrar taighdeoirí in eagraíochtaí taighde Éireannacha atá ag obair i gcomhar le comhpháirtithe Eorpacha faoi chlár Ithreacha an Chláir Chomhpháirtigh Eorpaigh (EJP).
Tá scrúdú á dhéanamh ag EJP-Ithreacha ar bhealaí chun feabhas a chur ar an méid atá ithreacha talmhaíochta ag cabhrú le maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus bithéagsúlacht a fheabhsú, trí eolas maidir le sláinte ithreacha agus cleachtais bhainistíochta a chur ar fáil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Heydon le linn dó an maoiniú a fhógairt,
“Is í an ithir bunsraith na talmhaíochta. Tarraingítear aird in Fís don Bhia 2030 ar an tábhacht a bhaineann le hithir i ndáil le haschur talmhaíochta, bia sláintiúil a tháirgeadh, carbón a leithlisiú agus tacú le gnáthóga agus le bithéagsúlacht.
“Beidh an taighde atá á mhaoiniú againn an-ábhartha d'Éirinn, clúdófar réimsí cosúil le leithlisiú carbóin, sláinte na n-ithreacha agus an ról atá ag ithreacha in astaíochtaí gáis cheaptha teasa a mhaolú. Is mian liom tréaslú leis na taighdeoirí atá páirteach as an obair a rinne siad mar chuid de na gairmeacha taighde iomaíocha seo agus as cur le hearnáil agraibhia atá nuálach agus athléimneach.”
Scáthánghrúpa náisiúnta an Mhisin Ithreacha bunaithe:
Chomh maith leis sin, ar Lá Domhanda na nIthreacha d'fhógair na tAire go bhfuil 'Scáthánghrúpa an Mhisin Ithreacha' bunaithe in Éirinn. Beidh sé mar aidhm ag an scáthánghrúpa an oiread tairbhe agus is féidir a bhaint as rannpháirtíocht na hÉireann i Misean Fhís Eorpach ‘Margadh Ithreach don Eoraip’, Misean a bhfuil breis is €142m curtha ar fáil ag an AE lena aghaidh do chlár oibre 2023-2024.
Forbairt na Comhpháirtíochta Taighde agus Forbartha idir SAM agus Éire le taighde ar ithreacha a chur san áireamh:
Chuir an tAire Heydon críoch lena chuid fógraí ar Lá Domhanda na nIthreacha trí chur in iúl go raibh an Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha idir SAM agus Éire á forbairt agus go raibh ‘Sláinte Ithreacha’ le cur san áireamh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Heydon:
“Bhí an-rath ar an gcomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha idir SAM agus Éire go dtí seo. Cinnteoidh an fhorbairt seo go mbeidh deis ag taighdeoirí as ar fud na hÉireann, Tuaisceart Éireann agus na Stáit Aontaithe comhoibriú ar thionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo cur lenár dtuiscint ar na fachtóirí a bhfuil tionchar acu ar, a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn sláinte ithreacha.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir:
“Is é téama Lá Domhanda na nIthreacha i mbliana "Ithreacha: Túsphointe an bhia". Cabhróidh na fógraí atá déanta agam inniu le huaillmhian na hÉireann aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le héiceachórais shláintiúla agus folláine dhaonna trí dhíriú ar an méid atá ag fás faoinár gcosa.”
Nótaí do na hEagarthóirí
Fógra maidir le maoiniú comhpháirteach Eorpach
Seoladh EJP SOIL, atá á mhaoiniú faoi chlár taighde agus nuálaíochta Fhís 2020 an AE, i mí Feabhra 2020. Páirteach ann tá 26 comhpháirtí as 24 tír Eorpach atá páirteach i dtaighde ar ithreacha talmhaíochta san Eoraip. Tá tacaíocht airgeadais á soláthar ag Éirinn do EJP SOIL trí Chlár Taighde DAFM.
Leithdháilfear maoiniú luach €1.5m ar na sé thionscadal taighde a bhfuil taighdeoirí Éireannacha páirteach iontu ar éirigh lena gcuid iarratas i gCéad Ghlao EJP. Cuirfear an maoiniú seo ar fáil do cheithre eagraíocht taighde in Éirinn: Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Teagasc. Comhoibreoidh siad le heagraíochtaí taighde as 12 thír Eorpacha agus as 10 dtír neamh-Eorpacha. Seo a leanas na tionscadail a bhfuil maoiniú á chur ar fáil lena n-aghaidh:
- 1. Éifeachtaí bainistíocht ithreach ar airíonna ábhar orgánach ithreach agus leithlisiú carbóin – SOMPACanna (DAFM - €247,344, Iomlán - €996,000)
- 2. Réitigh shiombóiseacha do thírdhreacha talmhaíochta sláintiúla – SOIL-HEAL (DAFM - €244,936, Iomlán - €1,319,000)
- 3. Forbairt Sícibhitheach chun micribhithóm ithreach a fheabhsú – SoilSynbiotics (DAFM - €246,000, Iomlán - €720,000)
- 4. Fíorleithlisiú SOC: Teacht ar Thuiscint ar Chomhbhabhtálacha agus Idirghníomhaíochtaí Dinimiciúla Idir Stoic SOC agus Astaíochtaí GHG do Bhainistíocht Agrai-ithreach Aeráid-chliste – TRUESOIL (DAFM - €250,000, Iomlán - €2,040,000)
- 5. An éifeacht atá ag idirghabhálacha caomhaontais talmhaíochta ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa – CropGas (DAFM - €124,640, Iomlán - €1,028,000)
- 6. An tionchar atá ag breiseáin fhadtéarmacha fosfair ar leithlisiú Carbóin agus Timthriallú Nítrigine ar ithreacha Talmhaíochta – ICONICA (DAFM - €373,655, Iomlán - €1,364,000)
An Misean Ithreacha
Is é Clár Taighde agus Nuálaíochta Fhís Eorpach 2021-2027 príomhthionscnamh an Aontais Eorpaigh chun taighde a mhaoiniú. Tá cúig mhisean ag an gclár, agus ceann acu is ea ‘Margadh Ithreach don Eoraip’ a bhfuil sé mar aidhm leis ithreacha san Eoraip a chosaint agus a athchóiriú.
Tá an Misean Ithreacha ag tacú leis an aistriú chuig ithreacha sláintiúla trí chlár taighde agus nuálaíochta uaillmhianach a mhaoiniú agus tá béim ar leith á leagan ar an gcomhpháirt a bhaineann le heolaíocht shóisialta. Tá sé mar aidhm ag an Misean Ithreacha líonra de 100 saotharlann bheo agus teach solais a bhunú chun eolas a fhorbairt ar bhonn comhpháirteach, réitigh a thástáil agus an luach a bhaineann leo sa saol dáiríre a léiriú, creat comhchuibhithe a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar ithreacha san Eoraip, agus aird daoine a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le hithreacha.
Ar mhaithe le rannpháirtíocht na hÉireann sa Mhisean Ithreacha a chomhordú, a éascú agus a uasmhéadú, tá ‘Scáthánghrúpa an Mhisin Ithreach’ bunaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Páirteach sa ghrúpa seo beidh raon leathan ionadaithe atá páirteach i dtaighde agus cleachtas ithreacha. Beidh an grúpa á chomhordú agus faoi chathaoirleacht Rannán Taighde DAFM.
Comhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-na hÉireann
Is táirge de chuid Phróiseas Síochána Thuaisceart Éireann é Comhpháirtíocht Forbartha agus Taighde SAM-na hÉireann agus páirteach ann tá rialtais Stáit Aontaithe Mheiriceá, na hÉireann agus Thuaisceart Éireann atá ag obair le chéile chun dlús a chur le cúrsaí eolaíochta trí dheontais a bhronnadh le haghaidh taighde ar bhonn iomaíoch.
Seoladh an Chomhpháirtíocht in 2006 agus go dáta tá maoiniú luach €105.7 milliún bronnta ar 65 tionscadal i 7 réimse tosaíochta faoin gComhpháirtíocht a áirítear ina measc: Cibearshlándáil; Talmhaíocht; Sláinte; Eolaíocht & Innealtóireacht Nanascála; Braiteoirí & Líonraí Braiteoirí; Teileachumarsáid; Fuinneamh & Inbhuanaitheacht.
Lá Domhanda na nIthreacha
Reáchtáiltear Lá Domhanda na nIthreacha gach bliain ar an 5 Nollaig mar bhealach chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le hithir shláintiúil agus tacú le bainistíocht inbhuanaithe acmhainní ithreach. Tá sé mar aidhm le Lá Domhanda na nIthreacha 2022 (#WorldSoilDay) agus an feachtas "Ithreacha: Túsphointe an bhia" aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le héiceachórais shláintiúla agus folláine dhaonna a chothabháil trí dhéileáil leis na dúshláin a bhaineann le bainistíocht ithreacha, cur lenár dtuiscint ar an ithir agus sochaithe a spreagadh chun sláinte ithreacha a fheabhsú.