Lá Domhanda Sábháilteachta Bia 2019 "Sábháilteacht Bia, Cúram do Chách" á cheiliúradh ag an Aire Michael Creed

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Lá Domhanda Sábháilteachta Bia 2019 "Sábháilteacht Bia, Cúram do Chách" á cheiliúradh ag an Aire Michael Creed

Beidh an chéad Lá Domhanda Sábháilteachta Bia riamh, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiúnta Aontaithe i mí na Nollag 2018, ar siúl an Aoine beag seo, an 7 Meitheamh 2019. Is í seo an chéad ócáid maidir le hócáid nua a bheidh ar siúl gach bliain a bhfuil sé i gceist léi feasacht a ardú i ndáil le galair i mbia. Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, fáilte roimh thús a chur le Lá Domhanda Sábháilteachta Bia, faoin téama "Sábháilteacht Bia, Cúram do Chách" agus leag béim ar oiriúnacht an téama.

Dúirt an tAire Creed:

"Is deis é an Lá Domhanda Sábháilteachta Bia chun smaoineamh ar na córais sábháilteachta bia atá i bhfeidhm in Éirinn. Is maith atá a fhios againn gur cuid muid d'iarracht fhoriomlán 'Fhoireann na hÉireann' i dtéarmaí cúram a dhéanamh i ndáil le sábháilteacht agus barántúlacht ár gcuid bianna. Tosaíocht straitéiseach na Roinne is ea sláinte an phobail a chur chun cinn agus a chosaint. Oibríonn mo Roinnse, an Roinn Sláinte, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI), an HSE agus Údaráis Áitiúla go dícheallach chun baol do shábháilteacht bia a smachtú feadh an tslabhra bia, a tharlódh mar thoradh ar neamart díreach nó neamhdhíreach agus freisin trí oibriú i gcomhar a chur chun cinn i measc páirtithe leasmhara."

Maidir le seoladh na Straitéise um Shábháilteacht Bia agus Barántúlacht Bia i mí Iúil 2018, dúirt an tAire:

"Leagtar amach an fhís agus na cuspóirí a bhfuil mo Roinn féin, i gcomhchomhairliúchán lenár gcomhpháirtithe rialála, le tabhairt fúthu sa Straitéis um Shábháilteacht Bia agus Barántúlacht Bia. Léiríonn sin an tiomantas atá againn i leith tomhaltóirí, anseo in Éirinn agus ar fud an domhain, go leanaimid de na córais rialaithe bia atá againn a athbhreithniú agus a fheabhsú, d'fhonn muid féin a ullmhú do na dúshláin a bheidh romhainn amach anseo, agus an slabhra bia agus an tomhaltóir a chosaint."

CRÍOCH

Nótaí d'eagarthóirí:

Bhunaigh Bord Bainistíochta na Roinne an Grúpa Oibre um Shábháilteacht Bia agus Barántúlacht Bia chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le ról thar a bheith tábhachtach na Roinne sábháilteacht bia agus barántúlacht bia a chosaint. Is iad cuspóirí agus gníomhartha molta an Ghrúpa ná a chinntiú go mbeidh creat éifeachtach, éifeachtúil, comhchuibhithe agus comhordaithe ag an Roinn maidir le heagrú gach gníomhaíochta, rialuithe oifigiúla san áireamh, a bhaineann le sábháilteacht agus barántúlacht bia a thacaíonn le cuspóir na Roinne i ndáil le beartais, straitéisí agus oibríochtaí den scoth.

Táthar i mbun oibre i gcónaí an straitéis seo a chur i bhfeidhm agus déanfar dul chun cinn ina leith sin ag Seimineár DAFM i gCorcaigh an 7 Meitheamh agus beidh Seimineár eile ar siúl an tráthnóna sin, an 7 Meitheamh i gCathair Chorcaí.

Tá an Straitéis um Shábháilteacht Bia agus Barántúlacht Bia le fáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat