English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí – 12 Bealtaine 2023 ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon

Chun Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí 2023 a cheiliúradh, d'óstáil Garraithe Náisiúnta na Lus imeacht, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus Coláiste Teagasc le haghaidh Gairneoireacht Taitneamhachta chun aird a tharraingt ar an ról atá ag gach duine againn i dtaca le sláinte plandaí a chosaint ó lotnaidí a thugtar isteach.

Labhair raon leathan saineolaithe ag an imeacht i réimsí amhail scanadh ionchais le haghaidh lotnaidí agus galair fhéideartha do shláinte plandaí, ról na saoránach sa chlár faireacháin sláinte plandaí náisiúnta agus san obair a dhéantar ag pointí rialaithe teorann maidir le lotnaidí plandaí a aimsiú.

Agus í ag labhairt ag an imeacht, dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit le haghaidh Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht ar leith as gairneoireacht ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara:

“Tá sé ríthábhachtach go gcabhraímid ar fad stádas sláinte plandaí fabhrach na hÉireann á chothabháil againn trí aird a dhíriú ar an tionchar sóisialta, comhshaoil, agus geilleagrach a bhaineann le hábhar plandaí ionfhabhtaithe nó lotnaidí agus galair choraintín a thabhairt isteach go hÉirinn.”

Chuir an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O'Donovan, T.D. fáilte roimh an imeacht:

“Tá áthas orainn an Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí a óstáil anseo ag Garraithe Náisiúnta na Lus, atá á mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá malartú rialta plandaí le gairdíní lusanna ar fud an domhain ina dhlúthchuid de níos mó ná 17,000 planda a bhainistiú ag Garraithe Náisiúnta na Lus. Chun cabhrú le tabhairt isteach lotnaidí plandaí a sheachaint, cuireann Garraithe Náisiúnta na Lus malartú eiticiúil sábháilte plandaí chun cinn trínár gcomhlíonadh le beartais agus dea-chleachtas idirnáisiúnta.’’

Tá Pleananna Teagmhais le haghaidh Lotnaidí Tosaíochta, atá faoi chomhairliúchán poiblí faoi láthair, dréachtaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is é cuspóir na bpleananna sin ná nósanna imeachta a leanfar agus na bearta a ghlacfar i gcás ráig lotnaidí rialaithe, a bhféadfadh impleachtaí suntasacha geilleagrach, comhshaoil agus sóisialta a bheith ina dtoradh orthu, a leagan amach. Tá sé mar aidhm ag na pleananna teagmhais a chinntiú go n-íoslaghdófaí tionchair aimsithe nó ráige, agus go gcuirfí díothú agus bearta rialaithe i bhfeidhm ar bhealach tráthúil éifeachtach.

Iarrann Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí 2023 ar gach duine feasacht a mhéadú agus gníomhú ar son shláinte ár bplandaí agus cabhrú lenár dtimpeallacht agus bithéagsúlacht a chosaint.

Fotheideal an Ghrianghraif: Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit le haghaidh Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht ar leith as gairneoireacht agus an Dr. Darach Lupton, Coimeádaí, Garraithe Náisiúnta na Lus


NÓTAÍ do na hEagarthóirí:

Leathanach Comhairliúcháin na bPleananna Comhairleachta - Item was unpublished or removed

D'ainmnigh na Náisiúin Aontaithe an 12 Bealtaine mar Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí bliantúil chun feasacht dhomhanda a mhéadú faoi conas is féidir le sláinte plandaí deireadh a chur le hocras, bochtaineacht a laghdú, bithéagsúlacht agus an comhshaol a chosaint agus borradh a chur faoi fhorbairt an gheilleagair.

International Day of Plant Health, 12 May - Food and Agriculture Organization of the United Nations (fao.org).

Ceapadh Diarmuid Gavin mar Ambasadóir Dea-Thola FAO na hÉireann i mí Bealtaine 2022. Mar Ambasadóir Dea-Thola, cabhraíonn Diarmuid le FAO sláinte plandaí a chur chun cinn agus an tábhacht a bhaineann le húsáid inbhuanaithe na gcóras talún a chur chun cinn agus troid i gcoinne an athraithe aeráide trí chleachtais níos éifeachtúla, níos cuimsithí, níos láidre, agus níos inbhuanaithe a úsáid ar féidir leo tosú i ngairdíní nó boscaí fuinneoige daoine.