Litreacha ceadaithe do Ghníomhaartha Tírdhreacha á n-eisiúint chuig feirmeoirí an Tionscadail Chomhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid
- Foilsithe: 28 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 3 Feabhra 2026
Cuirfidh feirmeoirí tús le hobair ar ghníomhartha mórscála ceadaithe chun tairbhe a thabhairt do cheantair atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de
Cuirfidh feirmeoirí i bpríomhscéim agra-chomhshaoil na hÉireann tús go luath le hobair ar ghníomhartha mórscála chun an tírdhreach a fheabhsú i roinnt de na ceantair is íogaire ó thaobh an chomhshaoil de in Éirinn. Leanann sé seo fógra an lae inniu ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, go bhfuil tús curtha le heisiúint litreacha cinnidh maidir le Gníomhartha Tírdhreacha faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid.
Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire:
“Is gníomhaíochtaí comhshaoil tábhachtacha comhlántacha iad Gníomhaíochtaí Tírdhreacha atá ar fáil faoin gcur chuige comhoibrithe faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid, agus tá siad ceaptha chun dul i ngleic, i measc nithe eile, le bainistiú speiceas ionrach agus le bainistiú scrobarnach atá ag dul chun cinn i bhféarthailte saibhir i speicis, chomh maith le cosaint speiceas atá faoi bhagairt agus cáilíocht uisce. Cabhraíonn na gníomhartha seo le rannpháirtithe cáilíocht gnáthóige a gcuid talún a fheabhsú, rud a d’fhéadfadh scór na talún sin a mhéadú dá réir agus íocaíocht níos airde a bheith mar thoradh air.
Lean an tAire Heydon ar aghaidh:
“Bhí misneach ionam mar gheall ar an leibhéal freagartha don chéad fhuinneog iarratais do Ghníomhartha Tírdhreacha, a bhí oscailte ó lár mhí Iúil 2025 go deireadh mhí Mheán Fómhair 2025, agus tá áthas orm go mbeidh feirmeoirí ar ceadaíodh a n-iarratais ar Ghníomhartha Tírdhreacha anois in ann tosú ar na gníomhartha sin a chur i bhfeidhm. Chabhraigh rannpháirtíocht dhíreach fhoirne an Tionscadail Chomhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid leis na rannpháirtithe sa scéim sna hocht limistéar comhoibrithe den Scéim chun tuiscint níos fearr a fháil ar an dóigh ar féidir leis na Gníomhaíochtaí Tírdhreacha seo cabhrú leo, ina n-aonar agus i dteannta a chéile.
Ag tagairt dá n-uaillmhian comhshaoil, dúirt an tAire Heydon:
“Ós rud é go ndéanfar Gníomhartha Tírdhreacha i roinnt de na ceantair is íogaire ó thaobh an chomhshaoil de sa tír, rinneadh próiseas fairsing scagtha comhshaoil tar éis dháta deiridh na n-iarratas. Is féidir le feirmeoirí anois tosú ar na hidirghabhálacha ceadaithe tábhachtacha seo a chur i bhfeidhm, a mbeidh tionchair dhearfacha shuntasacha acu ar an gcomhshaol.”
Ag cur an fhógra i gcrích, dúirt an tAire:
“Beidh litreacha cinnidh ar fáil i gcuntais MyAgFood na bhfeirmeoirí ar an gcéad dul síos, agus seolfar litir tríd an bpost go gairid ina dhiaidh sin. Gheobhaidh rannpháirtithe achoimre ar cheadú Gníomhartha Tírdhreacha ón Roinn sna laethanta amach romhainn freisin, chomh maith le Plean Suíomhshonrach do Ghníomhartha Tírdhreacha ó Fhoireann an Tionscadail Chomhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid. Beidh an fhaisnéis uile is gá ar fáil do na rannpháirtithe lena gcur ar a gcumas tosú ar na gníomhartha a chur i bhfeidhm de réir mar a cheadaítear iad.”
Notes for Editors
- Is í an Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid an beart aeráide agra-chomhshaoil faoi Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) na hÉireann don tréimhse 2023–2027.
- Tá an Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid comhchistithe ag an Státchiste Náisiúnta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe de chuid an Aontais Eorpaigh, faoi Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) na hÉireann don tréimhse 2023–2027.
- Tá dhá chur chuige lesi an Scéim:
- An Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta mar a shainmhínítear le haghaidh an chur chuige comhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid thíos), lena gcuirtear raon beart ar fáil, idir bhearta ar oideas agus bhearta bunaithe ar thorthaí; agus
- An cur chuige comhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid, atá ar fáil d’fheirmeoirí i limistéir gheografacha ardtosaíochta shainithe. Taispeánann léarscáil in Iarscríbhinn 1 de Théarmaí agus Coinníollacha na Scéime um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid don dá thráinse na hocht gcrios comhair, agus tá Foireann Tionscadail Comhair i bhfeidhm i ngach crios chun cabhrú leis na rannpháirtithe. Is féidir le rannpháirtithe sa chur chuige comhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid iarratas a dhéanamh ar ghníomhartha comhshaoil comhlántacha i bhfoirm Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla agus Gníomhartha Tírdhreacha.
- Gníomhartha Tírdhreacha faoin gcur chuige comhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid
- Is bearta spriocdhírithe iad Gníomhartha Tírdhreacha a dhíríonn ar cheisteanna amhail bainistiú speiceas ionrach, scrobarnach atá ag dul chun cinn, speicis atá faoi bhagairt agus cosaint cháilíochta an uisce, agus buntáistí á soláthar dá réir don chomhshaol áitiúil.
- Tá na Gníomhartha Tírdhreacha seo ceaptha chun dul i ngleic le saincheisteanna comhshaoil a sainaithníodh sna cártaí scór d’íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí agus a bhfuil tionchar acu ar an scór a bhaintear amach.
- Ba cheart go bhfeabhsódh cur i bhfeidhm spriocdhírithe na ngníomhartha seo an scór bunaithe ar thorthaí a bhaintear amach ar an bpáirc nó ar an gcomhchoiteann sin sna blianta amach romhainn, rud a fhágfaidh go mbeidh íocaíocht níos airde ann.
- Tá liosta de na Gníomhartha Tírdhreacha le fáil sa doiciméad Sonraíochtaí Tírdhreacha ar shuíomh gréasáin na Roinne, agus cuirtear nasc chuige sin ar fáil thíos.
- Tréimhse iarratais
- Bhí an chéad tréimhse iarratais do Ghníomhartha Tírdhreacha ar siúl ón 18 Iúil 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025.
- Táthar ag súil go n-osclófar an dara tréimhse iarratais sa chéad ráithe de 2026.
- An Próiseas Iarratais
- Is féidir le rannpháirtithe sa chur chuige comhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid iarratas a dhéanamh ar Ghníomhartha Tírdhreacha trí Fhoireann an Tionscadail Chomhair.
- Féadfaidh Foireann an Tionscadail Chomhair Plean Oibre Bliantúil do Ghníomhartha Tírdhreacha a ullmhú agus a chur isteach don rannpháirtí sa chur chuige comhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid trí chóras mapála Bainistíochta Talún Ginearálta atá á chothabháil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
- Déantar na Gníomhartha Tírdhreacha atá beartaithe a scagadh ansin ag Foireann an Tionscadail Chomhair sula bhféadfaidh an Roinn litir cinnidh a eisiúint. Tagann údarú na ngníomhartha ceadaithe i bhfeidhm ó dháta eisiúna na litreach ceadaithe don Phlean Oibre Bliantúil do Ghníomhartha Tírdhreacha.
- Níor cheart aon ghníomhartha a dhéanamh go dtí go bhfaightear litir cinnidh na Roinne. Ní mór na gníomhartha ceadaithe a chur i bhfeidhm ansin de réir Shonraíocht Ghníomhartha Tírdhreacha faoin gcur chuige comhair faoin Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráid, mar a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Roinne i mí Eanáir 2026