Leagann an tAire McConalogue an bhéim ar Chórais Bhia Inbhuanaithe Éireann (SFSI), tionscnamh chun an saineolas Éireannach san earnáil agraibhia a roinnt go hidirnáisiúnta
- Foilsithe: 31 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is tionscnamh é Córais Bhia Inbhuanaithe Éireann (SFSI) a sholáthraíonn saineolas de chuid Rialtais na hÉireann i gcórais agraibhia do chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun na córais atá acu maidir le slándáil bhia, inbhuanaitheacht, táirgiúlacht, agus sábháilteacht a neartú, ar bhonn tráchtála.
Agus é a fáiltiú inné roimh chinneadh an Rialtais SFSI a bhunú ar bhonn buan, dúirt an tAire McConalogue, T.D., AireTalmhaíochta, Bia agus Mara,
“Is féidir linn bheith bródúil as an dul chun cinn atá déanta ag an earnáil agraibhia Éireannach le roinnt mhaith blianta anuas, earnáil atá anois ina soláthraí de bhia den scoth, a bhuil cáil láidir uirthi i dtéarmaí sábháilteachta bia, nuálaíochta agus teicneolaíochta agraibhia. Soláthraíonn SFSI branda trína roinnfear ár saineolas i Rialtas na hÉireann maidir le córais bhia, le tíortha comhpháirtithe go hidirnáisiúnta, ar bhonn tráchtála. Tá luach breise i gceist d’Éirinn maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn SFSI, mar is féidir le caidrimh feabhsaithe an doras a oscailt ar dheiseanna trádála nua, cuirtear lenár gcáil, agus tá ról le himirt ag ár ngníomhaireachtaí agraibhia i ngníomhaíochtaí comhoibrithe, forbartha na hÉireann.”
Is tionscnamh comhoibríoch é SFSI idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Fiontraíocht Éireann, Teagasc, Bord Bia agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Cuireann SFSI seirbhísí comhairliúcháin agus oiliúna ar fáil, ar bhonn tráchtála, do chliaint ar fud an domhain – do chomhpháirtithe rialtais, do réigiúin agus d’earnálacha. Bunaíodh SFSI ar bhonn píolótach sa bhliain 2004. Tá sé beartaithe ag an Rialtas anois leanúint leis an tionscnamh ar bhonn buan, agus beidh foireann feidhmiúcháin SFSI bunaithe laistigh den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Oibreoidh an fhoireann seo go dlúth leis na gníomhaireachtaí cistithe eile, chun tionscadail a chur i bhfeidhm i réimsí ar nós sábháilteacht bia, forbairt san earnáil déirí, córais bhia, cosc ar ghalar in ainmhithe, nuálaíocht agraibhia agus aistriú eolais.
Tá tuilleadh eolais ar an straitéis SFSI le fáil anseo
DEIREADH