Leagann Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht béim ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht iomlán comhionann san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic
- Foilsithe: 11 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thapaigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon, TD, an deis ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le rochtain agus rannpháirtíocht iomlán agus chomhionann na mban agus na gcailíní san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM). Dúirt an tAire Heydon
“Cuirim fáilte mhór roimh fócas Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht inniu ar an téama Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú: tarraingíonn uisce le chéile muid’ agus an Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 (Uisce Glan agus Sláintíocht) a bhaineann leis. Tá sé ríthábhachtach rannpháirtíocht na mban a chinntiú ar fud gach gné den tsochaí chun sochaí dhaonlathach a bheidh fíor-chomhionann, a fheidhmíonn go maith a chinntiú’’.
Maidir le rannpháirtíocht na mban san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht, dúirt an tAire Heydon
“I mí na Nollag, d’fhógair mo Roinn torthaí ón Glao Taighde iomaíoch is déanaí inar bronnadh maoiniú iomlán de €20.1 milliún ar 24 tionscadal. Is mná iad deich gcinn de na comhordaitheoirí rathúla, agus comhoibríonn 36 ban eile ar fud 19 n-eagraíocht a dhéanann taighde in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Téann na mná seo i gcomhar le 13 cinn eile a stiúraigh tionscadail a maoiníodh trí chláir iomaíocha taighde mo Roinne in 2019 agus 12 in 2017. Tá áthas orm an ionadaíocht láidir seo a fheiceáil ar chomhordú baineannach ar thionscadail taighde atá maoinithe ag mo Roinn’’.
Sampla de na ceannairí tionscadail seo is ea an Dr. Eibhlís O’Connor, atá ina Príomh-Imscrúdaitheoir, Léachtóir agus Stiúrthóir Cúrsa ar an BSc. Clár Bia-Eolaíochta agus Sláinte i Roinn na nEolaíochtaí Bitheolaíochta, Ollscoil Luimnigh. Agus í ag labhairt faoi ról na mban san eolaíocht, creideann an Dr. O’Conor go bhfuil
‘léiriú ban san eolaíocht ríthábhachtach; go deimhin, tá ceannairí ban san eolaíocht ag teacht chun cinn anois, rud atá tábhachtach ní hamháin don eolaíocht mar dhisciplín, ach freisin chun glúnta cailíní óga a spreagadh le gairm san eolaíocht a leanúint”. Dúirt sí freisin go bhfuil sé ríthábhachtach go gcothóimid suim na mban in oideachas STEM ó chéim luath chun spéis a spreagadh i dtóir na heolaíochta ag an tríú leibhéal, agus chun mná a spreagadh tuilleadh chun gairm bheatha acadúil agus taighde a dhéanamh. Cabhróidh sé seo leis an mbearna sa chomhionannas inscne a líonadh agus áiritheoidh sé go n-aithneofar mná i gcónaí as taighde eolaíoch ríthábhachtach a dhéanamh agus a chur chun cinn. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh mná sofheicthe san eolaíocht chun an tsuim seo a chothú sna glúnta níos óige agus go bhfeidhmíonn mná san eolaíocht mar mheantóirí chun iad a spreagadh agus a threorú ar an gcosán chuig rath eolaíoch’’.
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
Is Saineolaí Cothúcháin Daonna Cláraithe, Príomh-Imscrúdaitheoir, Léachtóir agus Stiúrthóir Cúrsa ar an BSc í an Dr Eibhlís O’Connor clár Eolaíochta Bia agus Sláinte i Roinn na nEolaíochtaí Bitheolaíochta, Ollscoil Luimnigh. Tá BSc agus PhD aici sna hEolaíochtaí Cothaithe ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC).
Is í Comhordaitheoir an tionscadail agus Príomh-Imscrúdaitheoir ar thionscadal arna mhaoiniú ag an DAFM dar teideal ‘‘Saintréithe a thabhairt d’éifeacht Snáithíní Cothaitheacha ar an Pútóg Micribhithóta agus Sláinte Meitibileach i ndaoine aonair ‘i mbaol’: Deiseanna d’Fhorbairt Táirgí Nua Bia – FIBREMET’’
https://www.ul.ie/scieng/dr-eibhlis-oconnor
Tá sonraí iomlána faoi Chlár Maoinithe Taighde Iomaíoch an DAFM agus faoi na dámhachtainí leagtha amach i
https://www.gov.ie/en/publication/bde7d-research/
Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht
https://www.un.org/en/observances/women-and-girls-in-science-day