English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leanfar le Tacaíochtaí ón DAFM Chun BVD a Dhíothú - Creed

Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D inniu go mbeifear ag leanúint le tacaíochtaí óna Roinn chun laonna PI (ionfhabhtaithe go síoraí) a bhaint go luath faoin gClár náisiúnta Díothaithe um Ghalar Víreasach Buaibheach (BVD).

Chuir an tAire Creed in iúl go raibh sé sásta leis an dul chun cinn leanúnach atáthar a dhéanamh chun BVD a dhíothú. Thug an tAire ar aird go raibh sábháil shuntasach á déanamh ag feirmeoirí, agus líon PIanna ag laghdú ó 0.66% in 2013 - an chéad bhliain den chéim éigeantach ar an gClár Díothaithe - go 0.04% in 2019.

Dúirt sé "bhí na tacaíochtaí ó DAFM ag cuidiú leis an iarracht díothaithe agus cuirfidh an leasú atá beartaithe tuilleadh fós leis na rialacháin atá ann faoi láthair agus a bheidh á gcur i bhfeidhm go luath in 2020 trína mbeidh ceanglas dlí ann anois stádas BVD a bheith ag gach ainmhí a rugadh ar nó roimh an 1 Eanáir 2013."

Is iad seo a leanas na tacaíochtaí a bheidh ar fáil in 2020 maidir le laonna PI a bhaint go luath:

Tréada Déiríochta

  • €160 má bhaintear na laonna baineanna déiríochta agus laonna baineanna déiríochta crosálaigh laistigh de 10 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte
  • €30 má bhaintear na laonna baineanna déiríochta agus laonna baineanna déiríochta crosálaigh idir 11 agus 21 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte
  • €30 i dtreo na laonna fireanna déiríochta a dhiúscairt i seamlas nó a thabhairt chuig an gcniogaire laistigh de 14 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte

Tréada Mairteola

  • €220 má bhaintear an lao laistigh de 10 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte
  • €30 má bhaintear an lao idir 11 agus 21 lá ón gcéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte

Ní bheifear i dteideal cúitimh d'aon ainmhí níos sine a rugadh roimh an 1 Eanáir 2013.

Srian ar Thréada

Leanfar leis an gcóras srianta ar thréada agus fógra a thabhairt do chomharsana in 2020. Cuirfear na srianta i bhfeidhm ag 3 seachtaine ó dháta an chéad tástáil dhearfach nó neamhchinnte sa chás nár taifeadadh dáta báis ar AIM faoin am sin.

Tástáil deimhniúcháin

Déanfar tástáil deimhniúcháin sna líon beag cásanna a iarrtar é trí samplaí fola a ghlacadh, cosúil leis na socruithe a bhí ann i mblianta roimhe seo. Faoin socrú seo leanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag maoiniú do Thréidlia Phríobháidigh (PVP) samplaí fola a bhailiú, agus don tástáil ina dhiaidh sin agus nuair a thógtar sampla ag an am céanna, na máithreacha a thástáil chomh maith.

Dheimhnigh an tAire chomh maith go leanfar ar aghaidh leis an gcóras imscrúdúcháin thréada éigeantach nuair atá PI tugtha le fios (TASAH). Chuaigh an socrú seo, arna maoiniú ag an RDP 2014-2020, an chun tairbhe feirmeoirí maidir le cuidiú a thabhairt dóibh an galar a dhíothú. Mar chuid den socrú seo, cuirfear leis an leibhéal tástála laistigh de na tréada seo amach sa bhliain 2020.

Dúirt an tAire go bhfuil an Grúpa Forfheidhmithe fós ag déanamh meastóireacht ar na beartais atá de dhíth chun an Clár Díothaithe a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir.

Caithfear teacht i bhfeidhm Reachtaíocht um Shláinte Ainmhithe go luath sa bhliain 2021 a thabhairt san áireamh le linn 2020 agus na hathruithe a bheidh de dhíth d'fhonn aitheantas oifigiúil don chlár ag leibhéal an AE a bhaint amach.

Mar fhocal scoir, ghlac an tAire an deis buíochas a ghlacadh le Sláinte Ainmhithe na hÉireann agus le Grúpa Forfheidhmithe an tionscail i leith BVD as an obair luachmhar a rinneadar i rith 2019.

CRÍOCH