Maoiniú do Thionscadail chun Dramhaíl Bia a Laghdú Fógartha ag an Aire Creed

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú do Thionscadail chun Dramhaíl Bia a Laghdú Fógartha ag an Aire Creed

Tá na tionscadail a gheobhaidh maoiniú óna Roinn faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe i mbliana fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D, do thionscnaimh atá dírithe ar an dramhaíl bia a ghineann gnóthaí bia, miondíoltóirí agus mórdhíoltóirí bia nó soláthraithe bia i gceantair thuaithe a laghdú.

Le linn don Aire Creed na tionscadail ar éirigh leo a fhógairt agus a bhfuil maoiniú €350,000 luaite leo, dúirt sé “Gintear níos mó ná milliún tonna dramhaíola in Éirinn gach bliain. Ta gealltanas tugtha againn maidir leis an méid bia a chuirimid amú a laghdú de réir Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (12.3) ina n-éilítear ar gach náisiún dramhaíl bia a laghdú faoina leath agus caillteanas bia a laghdú faoi 2030. Cuidíonn na tionscadail chun tabhairt faoin sprioc seo agus ní mór dúinn leanúint de thionscnaimh a fhorbairt chun cuidiú le dul i ngleic leis an bhfadhb seo.”

“Tá na tionscadail Dramhaíl Bia a Laghdú á maoiniú ag Ciste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe mo Roinne agus mar sin cuideofar le dul i ngleic le cuspóir ginearálta an chiste chun geilleagar na tuaithe a neartú arís trí phoist nuálacha a chruthú agus forbairt fiontair inbhuanaithe a spreagadh”.

Nótaí don Eagarthóir

Tá maoiniú á chur ar fáil do na tionscadail seo a leanas:

DRAMHAÍL BIA A LAGHDÚ

  • an tIonad Teicneolaíochta Glan, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí (CTC-CIT) – chun an Clár chun Dramhaíl Bia a Laghdú, Savour Food, a leathadh agus a fhorbairt. (€99,900)
  • Food Cloud – sraith imeachtaí a chruthú i gcomhar leis na féilte bia is mó in Éirinn chun béim a leagan ar an bhfadhb a bhaineann le dramhaíl bia ón bhfeirm go dtí an bord (€100,000)
  • ProfitWatch – Food Waste Aware – teagmháil a dhéanamh le gnóthaí bia ar fud na hÉireann chun córas a úsáid chun dramhaíl bia ar an láthair a laghdú a spreagadh d'fhonn dramhaíl a laghdú agus dá bharr sinn, tionchar dearfach a imirt ar an ngnó ó thaobh airgid agus cultúir de (€99,720)

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat