McConalogue ag fógairt dul chun cinn ar rochtain ar mhargadh mairteola na hAraibe Sádaí
- Foilsithe: 17 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá dul chun cinn fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD maidir le rochtain ar an margadh san Araib Shádach do mhairteoil na hÉireann a leathnú.
Bhuail an tAire McConalogue le ceannaireacht Údarás Bia agus Drugaí na hAraibe Sádaí (SFDA) i Riyadh Dé Céadaoin, áit ar thángthas ar chomhaontú i bprionsabal deireadh a chur leis an srian reatha faoina gcaithfidh onnmhairí mairteola na hÉireann go Ríocht na hAraibe Sádaí teacht ó eallach a maraíodh faoi bhun 30 mí d’aois. Déanfar tuilleadh teagmhála theicniúil anois chun na foirmiúlachtaí riachtanacha a thabhairt chun críche chun an rochtain leathnaithe a dhearbhú. Dhaingnigh an tAire McConalogue gealltanas an SFDA freisin maidir le tuilleadh rannpháirtíochta teicniúil maidir le rochtain caoireola, agus d’ardaigh sé an fhéidearthacht go mbeadh rochtain ar fheoil éanlaithe clóis sa todhchaí.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe le Príomhfheidhmeannach an SFDA, an Dr Hisham bin Saad Aljadhey, chuir an tAire McConalogue fáilte roimh an bhforbairt.
“Tar éis cruinniú cuiditheach leis an SFDA, tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil deireadh curtha anois leis an gceanglas maidir le mairteoil uile a onnmhairítear go dtí an Araib Shádach a bheith ó ainmhithe faoi bhun 30 mí. Cé go bhfuil na malartuithe foirmiúla riachtanacha fós le cur i gcrích, is dea-scéal é agus tagann sé tar éis do mo Roinn teagmháil mhionsonraithe a dhéanamh le húdaráis inniúla na hAraibe, le tacaíocht ó Ambasáid na hÉireann in Riyadh agus ón attaché talmhaíochta do réigiún na Murascaille.'
"B’ionann onnmhairí bia na hÉireann chuig Ríocht na hAraibe Sádaí agus beagnach €100 milliún anuraidh, agus táirgí déiríochta ba mhó a bhí i gceist leo. Mar sin féin, feicim an margadh mar mhargadh a bhfuil acmhainneacht fáis ann, go háirithe do mhairteoil na hÉireann. Bhuail mé le custaiméirí miondíola agus seirbhísí bia an tseachtain seo i Riyadh agus léirigh gach duine fonn láidir níos mó táirgí Éireannacha a cheannach san am atá romhainn. Tá thart ar 70% de dhaonra na hAraibe Sádaí faoi 30 bliain d’aois agus tá éileamh ar cháilíocht, agus spéis mhéadaithe sa nasc idir sláinte agus bia maith cothaitheach.
"Is ionann mairteoil na hÉireann agus cáilíocht, inbhuanaitheacht agus sábháilteacht i Réigiún na Murascaille, agus táim muiníneach go mbeidh an doras oscailte go luath do raon níos leithne rochtain mairteola na hÉireann ar mhargadh na hAraibe Sádaí."
'Bhí ár straitéis Fís don Bhia 2030, agus a cur chuige comhtháite, córais bia, ina ábhar mór spéise i ngníomhaíochtaí Rialtais agus gnó an tseachtain seo; chomh maith le ról Chórais Bia Inbhuanaithe Éireann (SFSI) maidir le saineolas agraibhia na hÉireann a roinnt le comhpháirtithe idirnáisiúnta.
D’fháiltigh Ailish Forde, Stiúrthóir Gnó Domhanda ag Bord Bia, roimh rath rannpháirtíocht na hAraibe Sádaí:
"Léiríonn an Araib Shádach deis suntasach d’earnáil bia na hÉireann. Tá na torthaí ó rannpháirtíocht na nAirí an tseachtain seo thar a bheith dearfach, rud a thugann deiseanna breise dúinn do mhargadh le 35 milliún tomhaltóir. Léiríonn taighde Bhord Bia a mhéid a bhfuil suim ag na tomhaltóirí seo i mbia ardchaighdeáin, nádúrtha agus a tháirgtear go hinbhuanaithe. Táimid ag tnúth le dul i dteagmháil le príomhchustaiméirí agus páirtithe leasmhara sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”
Bhuail an tAire McConalogue le miondíoltóirí déiríochta domhanda Almarai chomh maith leis an miondíoltóir Tamimi i Réigiún na Murascaille.
Tá fréamhacha Éireannacha ag Almarai a théann siar go dtí a bhunaithe. Tá os cionn 60% de mhargadh baile na hAraibe Sádaí de tháirgí déiríochta úra aige agus úsáideann sé comhábhair ó chuideachtaí déiríochta agus bia na hÉireann.
Tá os cionn 80 siopa ag Tamimi ar fud na hAraibe Sádaí agus glactar leis mar cheann de na príomh-mhiondíoltóirí sa réigiún. Tá táirgí déiríochta na hÉireann á stocáil aige cheana féin agus é ag iarraidh cur leis seo.
Inniu (Déardaoin) glacfaidh an tAire McConalogue páirt in imeachtaí an chéad lá den tseachtain ‘Bia, Talmhaíocht agus Slite Beatha’ ag EXPO 2020 Dubai. Beidh Pailliún na hÉireann ag EXPO ina óstach ar phlé painéil ar inbhuanaitheacht agus sábháilteacht ár gcóras bia, ag tabhairt fócas láidir na hÉireann ar na hábhair seo os comhair lucht féachana domhanda.
Labhróidh an tAire McConalogue freisin ag imeacht Líonra Gnó na hÉireann in Dubai, agus rachaidh sé i dteagmháil le Bord Bia chun cruinnithe a éascú idir gnólachtaí bia na hÉireann agus custaiméirí féideartha.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Ba mhór an phribhléid é mo chéad mhisean trádála pearsanta chuig Réigiún na Murascaille a threorú, agus a fheiceáil dom féin cé chomh mór is atá bia na hÉireann sa mhargadh spreagúil seo, agus go háirithe an chaoi a bhfuil baint ag scéal na feirmeoireachta teaghlaigh in Éirinn le daoine i ngach áit. Bhí cur chuige Fhoireann Éireann ó gach a raibh baint aige leis, lena n-áirítear mo Roinn, Bord Bia, Fiontraíocht Éireann, SFSI, agus cuideachtaí bia Origin Green rannpháirteach, idir bheag agus mhór, thar a bheith suntasach.
Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an Ambasadóir Aidan Cronin in Abu Dhabi, le Coimisinéir Expo na hÉireann Pat Hennessy, leis an Ambasadóir Gerard McCoy i Riyadh, le bainisteoir réigiúnach Bhord Bia Kieran Fitzgerald i Dubai, agus le gach duine ar a bhfoirne, agus le m’fhoireann féin sa Roinn, as an iarracht ollmhór a rinneadh ar na hullmhúcháin chun an misean trádála seo a bhaint amach."
CRÍOCH