Meabhrúchán faoi Chlárú do Mháistrí Iascaigh na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Meabhrúchán faoi Chlárú do Mháistrí Iascaigh na hÉireann

Scríobh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le déanaí chuig gach sealbhóir ceadúnais um bhád iascaigh mara in Éirinn chun a gcur ar an eolas faoin dualgas dlíthiúil atá ar mháistrí na mbád sin clárú go foirmiúil ar Chlár Máistrí Iascaigh na hÉireann (CMIÉ). Tagann a leithéid as an Acht Iascaigh Mhara (Forálacha Ilghnéitheacha), 2022 a tháinig i bhfeidhm ar an 3 Bealtaine 2022.

Tá feidhm ag an riachtanas um chlárú maidir le haon náisiúnach Éireannach nó le haon saoránach d'Éirinn arb é an máistir, an scipéir nó éinine eile atá i gceannas ar bhád iascaigh mara Éireannach faoi láthair. Eiseofar gach Máistir cláraithe le Teastas um Chlárúchán Máistir nach mór á iompar ar bord i gcónaí agus é ag gníomhú mar mháistir ar bhád iascaigh mara. Is cion é d’éinne dul i bhfeighil go dleathach ar bhád iascaigh mara muna bhfuil sé cláraithe ar an CMIÉ agus muna bhfuil a Theastas um Chlárúchán Máistir ina sheilbh aige. Is cion é aon saoránach Éireannach a fhostú go feasach mar mháistir nach bhfuil cláraithe amhlaidh ar an CMIÉ.

Tugtar cuireadh d’éinne nach bhfuil cláraithe fós a leithéid a dhéanamh.

Tá na foirmeacha iarratais ar fáil in oifigí an Mháistir Cuain ag na sé Ionad Cuain Iascaigh atá faoi úinéireacht an Stáit, atá lonnaithe i mBaile Chaisleáin Bhéarra, sa Daingean, i nDún Mór, i mBinn Éadair, i Ros an Mhíl agus sna Cealla Beaga nó ar líne ag: Irish Fishing Master Register

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat