MEABHRÚCHÁN: Ní mór d’fheirmeoirí maolaithe cuntais leasacháin 2021 a ullmhú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

MEABHRÚCHÁN: Ní mór d’fheirmeoirí maolaithe cuntais leasacháin 2021 a ullmhú

Meabhraítear d’fheirmeoirí a rinne iarratas ar Mhaolú Níotráití in 2021 go gcaithfidh siad Cuntais leasacháin 2021 a ullmhú. Tá an fhoirm ábhartha ar fáil anois ar líne ag an nasc seo a leanas:https://www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/

Is é an 14 Aibreán 2022 an dáta deiridh chun na cuntais leasacháin a chur isteach. Molann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara d’iarratasóirí ar Mhaolú 2021 dul i dteagmháil lena gcomhairleoir talmhaíochta a luaithe is féidir maidir le hullmhú na gCuntas Leasacháin seo.

Tá Clár Gníomhaíochta Níotráití nua molta na hÉireann á athbhreithniú faoi láthair ag an gCoimisiún Eorpach agus níl sé tugtha chun críche fós. Táthar ag súil le cinneadh ón gCoimisiún Eorpach ar Chlár Gníomhaíochta Níotráití na hÉireann i lár mhí an Mhárta.

Agus é seo á chur san áireamh, tá sé deimhnithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi réir ag an gClár Gníomhaíochta Níotráití nua a bheith ceadaithe, go n-osclófar Maolú Níotráití 2022 le haghaidh iarratas i lár mhí an Mhárta agus go leathnófar an gnáthdháta deiridh go dtí an 14 Aibreán 2022. Beifear in ann Cuntais Leasacháin Críochnaithe do 2021 a chur isteach ar líne a luaithe a osclaítear an córas sin.

Tá ráitis deireadh na bliana Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N&P) le haghaidh Eanáir go Nollaig 2021 (eallach amháin) ar fáil anois freisin le feiceái ar chóras ar líne na Roinne, https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login . Níl roinnt doiciméad a cuireadh faoi bhráid na Roinne tar éis an 31 Nollaig 2021 san áireamh go fóill; déanfar é seo a phróiseáil in am trátha.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe cheana féin le haghaidh agfood.ie é sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/en/service/department-of-agriculture-and-foods-online-services/

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat