Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Meabhraíonn an tAire McConalogue d’fheirmeoirí an 16 Bealtaine an spriocdháta d’iarratais BPS

Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, d'fheirmeoirí gurb é an spriocdháta chun a n-iarratais ar Scéim na hÍocaíochta Bunasaí (BPS) 2022 a chur isteach ar líne ná meán oíche Dé Luain an 16 Bealtaine. Is é seo an spriocdháta chomh maith chun iarratais ghaolmhara a chur isteach don méid seo a leanas

  • Aistriú Teidlíochtaí
  • Feirmeoirí Óga/Cúlchiste Náisiúnta
  • Beart Ionchorpraithe Tuí (SIM)
  • Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC), agus
  • An Scéim Cúnaimh Próitéine.

Cinnfidh na barra a dhearbhaítear ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2022 incháilitheacht don Scéim Dreasachta Curaíochta agus do Scéimeanna Barra Próitéine.

Tá an Roinn ag cabhrú le feirmeoirí a gcuid iarratas a dhéanamh le seachtainí beaga anuas trína gclinicí BPS i bpearsa in áiteanna ar fud na tíre. Tá clinicí BPS eile sceidealaithe le linn mhí na Bealtaine. Is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach d'Íocaíochtaí Díreacha ar 057 -8674422. Beidh na línte ar oscailt ar feadh uaireanta fada sa tréimhse roimh an dáta iarratais mar seo a leanas:

  • Idir 9.15am agus 9pm ón Luan an 9 Bealtaine go dtí an Aoine an 13 Bealtaine
  • Idir 9.30am agus 5pm Dé Sathairn an 14 agus Dé Domhnaigh an 15 Bealtaine
  • Idir 9.15 am agus 12 meán oíche Dé Luain an 16 Bealtaine.

Dúirt an tAire,

“Molaim do gach feirmeoir a n-iarratais a chur isteach a luaithe is féidir roimh an spriocdháta an 16 Bealtaine. Má theastaíonn treoir ó fheirmeoir ar bith a n-iarratas a dhéanamh, ba cheart dóibh freastal ar Chlinic BPS nó glaoch ar Dheasc Chabhrach na Roinne áit a mbeidh ball foirne in ann cabhrú leo."

Nóta d'Eagarthóirí:

Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le hiarratas ar líne is féidir leo é sin a dhéanamh ag

Beidh foireann ar fáil freisin ag oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise chun bualadh le feirmeoirí as seo go dtí spriocdháta an BPS an 16 Bealtaine 2022.

Remaining BPS Clinics
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat