Meabhraíonn an tAire McConalogue d’fheirmeoirí ar spriocdháta an 26 Aibreán d’iarratais ar an gClár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola (BEEP-S) agus an Clár Laonna Mairteola Déiríochta
- Foilsithe: 13 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Seoladh breis agus 12,167 iarratas ar aghaidh ar an BEEP-S go dtí seo
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí inniu gurb é an spriocdháta chun iarratais a sheoladh ar aghaidh ar an gClár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola – Ba Diúil (BEEP–S) agus don chlár píolótach Mairteola Déiríochta an 26 Aibreán 2021. Caithfear iarratais a dhéanamh ar an dá scéim ar líne trí agfood.ie.
BEEP-S
Dúirt an tAire McConalogue,
“Beart amháin de réimse beart é an scéim BEEP-S ar fiú €40 milliún é a thacaíonn le feirmeoireacht ba diúil agus mairteola inbhuanaithe trí úsáid a bhaint as cistiú a fuair mé i mBuiséad 2021. Cuireadh tús tréan le próiseas iarratais BEEP–S 2021 agus tá 12,167 iarratas faighte go dtí seo. Spreagfainn aon fheirmeoir atá incháilithe iarratas a dhéanamh chun sin a dhéanamh in am agus roimh an 26 Aibreán 2021.”
Mhínigh an tAire go mb’fhéidir go mbeidh rannpháirtithe faoin BEEP–S incháilithe do €90 a fháil, ar a mhéid, do na chéad 10 bpéire bó/laonna diúil in aghaidh an tréada agus a mhéid le €80 in aghaidh an phéire ina dhiaidh sin faoi réir 100 péire, ar a mhéid, ar an iomlán, in aghaidh an tréada, má chuirtear isteach ar gach gníomh faoin scéim agus má dhéantar iad ina n-iomláine i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha na scéime.
Tá soláthar cistithe €40 milliún ag an BEEP-S in 2021 agus dírítear ann ar a éifeachtúla a bhaintear ba agus laonna den chíoch trí mheáchan beo an lao a thomhas nuair a bhaintear den chíoch iad mar chéatadán de mheáchan beo na bó. Mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag sláinte agus leas ainmhithe i dtaobh éifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil, is féidir le hiarratasóirí ar an scéim rogha a dhéanamh freisin ó roinnt bearta roghnacha sláinte agus leasa, ainmnithe a bheathú le min nó laonna coiscthe a vacsaíniú agus/nó tástáil a dhéanamh ar uibheacha i bhfaecas i measc ba diúil.
Mairteoil Déiríochta
Mheabhraigh an tAire freisin d’fheirmeoirí go ndúnfar an beart nua Laonna Mairteola Déiríochta don bhliain 2021, a bhfuil leithdháileadh buiséid €5 milliún aige in 2021, an 26 Aibreán 2021. Is é an cuspóir éifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú, agus cabhair a thabhairt do na hearnálacha déiríochta agus mairteola a chomhcheangal níos mó trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil sliocht á thógáil acu ón tréad déiríochta. Is é an croíghníomh laonna incháilithe a mheá dá ndéantar íocaíocht €20 in aghaidh an lao le haghaidh a mhéid le 20 lao.
D’aithin an tAire McConalogue an fhéidearthacht mhór a bhí ann chun córais déiríochta agus mhairteola a chomhcheangal níos mó, chun sruth nua ioncaim a sholáthar d’fheirmeoirí mairteola.
Luaigh an tAire,
“Is í aidhm an bhirt cheannródaíoch Laonna Mairteola Déiríochta seo éifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú agus cabhair a thabhairt do na hearnálacha déiríochta agus mairteola a chomhcheangal níos mó. Nuair a chuirtear san áireamh gur beart iomlán nua é seo, ábhar spreagtha an leibhéal suime a léiríodh ann go dtí seo agus fuarthas 1,939 iarratas go dtí seo.”
Dúirt an tAire, agus é ag trácht ar an mbeart Mairteola Déiríochta agus an scéim BEEP-S,
“Tacóidh an pacáiste €45 milliún seo, ina iomláine, le feirmeoirí beostoic feabhas a chur ar fheidhmíocht gheilleagrach agus chomhshaoil a dtréad, agus cuirfidh sé tacaíocht ioncaim luachmhar ar fáil don earnáil chomh maith. Táim tiomanta do leanúint ag tacú lenár n-earnálacha ba diúil agus mairteola."
Mar fhocal scoir, mheabhraigh an tAire d’fheirmeoirí agus comhairleoirí,
“Caithfear iarratais a dhéanamh ar líne ag agfood.ie roimh an 26 Aibreán 2021 agus caithfear a chinntiú gur éirigh leo a n-iarratas a sheoladh ar aghaidh, seachas stádas “dréachtiarratas” a bheith aige ar agfood.ie.”
Tá na téarmaí agus coinníollacha iomlána don scéim seo atá cistithe ag an Státchiste ar fáil ag www.gov.ie/en/service/a52418-beef-environmental-efficiency-pilot-beep/
Nótaí don Eagarthóir:
Osclaíodh an dá scéim an 16 Márta 2021 ar feadh tréimhse 6 seachtaine.
Is é cuspóir an Chláir Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola – Ba Diúil (BEEP-S) éifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil a mhéadú níos mó sa tréad diúil trí chainníocht agus trí cháilíocht sonraí feidhmíochta a bhailítear a fheabhsú. Déanfar seo trí bharr feabhais a chur ar thacar sonraí an tréada náisiúnta do mheasúnuithe géiniteacha a fheabhsú, ag féachaint le tacú le glacadh le dea-chleachtas agus le cinnteoireacht níos feasaí ar leibhéal feirme. Díreoidh an Clár ar a éifeachtúla a bhaintear ba agus laonna den chíoch trí mheáchain bheo bhó agus sleachta i dtréad gach rannpháirtí a bhailiú; feabhas a chur ar leas laonna diúil ag an tráth a bhaintear den chíoch iad; agus leith uisce a rialú i measc ba diúil fásta.
Is é an cuspóir an Bhirt Laonna Mairteola Déiríochta tacú le cinnteoireacht ar fheirmeacha trí shonraí ar chaighdeán níos fearr faoi fheidhmíocht tréada agus éifeachtúlacht gheilleagrach agus chomhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú, agus cabhair a thabhairt chun na hearnálacha déiríochta agus mairteola a chomhcheangal níos mó trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil sliocht á thógáil acu ón tréad déiríochta.
CRÍOCH