Meabhraíonn an tAire McConalogue d'fheirmeoirí nach fada uathu an spriocdháta le haghaidh iarratais TBII ar an 29 Bealtaine

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Meabhraíonn an tAire McConalogue d'fheirmeoirí nach fada uathu an spriocdháta le haghaidh iarratais TBII ar an 29 Bealtaine

Clinicí breise TBII fógartha

Agus beagán le cois coicíse le dul go dtí an dáta deiridh ar ar féidir iarratais a chur isteach ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TBII) na bliana 2023, mhol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Dála Charlie McConalogue, d'fheirmeoirí a gcuid iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir.

Is é meán oíche Dé Luain, an 29 Bealtaine an spriocdháta TBII agus an spriocdháta le haghaidh iarratais ghaolmhara a chur isteach ar réimse scéimeanna éagsúla eile, lena n-áirítear Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga, An Cúlchiste Náisiúnta agus Aistrithe Teidlíochtaí.

Tá an Roinn ag cabhrú le feirmeoirí le cúpla seachtain anuas, iad i láthair ag clinicí TBII i bpearsa in áiteanna ar fud na tíre chun treoir a thabhairt do lucht feirmeoireachta faoi conas a gcuid iarratas a chomhlánú. Tá tuilleadh clinicí TBII beartaithe ag an Roinn i gcaitheamh mhí na Bealtaine. Beidh na clinicí TBII ar siúl ó 11am go 6pm.

Dáta Ionad Láthair
Dé Máirt, an 16 Bealtaine Cabhán, Co Cabháin Oifig na Roinne 11am-6pm
Dé Céadaoin, an 17 Bealtaine Droim Seanbhó, Co Liatroma Oifig na Roinne 11am-6pm
Déardaoin an 18 Bealtaine Tuaim, Co. na Gaillimhe Ostán Ard Rí House 11am-6pm
Dé Máirt, an 23 Bealtaine Baile Mhistéala, Co Chorcaí Ostán Firgrove 11am-6pm
Dé Céadaoin, an 24 Bealtaine An tAonach, Co. Thiobraid Árann Ostán Abbey Court 11am-6pm
Déardaoin an 25 Bealtaine Cill Chainnigh, Co Chill Chainnigh Ostán Spring Hill Court 11am-6pm

Féadann feirmeoirí dul i dteagmháil leis an deasc chabhrach Íocaíochtaí Díreacha freisin ag 057-8674422. Cuirfear fad le huaireanta oscailte na línte gutháin sa tréimhse díreach roimh an spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach, mar seo a leanas:

  • idir 9.15am agus 12 meán oíche, Dé Luain an 22 Bealtaine (spriocdháta do SCEP).
  • idir 9.15am agus 9pm ó Dé Máirt, an 23 Bealtaine go Dé hAoine, an 26 Bealtaine.
  • idir 9.30am agus 5pm, Dé Sathairn, an 27 Bealtaine agus Dé Domhnaigh, an 28 Bealtaine.
  • idir 9.15am agus 12 meán oíche Dé Luain, an 29 Bealtaine.

Beidh foireann ann freisin ó Oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise, agus iad ar fáil chun bualadh le feirmeoirí idir seo agus an spriocdháta TBII ar an 29 Bealtaine 2023.

Nótaí

Ní mór d'fheirmeoirí úsáid a bhaint as áis ar líne na Roinne chun cur isteach ar TBII agus ar íocaíochtaí limistéarbhunaithe eile. Ní mór logáil isteach ar agfood.ie. agus cliceáil ar nasc BISS/scéim eile ceantar-bhunaithe le tosú ar a n-iarratas.

De rogha air sin, is féidir le feirmeoirí dul i dteagmháil leComhairleoir faofa ag an gCóras Comhairliúcháin Feirme (FAS) leis an iarratas a dhéanamh ar a son. Le liosta a fháil de na Comhairleoirí atá faofa ag FAS, féach le do thoil ar https://www.gov.ie/en/publication/b41a6-farm-advisory-system/#find-a-farm-advisor.

Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le hiarratais ar líne, is féidir sin a dhéanamh ag:

  • 049 4368288 - le ceisteanna faoi chlárú le haghaidh agfood.ie. – cuir i gcás, fiosruithe faoi phasfhocail chaillte, conas clárú a dhéanamh
  • 057 8674422 le haghaidh fiosruithe faoi conas iarratas TBII a chomhlánú nó chun cóip pháipéir de na Téarmaí agus Coinníollacha a iarraidh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat