Fógraíonn an tAire Dooley maoiniú don earnáil iascaigh i mBuiséad 2026
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2025
D’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as Iascaigh, Timmy Dooley TD, leithdháileadh Bhuiséad 2026 don earnáil iascaigh inniu.
Agus fáilte á cur aige roimh thacaíochtaí Bhuiséad 2026 don earnáil iascaigh, dúirt an tAire Dooley:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil buiséad suntasach de €157.7 milliún faighte agam chun tacú leis an Earnáil Iascaigh do 2026. Leanfaidh an maoiniú seo de thacaíochtaí a sholáthar do thionscadail bhonneagair chaipitil thábhachtacha inár nIonaid Chuan Iascaigh, sa Chlár Forbartha Bia Mara chomh maith le tacú leis an obair thábhachtach a dhéanann ár ngníomhaireachtaí mara i dtreo inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil earnáil an bhia mara.
“Beidh dúshlán an-suntasach d’Earnáil Iascaireachta na hÉireann mar gheall ar mholtaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Farraige (ICES) an tseachtain seo caite maidir le stoic éisc 2026, go háirithe iad siúd is tábhachtaí d’Éirinn. Oibreoidh an Roinn agus an Rialtas leis an tionscal chun bealach a aimsiú chun inmharthanacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a bhaint amach dár bpobail chósta.”
Maidir le tionscadail bonneagair chaipitil, dúirt an tAire Dooley:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil soláthar déanta sa bhuiséad i mbliana d’infheistíocht leanúnach inár mbonneagar muirí. Cuirfidh an infheistíocht seo buntáistí inláimhsithe láithreacha ar fáil trí áiseanna calafoirt a fheabhsú, sábháilteacht agus éifeachtúlacht a threisiú agus trí rochtain agus tacaíocht leanúnach a sholáthar dár gcabhlach agus dár dtáirgeoirí. San fhadtéarma, tógfaidh an infheistíocht ar na bunchlocha riachtanacha atá leagtha cheana féin le haghaidh earnáil iascaireachta níos táirgiúla, níos inbhuanaithe agus níos inmharthana ó thaobh an gheilleagair de.”
Ag trácht ar an gClár Forbartha Bia Mara, dúirt an tAire Dooley:
“Tá áthas orm a rá go bhfuil foráil déanta sa bhuiséad seo chun maoiniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm leanúnach ár gCláir Forbartha Bia Mara, agus chun a chinntiú go mbainfimid leas iomlán as an maoiniú AE atá ar fáil dúinn faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF). Tacóidh sé seo leis an obair thábhachtach atá ar bun ag ár ngníomhaireachtaí chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil ár n-earnála bia mara a chothú agus cinnteoidh sé go leanfaidh tacaíochtaí maoinithe ríthábhachtacha don tionscal de bheith ar fáil in 2026.”
CRÍOCH