Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Oscailt Scéim Infheistíochta Caipitil i gcomhar Próiseáil Bia Mara fógraithe ag an Aire Dooley

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht,Timmy Dooley TD, Scéim Infheistíochta Caipitil i gcomhar Próiseáil Bia Mara inniu. Leis an scéim seo cuirfear tacaíocht thábhachtach deontais ar fáil don earnáil próiseála bia mara chun go leanfaidh oibreoirí de bheith ag infheistiú i bhforbairt táirgí, i nuálaíocht agus in éifeachtúlacht i modhanna táirgthe agus in úsáid fuinnimh.

Cuirtear i bhfeidhm é faoi Chlár Forbartha Bia Mara na hÉireann, atá á chomhmhaoiniú ag rialtas na hÉireann agus Coimisiún an Aontais Eorpaigh faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID).

Agus an oscailt á fógairt aige, thug an tAire Stáit Dooley aitheantas d'athléimneacht na hearnála próiseála bia mara, ag rá:

“Tar éis dom bualadh le go leor próiseálaithe bia mara le míonna beaga anuas, chuaigh a tiomanta atá siad d’fhás leanúnach na hearnála, in ainneoin na ndúshlán atá roimpi, go háirithe ó Brexit, i bhfeidhm go mór orm. Bhí na tacaí a cuireadh i bhfeidhm don earnáil próiseála bia mara faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit ríthábhachtach chun go bhféadfadh an earnáil infheistíocht a dhéanamh san athrú claochlaitheach a bhí riachtanach chun go bhféadfadh oibreoirí oiriúnú don timpeallacht oibríochtúil athraithe i ndiaidh Brexit.”

Dúirt an tAire freisin:

“Le cur i bhfeidhm na scéime seo chun tacú le tuilleadh infheistíochta caipitil ag oibreoirí ar a gcumas cur leis seo agus déantar raon seirbhísí tacaíochta agus comhairleacha a sholáthraíonn Bord Iascaigh Mhara (BIM) don earnáil faoinár gClár Forbartha Bia Mara, go háirithe i réimsí na nuálaíochta, forbairt táirgí nua agus tógála acmhainne, a chomhlánú leis.” Leis an ráta feabhsaithe deontais atá aici maidir le bearta chun astaíochtaí a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, tá ról tábhachtach ag an scéim seo freisin maidir le tacú leis an earnáil chun a hinbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil a fheabhsú.”

Riarfaidh BIM an scéim nua seo, thar ceann na Roinne, agus osclófar í Dé hAoine, an 1 Lúnasa. Is é an 30 Deireadh Fómhair an spriocdáta chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin scéim seo. Tá na sonraí go léir ar fáil ar www.bim.ie

Nótaí don Eagarthóir

Chun eolas a fháil maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 2021-2027 (CEMID), tabhair cuairt ar: An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe - Cistí AE.

Chun eolas a fháil faoi scéimeanna a fhaigheann tacaíocht ó CEMID agus atá á riaradh ag Bord Iascaigh Mhara, tabhair cuairt ar: BIM - Ag Tacú le Tionscal Bia Mara na hÉireann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat