Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freagra an Aire Dooley ar thorthaí Chomhairle Agraibhia na Nollag

Mar thoradh ar chruinniú Chomhairle Talmhaíochta agus Éisc na bliana seo i mí na Nollag, beidh laghdú mór ar dheiseanna iascaireachta do 2026. Léiríonn an chomhairle eolaíoch ar a raibh cinntí na Comhairle bunaithe tionchar ró-iascaireachta stoc ronnach ag tríú tíortha áirithe. Tá laghdú 41% ar fhaoitín gorm agus laghdú 22% ar thorcéisc curtha leis an laghdú 70% atá molta ar an ngabháil iomlán incheadaithe do ronnach.

Tá Éire ag iarraidh go seasta go ngníomhófar i gcoinne na dtíortha sin a dhéanann ró-iascaireacht ar ronnach. Ós rud é go bhfuil an sciar is mó de chuóta an AE do ronnach i limistéar uiscí an iarthair ag Éirinn, beidh tionchar tubaisteach an mheathlaithe sa stoc seo le brath go géar. Tá an Rialtas tar éis iarraidh ar an AE teachtaireacht shoiléir a sheoladh nach bhfuil gníomhartha a bhagraíonn inbhuanaitheacht ár stoic chomhroinnte inghlactha. Ag an gComhairle Agraibhia, phléigh na hAirí an tábhacht a bhaineann le freagairt chomhbheartaithe ón AE, lena n-áirítear an rogha an rialachán iascaireachta neamh-inbhuanaithe a ghníomhachtú. Seo rud atá á lorg ag an Aire Dooley le tamall anuas agus leanfaidh sé de bheith á shaothrú.

Tar éis dó Rogha na Háige a ghairm do 2026, chuir an tAire Dooley a dhíomá mhór in iúl faoi ghníomhartha grúpa Ballstát a roghnaigh an sásra cosanta seo d’iascairí na hÉireann a bhac. Cruthaíodh Rogha na Háige chun cuntas a thabhairt ar chabhlach tearcfhorbartha na hÉireann agus chun dul i ngleic le tionchar na rochtana ar uiscí na hÉireann a chuirtear ar fáil do shoithí de chuid náisiúin eile an AE. Chosain na méideanna éisc seo a leithdháileadh ar Éirinn ó Bhallstáit eile ár gcabhlach iascaireachta ó thréimhsí ina raibh cuótaí ídithe go mór. Ar an drochuair, roghnaigh grúpa Ballstát bac a chur ar agairt na Háige i mbliana.

Dúirt an tAire Dooley:

“Le tacaíocht ón Aire Heydon, bunóidh mé grúpa oibre faoi choimirce Fís Bia 2030 chun creat tacaíochta a fhorbairt don earnáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shuntasacha atá romhainn.”

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Roghanna na Háige

I gcás stoic éisc áirithe, tá ballstáit an AE faoi cheangal ag teorainneacha gabhála atá srianta go riaracháin ar an gcéad dul síos ag uasmhéid Gabhála Iomlán Incheadaithe agus, sa chéad dul síos eile, trína roinnt i measc na mballstát trí chóras ar a dtugtar Cobhsaíocht Choibhneasta. Is cion den Ghabháil Iomlán Incheadaithe (nó de sciar an AE den Ghabháil Iomlán Incheadaithe i gcás stoic a ndéantar iascaireacht orthu níos forleithne) sciar gach ballstáit, agus is ionann sin, i ngnáthchúinsí, agus céatadán de sciar an AE atá socraithe i gcoibhneas le ballstáit chomhghleacaithe.

Tá an cion a leithdháiltear do gach ballstát le haghaidh stoic ar leith bunaithe ar iascaireacht stairiúil an stoic sin ag an mballstát.

Is meicníocht iad Roghanna na Háige atá mar chuid den Chobhsaíocht Choibhneasta. I gcás stoic áirithe, nuair a thiteann an cuóta atá dlite d’Éirinn faoi bhun leibhéal tairsí sonraithe, féadfaidh Éire athdháileadh ar chuótaí Bhallstáit eile an AE a spreagadh (nó a agairt) sa chaoi is go bhfaighidh na ballstáit eile laghdú comhréireach ar a gcuóta d’fhonn cuóta na hÉireann a thabhairt ar ais i dtreo na tairsí atá tite faoi bhun aici.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat