Fáiltíonn an tAire Dooley roimh rannpháirtíocht dhearfach leanúnach leis an earnáil próiseála bia mara
- Foilsithe: 16 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2025
Thug an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Iascaigh, Timmy Dooley TD, cuairt ar Lárionad Chuan Iascaigh na gCealla Beaga inniu.
D'fhreastail an tAire ar roinnt imeachtaí, lena n-áirítear cruinniú le baill de Killybegs Marine Cluster agus próiseálaithe bia mara áitiúla, chomh maith le fáilte a chur roimh rannpháirtí i Scéim na nIascairí Óga isteach san earnáil. Tar éis camchuairt a dhéanamh ar Killybegs Seafoods, chuaigh an tAire ar bord an tsoithigh cabhlaigh Atlantic Challenge de chuid Killybegs Seafoods.
Is í an chuairt go dtí na Cealla Beaga an chéad cheann i roinnt rannpháirtíochtaí le páirtithe leasmhara a dhéanfaidh an tAire i sé Lárionad Chuan Iascaigh na Roinne sna míonna amach romhainn.
Ag labhairt dó ar a chuairt, d’athdhearbhaigh an tAire Dooley a thiomantas oibriú leis an tionscal chun tacú le forbairt earnáil bia mara na hÉireann:
“Is táirge ardchaighdeáin é bia mara na hÉireann a bhfuil ardmheas air agus a bhfuil éileamh air sna margaí intíre agus onnmhairithe araon. Fáiltím go mór roimh thoilteanas leanúnach na n-earnálacha dul i dteagmháil liom agus go háirithe an deis atá ann inniu díriú ar shaincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar oibreoirí próiseála áitiúla na hÉireann sna Cealla Beaga.”
Is iad na Cealla Beaga príomhchalafort na hÉireann i dtéarmaí luach agus mhéid na ngabhálacha ag soithí Éireannacha. In 2023, bhí os cionn 3,500 duine fostaithe go díreach in earnáil próiseála éisc na hÉireann, agus b’ionann an réigiún Thuaidh (Dún na nGall) agus 14% de sciar iomlán na fostaíochta cósta. B’ionann luach an láimhdeachais san earnáil próiseála bia mara in 2023 agus €947 milliún, agus b’ionann onnmhairí bia mara in 2024 agus thart ar €595 milliún[1]. Bunaíodh Killybegs Seafoods in 1968 agus tá sé ar cheann de na próiseálaithe agus onnmhaireoirí bia mara pheiligigh is mó as Éirinn, ag speisialú i ronnach, bolmán Atlantach, faoitín gorm, scadán agus salán.
Mhaígh an tAire:
“Bíodh is go raibh deis agam inniu éisteacht le hábhair imní na hearnála, creidim go léiríonn na forbairtí dearfacha infheistíochta agus an t-éileamh ar onnmhairí bia mara ní amháin uchtach agus athléimneacht na hearnála féin i bhfianaise na ndúshlán a tháinig chun cinn le déanaí, ach freisin infheistíocht an Rialtais chun tacú leis an earnáil.”
Chun tacú le forbairt inbhuanaithe leanúnach na hearnála, tá infheistíochtaí suntasacha curtha ar fáil ag an Rialtas sna hearnálacha próiseála iasc geal agus peiligeach, trí scéimeanna arna maoiniú faoi Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta agus trí Chlár Forbartha Bia Mara na hÉireann, atá cómhaoinithe ag rialtas na hÉireann agus Coimisiún an Aontais Eorpaigh faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF). Sa chomhthéacs sin d’athdhearbhaigh an tAire a thábhachtaí atá infheistíochtaí san earnáil próiseála chun tacú le fás, le héagsúlú agus le forbairt leanúnach na hearnála.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Ag breathnú amach romhainn, tá rún daingean agam leanúint ar aghaidh le caidreamh dearfach a bheith againn leis an tionscal ionas gur féidir linn, le chéile, na réitigh agus na deiseanna a aithint a theastaíonn chun cumas earnáil próiseála bia mara na hÉireann a fhorbairt go hinbhuanaithe”.
Nótaí d’Eagarthóirí
