É deimhnithe ag an Aire Grealish go gcuirfear síneadh leis na dátaí deiridh d’iarratais ar Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá-na hÉireann sa Talmhaíocht 2025.
- Foilsithe: 19 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Lúnasa 2025
Dheimhnigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Taighde, Noel Grealish TD, síneadh ama ar dhátaí deiridh Ghlao ar Thograí sa Talmhaíocht 2025 faoin gComhpháirtíocht Taighde agus Forbartha idir SAM agus Éirinn.
Tá sé mar aidhm ag an nglao tacú le taighdeoirí Éireannacha, Thuaisceart Éireann agus SAM chun dul i gcomhar lena chéile ar thionscadail i ndó dhéag réimse atá tábhachtach don talmhaíocht. Áirítear leis seo sláinte agus leas ainmhithe, pórú ainmhithe, friotaíocht fhrithmhiocróbach, sláinte ithreach, an bithgheilleagar, eolaíocht sonraí le haghaidh bia agus talmhaíochta, i measc nithe eile.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Grealish:
“Tá áthas orm a dheimhniú go gcuirfear síneadhar na dátaí deiridh do Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-Éireann sa Talmhaíocht 2025.” Leis an gComhpháirtíocht idir Éire, Tuaisceart Éireann agus SAM cuirtear meicníocht an-tábhachtach ar fáil chun comhar agus saineolas agus acmhainní a roinnt idir taighdeoirí ar fud na dtrí dhlínse.”
Dúirt an tAire freisin:
“Is féidir leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta seo cur ar chumas ár dtaighdeoirí ár dtuiscint ar shaincheisteanna casta a fheabhsú agus réitigh a fhorbairt i réimsí amhail friotaíocht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a mhaolú ar fud an tslabhra bia, bithdéantúsaíocht agus an bithgheilleagar, agus táirgeadh beostoic, sláinte, leas agus géineolaíocht, i measc nithe eile.”
Anuraidh, rinne mo Roinn an ráta deontais uasta a mhéadú go €500,000 d’institiúidí comhpháirtíochta Éireannacha atá páirteach i dtionscadail rathúla agus mholfainn do thaighdeoirí leas a bhaint as an deis mhaoinithe ar leith seo.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Is comhpháirtíocht thrípháirteach í Glao Taighde agus Forbartha SAM-Éireann san Talmhaíocht idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (Éire), an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA Thuaisceart Éireann) agus an Institiúid Náisiúnta Bia agus Talmhaíochta de chuid Roinn Talmhaíochta SAM (NIFA USA).
L;eis an nglao tugtar cuireadh d’Eagraíochtaí Déanta Taighde (EATanna) incháilithe ó Phoblacht na hÉireann tograí taighde comhpháirteacha a chur isteach, le comhpháirtithe comhoibríocha ó SAM agus ó Thuaisceart Éireann, faoin Tionscnamh Taighde Talmhaíochta agus Bia (AFRI) de chuid NIF.
Tá Glao 2025 dírithe ar 12 Thosaíocht Réimse Cláir agus tá siad sin, mar aon lena ndátaí deiridh faoi seach, leagtha amach sa tábla thíos.
|
Spriocdháta le haghaidh AFRI |
||
|
09/10/2025 |
06/11/2025 |
|
|
Cothú Ainmhithe, Fás, agus Lachtadh (A1231) |
09/10/2025 |
06/11/2025 |
|
Leas Ainmhithe Talmhaíochta (A1251) |
09/10/2025 |
06/11/2025 |
|
Galair Ainmhithe Talmhaíochta (A1221) |
09/10/2025 |
06/11/2025 |
|
09/10/2025 |
06/11/2025 |
|
|
25/09/2025 |
23/10/2025 |
|
|
02/10/2025 |
30/10/2025 |
|
|
Bith-scagadh agus Bith-mhonarú (A1531) |
11/09/2025 |
09/10/2025 |
|
16/10/2025 |
13/11/2025 |
|
|
Córais Táirgthe ar Scála Tírdhreacha (A1451) |
18/09/2025 |
16/11/2025 |
|
Bithgheilleagar agus Táirgí Bithbhunaithe (A1414) |
11/09/2025 |
09/10/2025 |
|
Sláinte Ithreach (A1401) |
18/09/2025 |
16/10/2025 |
Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus don Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA) i dTuaisceart Éireann ná ceithre seachtaine roimh an spriocdháta luaite de chuid AFRI don Tosaíocht Limistéir Chláir faoi seach i gClár Deontas Iomaíoch Fondúireachta AFRI.
Tá teacht ar sonraí faoin nGlao ar Iarratais (RFA) ar na 12 Tosaíocht sa Réimse Cláir ar leathanach gréasáin AFRI.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil sna naisc thíos:
An Roinn talmhaíochta bia agus mara: Glao Taighde SAM-Éireann