Tugann an tAire Grealish cuairt ar Mheicsiceo chun táirgí agraibhia na hÉireann a chur chun cinn
- Foilsithe: 19 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2025
Tá an tAire Stáit atá freagrach as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD, ag tabhairt cuairte ar Mheicsiceo an tseachtain seo chun táirgí agraibhia na hÉireann a chur chun cinn i margadh Mheicsiceo agus chun deiseanna breise a iniúchadh, go háirithe i bhfianaise an Chomhaontaithe Saorthrádála Nuachóirithe idir Meicsiceo agus an AE.
Cuireadh tús leis an gcuairt trí lá Dé Máirt, nuair a bhuail an tAire Grealish leis an Aire Julio Berdegué ó Rúnaíocht Talmhaíochta & Forbartha Tuaithe Mheicsiceo (SADER). Dhírigh a bplé ar an gComhaontú Saorthrádála atá le teacht agus ar dheiseanna breise le haghaidh comhair déthaobhaigh, ag cur leis naisc atá ann cheana i réimsí an iascaigh, na déiríochta agus an bheostoc inbhuanaithe.
Bhuail an tAire Grealish le Javier Calderón, Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta um Shláinte, Sábháilteacht agus Cáilíocht Bia (SENASICA) freisin chun rochtain ar an margadh do tháirgí Éireannacha a phlé, lena n-áirítear muiceoil, déiríocht, fotháirgí ainmhithe agus beatha.D’fhreastail an tAire Grealish ar chruinniú babhta boird a d’eagraigh an Ambasadóir De Búrca le páirtithe leasmhara tábhachtacha agraibhia, lena n-áirítear gnólachtaí agraibhia Éireannacha atá gníomhach i Meicsiceo amhail Kerry Group, Ornua, Bimeda, Alltech agus ionadaithe ón earnáil deochanna.
Ag trácht ó Mheicsiceo, dúirt an tAire Grealish:
“Le 2025 agcomóradh 50 bliain ó bunaíodh caidreamh taidhleoireachta idir Éire agus Meicsiceo,tá áthas orm cruinnithe tábhachtacha a reáchtáil i Meicsiceo agus béim á leagan ar na deiseanna atá ann dár n-earnáil agraibhia sa mhargadh spreagúil seo.
“Bhí an-áthas orm bualadh leis an Aire Berdegué agus leis an Ard-Stiúrthóir Calderón chun réimse leathan saincheisteanna a phlé, lena n-áirítear an cumas atá ann tuilleadh comhair idir an dá thír, go háirithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Saorthrádála nuachóirithe atá le teacht idir an AE agus Meicsiceo. Táim muiníneach go bhfuil earnáil agraibhia na hÉireann in áit mhaith chun leanúint ar aghaidh ag fás i Meicsiceo agus táim ag tnúth le rannpháirtíocht amach anseo le rialtas Mheicsiceo.”
Inniu, beidh Lina Pohl, ionadaí Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) i Meicsiceo, ina óstach ag an Aire Grealish agus ag an Ambasadóir de Búrca, chun plé a dhéanamh ar obair an FAO sa réigiún, lena n-áirítear tionscadal rathúil chun tacú le fiontraithe baineann tuaithe i Meicsiceo atá maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Ansin, rachaidh an toscaireacht go Querétaro, áit a bhfuil roinnt gnólachtaí Éireannacha lonnaithe, lena n-áirítear an Kerry Group, Bimeda, EPS solutions, BioAtlantis agus an Irish Bakehouse. Buailfidh an tAire Grealish le hionadaí an Stáit don talmhaíocht, Rosendo Anaya Aguilar, chun tosaíochtaí an Stáit don earnáil a phlé agus léargas a fháil ar an gcaoi a bhfuil siad ag freagairt do na teagmhais adhaimsire le déanaí. Déardaoin, tabharfaidh an tAire Grealish cuairt ar CIMMYT, an tIonad Idirnáisiúnta um Fheabhsú Arbhair Indiaigh agus Cruithneachta, i Texcoco chun a chuairt a thabhairt chun críche.
Dúirt an tAire Grealish:
“Tá áthas orm go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le cuid dár dtosaíochtaí rochtana margaidh do Mheicsiceo, agus i gcomhar leis an Ambasáid agus le 'oifigifh, leanfaidh mé de bheith ag tacú le heaspórtálaithe Éireannacha chun na deiseanna atá ar fáil sa tír seo a bhaint amach.”