English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Healy-Rae deis do ghnólachtaí le baint a bheith acu le coillearnacha dúchasacha

D’fhógair an tAire Stáit Foraoiseachta, Sábháilteachta Feirme agus Gairneoireachta ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Healy-Rae TD, inniu go n-osclófar Ciste Comhshaoil na gCoillte nuashonraithe.

Dúirt an tAire Healy-Rae:

“Ba mhaith liom gnólachtaí de gach cineál agus méid a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh i gCiste Comhshaoil na gCoillte. Ní hamháin go gcabhraíonn sé sin le húinéirí talún áitiúla agus go leathnaíonn sé coillearnacha dúchasacha na hÉireann - agus na buntáistí dearfacha ar fad a bhaineann leis an acmhainn seo - ach cuireann sé le cáil an ghnó atá rannpháirteach, a bhaineann ansin le cruthú sócmhainne comhshaoil inláimhsithe a éireoidh ina gné bhuan den tírdhreach.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Rachaidh leathnú ár bhforaoisí dúchasacha chun tairbhe do ghnáthóga nádúrtha, feabhsóidh sé cáilíocht uisce, agus cuirfidh sé gabháil carbóin chun cinn. Chomh maith leis sin, is sruthanna ioncaim breise féideartha d’úinéir na foraoise iad coillearnacha dúchasacha, agus soláthraíonn siad deiseanna freisin le haghaidh caitheamh aimsire amuigh faoin spéir agus seomraí ranga lasmuigh, a théann chun tairbhe do phobail áitiúla.”

Bunaíodh Ciste Comhshaoil na gCoillte den chéad uair in 2020 faoin gClár Foraoiseachta 2014-2020, agus athosclaíodh é faoin gClár Foraoiseachta nua 2023-2027. Féadfaidh feirmeoirí agus úinéirí talún eile ar spéis leo coillearnacha dúchasacha a chur rogha a dhéanamh ina leith sin faoi Chiste Comhshaoil na gCoillte mar chuid dá n-iarratas ar choillteoireacht foraoise dúchais. Is féidir le gnó aonair cinneadh a dhéanamh ansin tacú le tionscadal ar leith is fearr a oireann dá riachtanais agus na hacmhainní atá ar fáil dó, trí dhul i ngleic le hÉascaitheoir de chuid Chiste Comhshaoil na gCoillte.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Healy-Rae an méid seo a leanas:

“Is bealach iontach é Ciste Comhshaoil na gCoillte do ghnólacht lena fhreagracht shóisialta chorparáideach a fheidhmiú, agus a léiriú, nó tugann athbhunú foraoisí móra darach, beithe agus fearnóige na hÉireann a bhí ann tráth fíorbhuntáistí comhshaoil i gcrích, agus soláthraíonn siad ioncam breise d’fheirmeoirí chomh maith.”


Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Íocann gnólachtaí atá rannpháirteach i gCiste Comhshaoil na gCoillte €1,000/heicteár le húinéirí talún as coillearnach dhúchasach a chur faoi ‘Cineálacha Foraoise’ FT1 agus FT2 den Scéim Foraoisithe.
  • Tá an íocaíocht seo ón ngnó sa bhreis ar an deontas atá ar fáil faoin Scéim sin.
  • Trí bheith páirteach i gCiste Comhshaoil na gCoillte, tá an gnó ríthábhachtach chun an t-úinéir talún a spreagadh le tabhairt faoi choillearnach dhúchasach a chruthú, agus is féidir leis an ngnó féin a ról a lua mar léiriú láidir ar a thiomantas do Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach agus do chosaint agus d’fheabhsú an chomhshaoil.
  • Is féidir an Doiciméad Sonraíochta agus na foirmeacha teimpléid ábhartha a fheiceáil ar: Deontais agus Scéimeanna Foraoiseachta

Clár Foraoiseachta 2023-2027

Seoladh Clár Foraoiseachta 2023-2027 i mí Mheán Fómhair 2023, agus chuir sé rátaí deontais nua foraoisithe ar fáil suas le 66% níos airde ná an Clár Foraoiseachta roimhe seo. Chomh maith leis sin, cuireann an Clár leis na híocaíochtaí bliantúla foraoisithe d’fheirmeoirí ó 15 bliana go dtí 20 bliain, agus méadaíonn sé iad go suntasach, e.g. €1,142 in aghaidh an heicteáir go ceann 20 bliain chun foraois nua crann dúchasach a chur. Tá na sonraí ar fad faoi na rátaí íocaíochta deontais agus bliantúla le haghaidh Chlár Foraoiseachta 2023-2027 ar fáil ag gov.ie/forestry, mar aon le ceisteanna coitianta, áireamhán íocaíochta foraoiseachta agus samplaí d’íocaíochtaí.

Is féidir le feirmeoirí eolas a fháil ar dheontais agus préimheanna foraoisithe anseo: Leabhrán Foraoiseachta Feirme

Ríomh ioncam féideartha foraoisithe anseo: Áireamhán Foraoiseachta