Seolann an tAire Healy-Rae an Tuarascáil Athbhreithnithe ar Oideachas Gairneoireachta ag Bloom 2025
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Meitheamh 2025
Sheol an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, an Tuarascáil Athbhreithnithe ar Oideachas Gairneoireachta ag Bloom. Cuireann an tuarascáil seo príomhghníomhaíocht straitéiseach i gcrích sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027, inar gealladh go ndéanfaí athbhreithniú ar infhaighteacht agus oiriúnacht cúrsaí gairneoireachta do thionscal dinimiciúil nua-aimseartha.
Ag cuir fáilte roimh an tuarascáil, dúirt an tAire Healy-Rae:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le húdair na tuarascála, an Dr Owen Doyle agus an tUasal Brian Arnold as a gcuid oibre chun an t-athbhreithniú tábhachtach seo a chur i gcrích. Leagtar amach sna moltaí sa tuarascáil gníomhaíochtaí soiléire chun go leanfaidh earnáil na gairneoireachta ar aghaidh chun a tarraingteacht mar rogha gairme amach anseo a fheabhsú. Tá sé thar a bheith ábhartha an tuarascáil a sheoladh ag Bloom 2025 agus muid ag ceiliúradh agus ag taispeáint gach rud atá iontach faoinár n-earnáil gairneoireachta, ó ghairdíní, plandaí agus táirgí bia lena n-áirítear a gairmithe oilte - garraíodóirí tírdhreacha, bláthaithe, saothróirí tráchtála, feirmeoirí, acadóirí, comhairleoirí agus eolaithe - an príomhbhunús ar a dtógtar tionscal na gairneoireachta.’
“Is mian liom aitheantas agus buíochas a thabhairt don tionscal gairneoireachta, do mhiondíoltóirí agus do sholáthraithe oideachais as a rannpháirtíocht san athbhreithniú seo, rud atá thar a bheith tábhachtach. Dúirt sé freisin, "Léiríonn seoladh na tuarascála seo go bhfuil dul chun cinn fíor agus incriminteach á dhéanamh i gcur chun feidhme ár Straitéise Náisiúnta Gairneoireachta."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Healy-Rae:
“Beidh an moladh Grúpa nua Ceannaireachta Ardoideachais a bhunú a chuirfidh le hábhar an churaclaim agus a chomhordóidh feachtais abhcóideachta ríthábhachtach chun an chéad ghlúin eile de ghairneoirí a spreagadh san earnáil thábhachtach dhinimiciúil seo. Fáiltím go háirithe roimh an bhfócas ar ‘ionchas domhanda’ lena n-áiritheofar go mbeidh an t-eolas agus na scileanna is gá ag ár gcéimithe amach anseo ar gach leibhéal chun cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn tuilleadh agus nuálaíocht leanúnach a spreagadh san earnáil. Tá an todhchaí geal don earnáil thábhachtach seo, agus táim muiníneach go meallfaimid na daoine is gile agus is fearr chun a huaillmhianta fáis agus inbhuanaitheachta a chur chun cinn.”

(Clé go Deas) Brian Arnold, comhúdar na tuarascála, Louise Byrne, Leas-Phríomhchigire Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Healy-Rae TD, Aire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Deirdre Fay, Roinn Cigireachta Sinsearaí Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Dr Owen Doyle, comhúdar na tuarascála, sa phictiúr ag seoladh na Tuarascála Athbhreithnithe ar Oideachas Gairneoireachta, ag Féile Bloom Bhord Bia, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.

(Clé go Deas) Brian Arnold, comhúdar na tuarascála, Noel Grealish TD, Aire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn an Bhia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Louise Byrne, Leas-Phríomhchigire Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Deirdre Fay, Roinn Cigireachta Sinsearaí Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Healy-Rae TD, Aire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, William Kenny, céimí gairneoireachta agus an Dr Owen Doyle, comhúdar na tuarascála, sa phictiúr ag seoladh na Tuarascála Athbhreithnithe ar Oideachas Gairneoireachta, ag Féile Bloom Bhord Bia, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá an tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Gairneoireachta ar fáil anseo Horticulture_Education_Review_2025_10MB_290525.pdf
An Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027
Leagtar síos sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027 gov.ie - National Strategy Horticulture 2023 to 2027) fís shoiléir chun earnáil breisluacha níos brabúsaí a fhás, arna spreagadh ag nuálaíocht agus inbhuanaitheacht. Spreagfaidh cur chun feidhme ocht bPríomhghníomhaíocht Straitéiseacha (KSA) na Straitéise athrú agus fás ar fud fho-earnálacha uile thionscal na gairneoireachta agus beidh inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta mar thoradh air. Má chuirtear gach gníomhaíocht sa straitéis chun feidhme, táthar ag súil le méadú 30% ar luach gheata na feirme ó €559 milliún in 2023 go €688 milliún faoi dheireadh 2027, rud a ghinfidh níos mó fostaíochta tuaithe agus pobail áitiúla rathúla.