Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Healy-Rae an chéad Tráinse eile de Chúnamh Infheistíochta d’Fhorbairt Earnáil na Naíolann Crann Foraoise

Tá fógartha ag an Aire Stáit Foraoiseachta, Sábháilteachta Feirme agus Gairneoireachta, Michael Healy-Rae TD, go bhfuil iarratais oscailte anois don cheathrú tráinse den Scéim Teicneolaíochta Foraoise Nuálaíoch: Modúl 2 - Cúnamh Infheistíochta chun Earnáil na Naíolann Crann Foraoise a Fhorbairt.

Dúirt an tAire Healy-Rae:

“Cabhróidh an maoiniú atá ar fáil tríd an scéim seo le tacú leis an earnáil naíolann crann foraoise chun crainn ardchaighdeáin a sheachadadh, rud a chabhróidh linn ár spriocanna uaillmhianacha plandála faoin gClár Foraoiseachta 2023-2027 a bhaint amach.”

Tacaíonn an scéim le soláthraithe Ábhar Atáirgthe Foraoise (FRM) tráchtála, lena n-áirítear naíolanna foraoise agus bailitheoirí síolta, chun feabhas a chur ar chainníocht, ar cháilíocht agus ar éagsúlacht speiceas crann dúchasach. Is féidir le soláthraithe FRM suas le €250,000 de mhaoiniú a fháil le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgeadh crann foraoise dúchasacha.

Tá an scéim oscailte do sholáthraithe síl agus crann de gach méid, ó ghnólachtaí beaga go naíolanna seanbhunaithe. Tá sé ar fáil freisin d’iontrálaithe nua san earnáil atá ag iarraidh a ngnó a éagsúlú.

D’fhéadfadh na cineálacha tionscadal agus míreanna atá incháilithe le haghaidh maoinithe a bheith san áireamh:

  • Trealamh bailithe síolta.
  • Bonneagar stórála síolta.
  • Bonneagar/trealamh polatholláin.
  • Córais uisciúcháin agus bonneagar.
  • Córais trasphlandúcháin.
  • Meaisíní grádaithe.
  • Infheistíochtaí bithshlándála amhail trealamh cóireála uisce agus cuisniúcháin.
  • Costais ghinearálta a bhaineann leis na míreanna thuas.
  • Costas síolta speiceas dúchasach crann.

Is é Dé Céadaoin, 31 Nollaig 2025 an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Tá tuilleadh eolais faoi conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar shuíomh na Roinne

Nótaí

Tá an Doiciméad Sonraíochta agus an fhoirm iarratais ar fáil lena fheiceáil ar gov.ie - Scéim Teicneolaíochta Foraoise Nuálaíoch 2023-2027

Is féidir iarratais a sheoladh le ríomhphost chuig

Is é 5i.n. an 31 Nollaig 2025 an dátadeiridh le haghaidh iarratas.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat