Impíonn an tAire Healy-Rae ar fheirmeoirí tús áite a thabhairt do shláinte agus sábháilteacht an Nollaig seo agus san Athbhliain
- Foilsithe: 22 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Nollaig 2025
Tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá freagrach as Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD, tar éis a chur ina luí ar phobail na feirmeoireachta, an iascaireachta agus na foraoiseachta sláinte agus sábháilteacht a chur chun tosaigh i rith thréimhse na Nollag agus i rith na hAthbhliana.
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Ar an drochuair, tá 20 eachtra mharfach deimhnithe ar fheirmeacha na hÉireann i mbliana agus trí cinn san earnáil iascaireachta. Is ábhar imní mór an méadú ar líon na dtimpistí marfacha. Is rómhinic a bhíonn teagmhas tromchúiseach nó marfach mar thoradh ar lagú tiúchana nó breithiúnais ar feadh tamaill. Cuirim mo chomhbhrón ó chroí in iúl do na teaghlaigh agus na cairde a d’fhulaing an cailliúint dochreidte duine muinteartha agus beidh a n-easpa le brath timpeall an bhoird an Nollaig seo”.
Tá meán de bhreis is 14 eachtra mharfach in aghaidh na bliana tarlaithe ar fheirmeacha na hÉireann le cúig bliana anuas, rud a chuimsíonn breis is aon trian de na básanna uile san ionad oibre. Is ionann na 20 bás a dearbhaíodh go dtí seo ar fheirmeacha na hÉireann in 2025 agus breis is 40% de na básanna san ionad oibre i mbliana agus is ardú suntasach é seo ar na 12 bás feirme in 2024.
Dúirt an tAire Healy-Rae freisin:
“Is am don teaghlach agus don scíth a ligean í an Nollaig, ach ní stopann an obair feirme riamh i ndáiríre. Táim ag impí ar gach feirmeoir roinnt ama a thógáil thar an Nollaig agus an Bhliain Nua le haghaidh seiceálacha sábháilteachta riachtanacha agus gealltanas a thabhairt cur chuige 'Sábháilteacht Ar dtús' a chur i bhfeidhm maidir le hobair feirme feasta. Aontaímid go léir nach féidir glacadh le líon na dteagmhas tromchúiseach agus marfach. Is eachtra amháin an iomarca fiú. Tá sé in am gníomhú agus rún na hAthbhliana a dhéanamh go mbeidh do fheirm ina háit shábháilte duit féin, do do theaghlach agus do gach duine a théann isteach sa chlós feirme agus sna páirceanna.”
Chuir an tAire Healy-Rae i gcuimhne do fheirmeoirí freisin an gá atá le aire a thabhairt dá sláinte. Dúirt sé:
"Léiríonn torthaí thionscadail seiceála sláinte feirmeoirí na bliana seo, arna maoiniú ag mo Roinn, go bhfuil go leor feirmeoirí ag cur obair feirme roimh a sláinte féin." Ní hamháin gur saibhreas ár sláinte, ach tá sí riachtanach don obair atá dian go fisiciúil agus go meabhrach ar an bhfeirm.
Thapaigh an tAire an deis freisin chun aird a tharraingt ar thábhacht na folláine meabhrach:
“Is féidir go mbeadh séasúr na Nollag deacair má tá tú ag streachailt le drochshláinte mheabhrach. Tá sé tábhachtach aire a thabhairt dá chéile agus tacaíocht a thairiscint más gá. Chomh maith le do dhochtúir teaghlaigh, tá acmhainní agus línte cabhrach den scoth ar fáil, agus molaim d’aon duine atá i ngátar gan streachailt leo féin, ach teagmháil a dhéanamh le haghaidh tacaíochta.”
Guíonn an tAire Healy-Rae Nollaig agus Athbhliain faoi shéan, shábháilte agus shíochánta ar gach duine atá bainteach leis an bhfeirmeoireacht, leis an bhforaoiseacht, leis an iascaireacht agus leis an dobharshaothrú agus dá dteaghlaigh.
Chun tuilleadh eolais agus sonraí faoin líne chabhrach a fháil, tabhair cuairt ar www.gov.ie/farmsafety.