Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Healy-Rae cuairt ar an togra plandála ‘Woodland for Water’ de chuid Teagasc ar an gCloch Liath

Thug an tAire a bhfuil freagracht speisialta air as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae, TD, cuairt an tseachtain seo caite ar thogra plandála de chuid Teagasc, Woodland for Water’ ar Champas na Cloiche Léithe.

Cuimsítear leis an togra seo trí heicteár de choillte dúchasacha a bunaíodh faoi Chlár Foraoiseachta na Roinne agus tá meascán de phlandáil coillte agus Achar cúil uisce nach cuirtear as dó in aice láimhe feadh Abhainn na Fuinseann ar an gCloch Liath.

Ag labhairt dó ar an gCloch Liaith, dúirt an tAire Healy-Rae:

“Cuirim fáilte mhór roimh an tionscnamh seo ó Teagasc chun inbhuanaitheacht feirmeoireachta a chur chun cinn. Nuair a cuirtear an crann ceart san áit cheart, agus é á bhainistiú go hinbhuanaithe, is féidir, dár liom, cur go mór le baint amach na gcuspóirí iomadúla comhshaoil atá le baint amach ar ár bhfeirmeacha uile. Is beart an-éifeachtach maidir le cosaint ar uisce ar feirmeacha í an fhoraoiseacht, agus is sampla den scoth é an taispeántas anseo ag Teagasc ar an gCloch Liaith gur féidir leis an bhoraoiseacht cuidiú le spriocanna cosanta uisce a bhaint amach ar fheirmeacha.”

De réir mar a fhásann an coillearnach, feidhmíonn sé mar bheart éifeachtach chun conairí féideartha cothaitheach (e.g., fosfáití) a bhriseadh idir úsáid talún talmhaíochta comharsanachta agus an abhainn féin. Chomh maith leis sin, cuireann sé go leor comhbhuntáistí ar fáil do Theagasc Moorepark, lena n-áirítear bithéagsúlacht, tírdhreach, seirbhísí nascachta uisceacha agus gnáthóige.

Dúirt an tAire Healy-Rae:

“Is sampla é seo den mhéid is féidir a bhaint amach faoin gClár Foraoiseachta.” Mholfainn go háirithe d’fheirmeoirí agus d’úinéirí talún eile breathnú ar an Scéim um Limistéar na gCrann Dúchasach Tacaíonn sé seo le cruthú foraoisí beaga dúchasacha, chomh maith le foraoisí dúchasacha bruachánacha chun uisce a chosaint. Is féidir an plandáil bheag seo a dhéanamh gan an gá le ceadúnas foraoisithe agus faigheann sé préimh tharraingteach os cionn €22,000 in aghaidh an heicteáir thar 10 mbliana.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Forálann Scéim Limistéir na gCrann Dúchasach dhá idirghabháil éagsúla nach lú ná 0.1 heicteár nó níos mó ná heicteár amháin de speicis chrainn dhúchasacha amháin.