Cuireann an tAire Healy-Rae fáilte roimh an méadú suntasach atá tagtha ar saothrú foraoiseachta ó fhoraoisí atá buailte ag stoirmeacha
- Foilsithe: 15 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2025
Tá fáilte curtha arís ag an Aire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Foraoiseacht, Michael Healy-Rae TD, roimh an méadú suntasach atá tagtha ar shaothrú crann leagtha ag an ngaoth i bhforaoisí atá buailte ag Stoirm Éowyn.
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Léiríonn na figiúirí a fheicimid anois ón earnáil phríobháideach agus ó Coillte go bhfuil dlús mór curtha le láithreáin le crann leagtha ag an ngaoth a shaothrú le cúpla mí anuas. Tá níos mó ná 90% d’acmhainneacht saothraithe phríobháideach agus acmhainneacht saothraithe Coillte na tíre dírithe faoi láthair ar láithreáin le crainn leagtha ag an ngaoth. Leanann líon na buainteoirí sa tír de bheith ag méadú agus á n-úsáid sna foraoisí atá buailte ag an stoirm, agus tá cuid mhór den innealra á úsáid ar sheal dúbailte, rud a mhéadaíonn aschur na meaisíní.”
Dúirt an tAire freisin:
“Is dea-scéal é an méadú suntasach seo ar an acmhainneacht saothraithe d’úinéirí foraoise a bhfuil crainn ar an talamh acu. Mholfainn arís d'úinéirí foraoise comhairle ghairmiúil a lorg ó fhoraoiseoir cláraithe nó ó chomhairleoir foraoiseachta áitiúil Teagasc. Ba cheart d’úinéirí foraoise a bhfuil tionchar ag crainn leagtha ag an ngaoth orthu a áirithiú go bhfuil conradh maith agus córas maith slándála adhmaid i bhfeidhm acu.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Tá Conradh Díolacháin Adhmaid tábhachtach chun leasanna gach páirtí a chosaint. Níor chóir aon adhmad a bhaint as foraois mura bhfuil conradh i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach Córas Seolta Díolacháin Adhmaid a bheith ann le haghaidh slándála agus cuntasachta maidir le gluaiseacht adhmaid ón bplandáil. Tá Córas Seolta Díolacháin Adhmaid samplach ar fáil ar shuíomh gréasáin Cumann Saothróirí Adhmaid na hÉireann
Tá comhairle maidir le conarthaí agus córais slándála adhmaid ar fáil anseo.