An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fógraíonn an tAire Heydon agus an tAire Collins oscailt na Scéime Tacaíochta Breosla le haghaidh Sain-Ghairneoireachta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Gairneoireacht, sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Niall Collins TD, inniu oscailt na Scéime Tacaíochta Breosla le haghaidh Sain-Ghairneoireachta. Tá an scéim mar chuid de €100 mhilliún a leithdháil an Rialtas le haghaidh tacaíochtaí ioncam breosla d'fheirmeoirí, d'iascairí agus do chonraitheoirí talmhaíochta mar fhreagair ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear.
Agus an scéim á fógairt aige, dúirt an tAire Heydon:
"Tá méaduithe suntasacha feicthe ag saothróirí sain-ghairneoireachta ar a gcostais breosla le cúpla mí anuas a thug níos mó brú ar an earnáil ina raibh méaduithe suntasacha ar chostais ionchuir cheana féin le blianta anuas. Cabhróidh an tacaíocht a sholáthraítear leis an scéim seo na costais bhreise breosla atá roimh shaothróirí a laghdú"
Chuir an tAire Stáit Collins leis sin:
"Aithnímid an brú suntasach atá ar shaothróirí sain-ghairneoireachta mar gheall ar an méadú tobann ar an gcostas breosla. Ceanglaítear leis an Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta bunús láidir agus domhain ionas gur féidir leis an earnáil gairneoireacht fás, agus tá an pacáiste tacaíochta airgeadais seo riachtanach d'inmharthanacht eacnamaíochta leanúnach de shaothróirí sain-ghairneoireachta a chinntiú. Bhí saothróirí de phlandaí áise agus barra páirce amhail glasraí, barra sailéid, barrthorthaí agus torthaí páirce incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin Scéim Tacaíochta um Ioncam Breosla d'fheirmeoirí agus do chonraitheoirí."
Tugadh an Scéim Tacaíochta Breosla le haghaidh Sain-Ghairneoireachta isteach chun tacú le saothróirí sain-ghairneoireachta a bhfuil méaduithe ar chostais breosla nach raibh ann riamh rompu. Soláthrófar leis an scéim íocaíocht aonuaire do shaothróirí sain-ghairneoireachta chun cabhrú le dul i ngleic leis na méaduithe ar chostais breosla.
Tá an Scéim Tacaíochta Breosla le haghaidh Sain-Ghairneoireachta ar oscailt do shaothróirí tráchtála gairneoireachta a tháirgeann trátaí, cúcamair, muisiriúin, sútha talún, sillithe, luibheanna agus leitís a fásadh go hidreaponach i struchtúr incháilithe agus úsáid á baint as breosla incháilithe. Beidh incháilithe na scéime bunaithe ar úsáid breosla taifeadta do phríomhtháirgeadh de bharra sain-ghairneoireachta anuraidh.
Fanfaidh an scéim ar oscailt d'iarratais ar líne go dtí meán oíche, Dé Céadaoin, an 24 Meitheamh 2026. Ós rud é go bhfuil an scéim seo á cur chun feidhme faoin gCreat Sealadach Géarchéime arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach agus faoi na Rialacha Státchabhrach uile is infheidhme, ní dhéanfar íocaíochtaí le hiarratasóirí go dtí go mbeidh faomhadh Státchabhrach faighte ag an Roinn. Is féidir tuilleadh faisnéise ar an Scéim Tacaíochta Breosla le haghaidh Sain-Ghairneoireachta a fháil anseo.
CRÍOCH
Nótaí:
Is féidir tuilleadh faisnéise ar an Scéim Tacaíochta Breosla le haghaidh Sain-Ghairneoireachta lena n-áirítear Téarmaí & Coinníollacha na scéime agus an Fhoirm Iarratais a fháil anseo.
Is émeán oíche Dé Céadaoin an 24 Meitheamh 2026an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.
Is féidir aon cheist maidir leis an Scéim seo a sheoladh trí ríomhphost chuig HortFuelSupport@agriculture.gov.ie
Ceanglais Incháilitheachta:
Le bheith incháilithe ar mhachnamh faoin Scéim Tacaíochta Breosla le haghaidh Sain-Ghairneoireachta, ní mór d'iarratasóirí na príomhchoinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- A bheith ina p(h)ríomhtháirgeoir gairneoireachta tráchtála gníomhach atá ag táirgeadh faoi láthair, ceann de na barra incháilithe seo a leanas (aonbharra amháin) de réir dea-chleachtas maith i struchtúr incháilithe agus úsáid á baint as breosla incháilithe.
Struchtúir Incháilithe: Tithe Gloine Téite, tollán/tithe muisiriún
Barra Incháilithe: Cúcamair, trátaí, piobair (Sillí), sútha talún, luibheanna, leitís a fásadh go hidreaponach
Breosla Incháilithe: Gás Peitriliam Leachtach (GPL), Gás Nádúrtha, Ceirisín, Ola Gáis Mharcáilte
- Ní mór do gach iarratasóir a bheith cáin-chomhlíontach.
- Clárúchán cothrom le dáta a bheith acu leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar Oibritheoir Gnó Bia (FBO).
- Ní mór d'iarratasóirí an Daonáireamh Gairneoireachta 2025 a bheith curtha i gcrích acu ag am an iarratais. Is féidir an Daonáireamh a fháil ag SuirbhéAE - Suirbhé
- A bheith ocht mbliana déag d'aois nó os a chionn ar dháta cur isteach an iarratais ar rannpháirtíocht.