Fáiltíonn an tAire Heydon agus an tAire Collins roimh thuarascáil chríochnaitheach agus moltaí an Ghrúpa Stiúrtha Adhmad san Fhoirgníocht maidir le húsáid adhmaid a mhéadú
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Meitheamh 2026
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Niall Collins TD, in éineacht leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, agus an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD, fáilte inniu roimh fhoilsiú na tuarascála críochnaitheach ón nGrúpa Stiúrtha idir-rannach agus tionscail Adhmad san Fhoirgníocht.
Thug an tAire Heydon an tuarascáil, ina dtugtar achoimre ar mholtaí an ghrúpa maidir le húsáid adhmaid san fhoirgníocht in Éirinn a mhéadú agus atá mar thoradh ar chomhoibriú suntasach idir ranna rialtais agus páirtithe leasmhara tionscail, os comhair na Comh-Aireachta níos luaithe inniu.
Dúirt an tAire Heydon:
“Leagtar béim sa tuarascáil seo ar an obair agus ar an gcomhoibriú den scoth idir ranna rialtais, an saol acadúil agus comhlachtaí tionscail chun lánacmhainneacht ár n-earnála adhmaid a bhaint amach agus chun tacú le húsáid adhmaid san fhoirgníocht agus le húinéirí foraoise in Éirinn.”
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn, Niall Collins:
“Is cúis áthais dom foilsiú na tuarascála críochnaitheach seo a fheiceáil. Tá na moltaí bunaithe ar aschuir an Ghrúpa le dhá bhliain anuas. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair an Chathaoirligh, an tOllamh Owen Lewis, an ghrúpa stiúrtha agus bhreis agus 60 páirtí leasmhar a thug a gcuid ama chun scrúdú a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le húsáid adhmaid san fhoirgníocht a mhéadú. Is treochlár iad na moltaí seo i dtreo rialála sábháilte agus úsáid níos forleithne adhmaid. D’fhonn na moltaí a chur chun cinn, éascóidh mo Roinn comhordú idir na príomh-ranna a mbeidh freagracht orthu scrúdú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.”
Lean an tAire Collins air:
“Tacóidh méadú ar úsáid adhmaid lenár n-úinéirí foraoise freisin agus forbróidh sé margaí a chabhróidh le borradh a chur faoin bhforaoisiú amach anseo. Is spreagadh do bhainistiú inbhuanaithe foraoise é margaí a chur ar fáil d’adhmad agus tacaíonn sé le Straitéis Náisiúnta Foraoise na hÉireann.”
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD:
“Cuirim fáilte roimh an tuarascáil seo ón nGrúpa Stiúrtha Adhmad san Fhoirgníocht, ina leagtar amach an obair atá déanta chun dul i ngleic le réimse dúshlán, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le rialáil, sábháilteacht, soláthar poiblí agus forbairt deiseanna margaidh. Cabhróidh na moltaí linn leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht ár n-adhmaid dúchasaí agus tacóidh siad lenár spriocanna aeráide.”
Dúirt an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD:
“Is acmhainn luachmhar í foraoiseacht na hÉireann – chun ár n-astaíochtaí a laghdú, nuálaíocht a chothú san earnáil tógála agus fostaíocht réigiúnach ardchaighdeáin a chruthú. Leagtar amach in obair an Ghrúpa Adhmad san Fhoirgníocht na deiseanna beartais a chuirfidh athrú suntasach chun cinn inár n-úsáid adhmaid. Is treochlár beartais inchreidte é chun breisluach a bhaint amach inár n-earnáil adhmaid, chun tithíocht a sholáthar trí Mhodhanna Nua-Aimseartha Tógála agus chun tionchar comhshaoil na tógála a laghdú. Táim ag tnúth le bheith ag obair le comhghleacaithe Rialtais agus leis an earnáil adhmaid maidir lena chur chun feidhme.”
Leagtar amach sa tuarascáil seacht moladh straitéiseach agus sonraítear inti spriocdhátaí cur chun feidhme agus príomhpháirtithe freagracha do gach ceann díobh. Tá na moltaí seo bunaithe ar thrí cholún idirnasctha, eadhon Rialáil agus Caighdeáin; Soláthar agus Beartas Carbóin; agus Nuálaíocht, Oiliúint agus Glacadh. Soláthraíonn siad sin bealach chun aistriú i dtreo timpeallachta tógtha ísealcharbóin.
Mar fhocal scoir, dúirt Cathaoirleach an Ghrúpa, an tOllamh J. Owen Lewis:
“Is cloch mhíle shuntasach í an tuarascáil seo in aistriú na hÉireann chuig timpeallacht thógtha ísealcharbóin agus athléimneach. Léiríonn an comhoibriú láidir idir na páirtithe leasmhara comhthuiscint gur féidir freastal ar an ngá atá le tuilleadh tithíochta agus, ag an am céanna, aghaidh a thabhairt ar riachtanais na gníomhaíochta aeráide trí úsáid adhmaid. Is é an dúshlán anois ceannaireacht leanúnach, tacaíocht bheartais agus tiomantas ón tionscal a chinntiú chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha Adhmad san Fhoirgníocht i mí na Samhna 2023. D’fhorbair an Grúpa fóram chun go bhféadfadh an rialtas agus an tionscal oibriú i gcomhar lena chéile chun na coinníollacha a chruthú a chuirfeadh le húsáid adhmaid san fhoirgníocht agus, ag an am céanna, an leibhéal is airde sábháilteachta foirgneamh agus cosanta maoine a chinntiú. Rinne sé scrúdú freisin ar na dúshláin rialála agus caighdeánaithe atá dírithe ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as adhmad dúchasach san fhoirgníocht. Tá tuarascálacha uile an Ghrúpa ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Grúpa Stiúrtha Adhmad san Fhoirgníocht.
Thug an Grúpa Stiúrtha agus a chúig ghrúpa théamacha gaolmhara le chéile comhaltaí ó 64 institiúid agus eagraíocht. Cheap na hAirí an Grúpa Stiúrtha, ar a raibh 16 chomhalta agus Cathaoirleach Neamhspleách, agus rinne sé ionadaíocht do phríomhchomhlachtaí tionscail chomh maith le hionadaithe sinsearacha ó ranna rialtais ábhartha, ó ghníomhaireachtaí agus ón saol acadúil. Chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) an Rúnaíocht ar fáil. Le linn na tréimhse dhá bhliain, tháinig an Grúpa Stiúrtha le chéile 15 huaire agus tháinig na foghrúpaí le chéile níos minice. Le linn a shainordaithe, chuir comhaltaí an ghrúpa le forbairt foilseachán teicniúil agus beartas-dhírithe a bhí dírithe ar úsáid adhmaid san fhoirgníocht a mhéadú agus a chur chun cinn. Ina theannta sin, d’oibrigh siad chun feasacht a ardú maidir leis na tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le húsáid adhmaid. Dhírigh na cúig ghrúpa théamacha ar na príomhréimsí seo a leanas:
• TG1: Deiseanna Margaidh,
• TG2: Rialáil, Caighdeáin agus Comhlíonadh,
• TG3: Soláthar Poiblí agus Tionscadail Taispeántais,
• TG4: Taighde agus Forbairt, agus
• TG5: Cumarsáid, Oideachas, Oiliúint agus Feasacht Phoiblí.
D’fhorbair na grúpaí téamacha na bearta a leagadh amach sna Téarmaí Tagartha agus shainaithin siad gníomhartha chun gach cúram a chur i gcrích. Bhí gach beart ailínithe leis na gníomhartha trasghearrthacha faoin bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus faoi Phlean Cur Chun Feidhme Straitéis Foraoise na hÉireann 2023–2027.
Tá ról ríthábhachtach ag táirgí adhmaid maidir le hábhar inbhuanaithe a sholáthar don fhoirgníocht. Clúdaíonn foraoisí na hÉireann 11.6% den achar talún, agus is ionann speicis bhuaircíneacha agus beagnach 70% den achar stocáilte. Soláthraíonn na speicis seo méid suntasach adhmaid don fhoirgníocht, agus meastar go méadóidh an soláthar sin ó 5 mhilliún méadar ciúbach d’adhmad cruinn faoi láthair go beagnach 7.8 milliún méadar ciúbach faoi 2035. Ó na 1980idí i leith, tá breis agus €3 billiún infheistithe ag an rialtas agus ag an Aontas Eorpach i mbunú acmhainn foraoise, agus tá maoiniú breise os cionn €1.3 billiún geallta don Chlár Foraoiseachta (2023–2027). Leagtar amach i Straitéis Foraoise na hÉireann agus san Fhís Náisiúnta Chomhroinnte go meastar gurb é adhmad a fhástar in Éirinn an príomhábhar do thithe nua in Éirinn faoi 2050. Cuideoidh méadú agus cur chun cinn tháirgeadh agus úsáid táirgí nuálacha adhmaid fadsaolacha le dícharbónú na timpeallachta tógtha. Soláthraíonn foraoisí na hÉireann, a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe, an acmhainn in-athnuaite adhmaid mar mhalairt ar tháirgí atá níos déine ó thaobh carbóin de, amhail coincréit agus cruach.
Tá réimse moltaí agus acmhainní curtha ar fáil i dtuarascálacha na ngrúpaí oibre agus, nuair a chuirtear le chéile iad, tá sé d’acmhainn acu athrú bunathraitheach a dhéanamh maidir le húsáid adhmaid i bhfoirgníocht na hÉireann a mhéadú. Déanfaidh na ranna rialtais agus na gníomhaireachtaí ábhartha scrúdú ar na moltaí seo agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm chun an acmhainneacht lena nglacadh a mheas.
Tá tuarascálacha an Ghrúpa ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh Adhmad san Fhoirgníocht: https://www.gov.ie/en/publication/864a9-timber-in-construction-steering-group/#findings