D’fhreastail an tAire Heydon agus an tAire Dooley ar Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil
- Foilsithe: 25 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2026
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige as Iascach, Timmy Dooley TD, ag freastal inniu ar Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil.
Áirítear i measc na bpríomhábhar ar an gclár oibre plé ar ghnéithe den Chomhbheartas Talmhaíochta i ndiaidh 2027. Beidh cruinnithe déthaobhacha ag an Aire Heydon leis an tSeicia agus leis an tSualainn freisin.
Ag labhairt dó roimh chruinniú an lae inniu, dúirt an tAire Heydon:
“Tá áthas orm a bheith sa Bhruiséil inniu do Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh. Táim ag tnúth le bualadh leis an gCoimisinéir Hansen agus le mo chomhghleacaithe AE. I gceann díreach os cionn ceithre mhí, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tá Rialtas na hÉireann tiomanta d’Uachtaránacht rathúil a chur ar fáil don Eoraip.”
“Inniu, leanfaimid lenár bplé ar an gComhbheartas Talmhaíochta i ndiaidh 2027. Le linn Uachtaránacht na hÉireann, beidh ról ríthábhachtach againn i múnlú thodhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta. Táim ag tnúth le cloisteáil ó mo chomhghleacaithe maidir faoi na tosaíochtaí atá acu. Is é ár dtosaíocht Comhbheartas Talmhaíochta atá maoinithe go cuí a chinntiú, beartas atá níos simplí, níos cothroime agus atá solúbtha a dhóthain chun freagairt do riachtanais eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil. Tá sé seo tábhachtach do theaghlaigh feirme in Éirinn agus don earnáil agraibhia níos leithne, ós rud é go dtacaíonn sé le hinbhuanaitheacht agus le hiomaíochas na hearnála.”
Dúirt an tAire Heydon freisin:
Leanfaidh Éire de bheith ag plé le páirtithe leasmhara feirmeoireachta agus bia na hÉireann, agus le An Rialálaí Agraibhia mar an comhlacht cur chun feidhme don Treoir, sula dtabharfar ár seasamh chun críche maidir leis an athbhreithniú.”
Áireofar leis an gComhairle lón neamhfhoirmiúil d’airí freisin, áit a bpléifidh siad tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe do 2026 agus 2027.
Ag trácht dó freisin roimh chruinniú an lae inniu, dúirt an tAire Dooley:
“Cuirfidh mé béim ar an ngá atá ann go nglacfadh an tAontas Eorpach seasamh láidir chun ár stoc ríthábhachtach ronnach a chosaint roimh chomhairliúcháin na Stát Cósta an tseachtain seo chugainn. Tá toradh dearfach ag teastáil, toradh a thugann aghaidh ar riachtanais an Aontais Eorpaigh i dtaca le socrú cóir cuimsitheach comhroinnte, agus ar shocrú na hIomlán Gabhála Incheadaithe do ronnach ar bhealach a cheadaíonn athshlánú an stoic agus a chinntíonn cothrom na féinne dár n-iascairí.”