Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire Heydon agus an tAire Stáit Grealish béim ar thábhacht na hearnála agraibhia ag Fóram Trádála an Rialtais

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD agus an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn an Bhia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD, béim ar an bhfócas tábhachtach easpórtála atá ag earnáil agraibhia na hÉireann ag an ochtú cruinniú d’Fhóram Trádála an Rialtais.

In 2024, b’fhiú €19 mbilliún na honnmhairí agraibhia agus shroich siad níos mó ná 180 tír, agus tháinig méadú beagnach dhá thrian ar luach iomlán na n-onnmhairí le deich mbliana anuas.

Dúirt an tAire Heydon:

“Deis iontach a bhí sa chruinniú d’Fhóram Trádála an Rialtais chun plé a dhéanamh ar shuíomh barrmhaith tháirgí bia agus dí na hÉireann ar an margadh domhanda, rud a léiríonn tiomantas daoine aonair atá ag obair ar fud 133,000 feirm, 2,000 soitheach iascaireachta agus láithreán dobharshaothraithe, agus os cionn 2,000 gnólacht bia agus dí. Cé go bhfuil éiginnteachtaí ann faoi láthair maidir le timpeallacht na trádála domhanda, táim muiníneach go dtiocfaidh na dúshláin sin chun cinn arís san earnáil agraibhia.”

Phléigh an cruinniú freisin Plean Gníomhaíochta an Rialtais maidir le hÉagsúlú Margaidha foilsíodh le déanaí, ina leagtar amach roinnt gníomhartha don earnáil agraibhia. Dúirt an tAire Stáit Grealish:

“Tá an Plean Gníomhaíochta seo ag teacht le straitéis Fís Bia na Roinne agus leis an obair leanúnach, a rinneadh le tacaíocht ó Bhord Bia, ó Fhiontraíocht Éireann agus ónár líonra ambasáidí ar fud an domhain, chun bia agus deochanna Éireannacha ar ardchaighdeán a chur chun cinn agus chun cabhrú le cuideachtaí cur le deiseanna i margaí agus i ndeighleoga margaidh éagsúla.”

Rinne Bord Bia, Ornua agus Driogairí na hÉireann cur i láthair ag an gcruinniú seo d'Fhóram Trádála an Rialtais ar na dúshláin earnálacha atá ann faoi láthair sa timpeallacht trádála dhomhanda.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat