Fógraíonn an tAire Heydon cistiú €1.18 milliún do 46 tionscadal sábháilteachta, sláinte agus folláine feirme ar fud na tíre

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon cistiú €1.18 milliún do 46 tionscadal sábháilteachta, sláinte agus folláine feirme ar fud na tíre

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil cistiú €1.18 milliún á dheonú do 46 tionscadal sábháilteachta, sláinte agus folláine feirme.

Tá seiceálacha sláinte agus folláine d’fheirmeoirí, oiliúint maidir le láimhseáil beostoic agus oiliúint feasachta sábháilteachta tiomána tarracóra do leanaí atá 14 bliana d’aois agus níos sine i measc na 46 tionscadal a roghnaíodh chun cabhrú le dul i ngleic le drochthaifead sábháilteachta na feirmeoireachta agus chun tacú le sláinte agus folláine feirmeoirí.

Ag fógairt an chistithe inniu, dúirt an tAire Heydon:

“Tá áthas orm an infheistíocht shuntasach seo a dhéanamh, a threisíonn rath an ghlao oscailte le dhá bhliain anuas maidir le feabhsuithe a chur chun cinn ar phríomhrioscaí sábháilteachta ar fheirmeacha agus maidir le sláinte agus folláine feirmeoirí a chur chun cinn.”

Tá an cistiú á chur ar fáil tríd an nGlao Oscailte do Thionscadail Sábháilteachta, Sláinte agus Folláine Feirmeoirí, a bhí oscailte d’iarratais níos luaithe i mbliana. Bhí líon ard iarratas ó gach cearn den tír sa ghlao iomaíoch seo.

Ag cur fáilte roimh leathnú na seiceálacha sláinte coirp agus meabhairshláinte d’fheirmeoirí chun comhráite leantacha um athrú iompraíochta sláinte a áireamh, dúirt an tAire:

“Tá ag éirí thar barr leis na seiceálacha sláinte coirp agus meabhairshláinte d’fheirmeoirí le dhá bhliain anuas, agus tá os cionn 5,700 seiceáil sláinte d’fheirmeoirí curtha i gcrích ó Lúnasa 2024 i leith. I mbliana, chun a chinntiú go mbainfidh feirmeoirí an leas is fearr is féidir as a seiceálacha sláinte, táim ag cistiú comhráite leantacha um athrú iompraíochta arna n-éascú ag gairmithe sláinte. I gcás inarb iomchuí, cuirfear tacaíochtaí leantacha saincheaptha ar fáil d’fheirmeoirí a bhaineann leas as seiceálacha sláinte chun iad a spreagadh chun na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun a sláinte a chosaint.”

Ag trácht ar chur i gcrích na gcúrsaí oiliúna a bhaineann le sábháilteacht feirme faoi na glaonna oscailte roimhe seo, dúirt an tAire Heydon:

“Ós rud é go bhfuil os cionn 400 duine óg atá 14 bliana d’aois agus níos sine tar éis oiliúint feasachta sábháilteachta tiomána tarracóra a chur i gcrích, táim sásta le rath na nglaonna oscailte in 2024 agus 2025 maidir le daoine óga atá bainteach leis an bhfeirmeoireacht a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le tarracóirí agus innealra agus faoi na dea-chleachtais maidir le tarracóirí agus innealra a oibriú go sábháilte. Chomh maith leis sin, ós rud é gurb é beostoc an dara cúis is mó le heachtraí marfacha ar fheirmeacha i ndiaidh tarracóirí agus innealra, cuirfidh an oiliúint láimhseála beostoic a cuireadh ar fáil do bhreis agus 400 feirmeoir in 2025 go mór leis an tsábháilteacht agus iad ag obair le beostoc.”

Tá na tionscadail á gcistiú ó bhuiséad tiomnaithe sábháilteachta feirme na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Cumhdaíonn tionscadail ar éirigh leo faoin nglao ceann amháin nó níos mó de na téamaí seo a leanas: sábháilteacht feirme, sláinte choirp feirmeoirí, meabhairshláinte agus folláine feirmeoirí, seiceálacha sláinte coirp agus meabhairshláinte d’fheirmeoirí, seiceálacha radhairc, tacaíocht d’fheirmeoirí níos sine, oiliúint feasachta sábháilteachta tiomána tarracóra do leanaí atá 14 bliana d’aois agus níos sine, oiliúint sábh slabhrach d’fheirmeoirí agus obair ar airde d’fheirmeoirí.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le sábháilteacht feirme: www.gov.ie/farmsafety.

Nóta

Tá sonraí na dtionscadal ar ceadaíodh cistiú dóibh faoin nglao leagtha amach sa tábla thíos.

 

Iarratasóir

Baile / Contae

Teideal an Tionscadail

Cistiú

Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

An Cloigín Gorm, Baile Átha Cliath 12

Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann Clár Seiceálacha Sláinte Feirmeoirí

264,336

Roscommon Integrated Development Company CLG t/a Roscommon LEADER Partnership

Ros Comáin, Co. Ros Comáin

Enhancing Farmer Health, Safety and Wellbeing in Roscommon - Farm Safe Programme

73,700

Midland Agri Consultants Ltd

Gránard, Co. an Longfoirt

Farm Machinery Safety-Awareness Education and Training for Young People

72,000

FORUM Connemara CLG

An Clochán, Co. na Gaillimhe

FORUM Connemara Farm Safety, Health and Skills Training Programme

52,664

FRS

Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Oiliúint sábh slabhrach d’fheirmeoirí

52,000

KMG Safety Training

Béal Átha Conaill, Co. an Chabháin

Oiliúint feasachta ar thiomáint tarracóra do leanaí os cionn 14 bliana d’aois agus níos sine

41,466

Embrace FARM

Maighean Rátha, Co. Laoise

Rural Roots Programme

35,000

FRS

Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

Ag Obair ar Airde

33,600

Mayo North-East LEADER Partnership Company t/a Mayo North-East

Béal Easa, Co. Mhaigh Eo

Taking Stock

33,350

Towra Livestock Services

Biorra, Co.  Uíbh Fhailí

Safe Animal Handling, Animal Welfare Officer, and Showring Safety Training

31,500

Irish Farmers Journal

An Cloigín Gorm, Baile Átha Cliath 12

Irish Farmers Journal Health and Wellbeing Series 2026

30,000

Comhairle Chontae Laoise

Port Laoise, Co. Laoise

Harvest of Health

25,440

South Kerry Development Partnership CLG

Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí

SKDP Farm Health, Safety & Wellbeing Initiative 2026

25,000

Midlands Agri Consultants Ltd

Gránard an Longfoirt

Farm Forward 2026

25,000

Foras Croí na hÉireann

Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6

Farmers Have Hearts - Follow-Up Matters: Nursing Support to Improve Heart Health Outcomes

30,092

FRS

Ros Cré Thiobraid Árann

Farm Family CPD Project

23,000

Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CTR

Droim Seanbhó, Co. Liatroma

Health and Safety for Social Farming and Farm Open days and events

21,000

Melanie Downes | Horse Knowing

An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí

Mental Wellbeing (EAL) Coaching with Horses

19,940

Embrace FARM

Maighean Rátha, Co. Laoise

Grief on the Land - The Farm Loss Project

19,000

Irish Cattle and Sheep Farmers Association

Port Laoise, Co. Laoise

Fanacht Sábháilte agus Ceangailte

18,900

Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain (IDP)

Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall

Fit4FarmLife Inis Eoghain 2026

18,500

Coláiste Talmhaíochta an Chreagáin

An Creagán, Co. na Gaillimhe

Oiliúint Feasachta Sábháilteachta Tiomána Tarracóra do Dhaoine Óga atá 14 Bliana d’Aois agus níos Sine

18,000

HUG Equine Assisted Learning

An Móta, Co. na hIarmhí

Equine Assisted Learning

17,980

NEWKD

Trá Lí, Co. Chiarraí

NEWKD Safe Tractor Driving Skills Course

17,400

Wicklow Local Community Safety Partnership-

Cill Mhantáin, Co. Chill Mhantáin

Oiliúint feasachta ar thiomáint tarracóra do leanaí os cionn 14 bliana d’aois agus níos sine

16,650

Macra na Feirme

An Cloigín Gorm, Baile Átha Cliath 12.

Make the Moove

15,000

Macra na Feirme

An Cloigín Gorm, Baile Átha Cliath 12.

Macra LGBTQ+

15,000

Laura Tully

Baile Átha Luain, Co. Ros Comáin

Fit Farmers

13,600

Alex Caraffi

Baile na Coille, Co. Laoise

Farm Stronger Series

11,000

Teagasc

Ros Comáin, Co. Ros Comáin

Láimhseáil Shábháilte Íseal-Struis ar Bheostoc

10,529

Comhairle Cathrach agus Chontae Phort Láirge

Dún Garbhán, Co. Phort Láirge

Fit Farmers

10,000

Cur Chun Cinn agus Feabhsú Sláinte, FSS an Iardheiscirt

Corcaigh, Co. Chorcaí

Keep Well, Farm Better Roadshow- Tionscnamh Cur Chun Cinn Sláinte Pobailbhunaithe do Phobail Feirmeoireachta

10,000

Comhairle Náisiúnta Dall na hÉireann

Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Your Eye Health Matters

10,000

Comhairle Contae Chorcaí

Corcaigh, Co. Chorcaí

Tacú le Sláinte agus Folláine Feirmeoirí i gContae Chorcaí

8,733

Friends of Little Woods

An Baile Nua, Co. Fhear Manach

Conas atá ag éirí leat? -Older Farmer Well Being Event

8,080

Comhairle Contae Cheatharlach

Ceatharlach, Co. Cheatharlach

Farming Roots; A safe path to farming

8,050

Jacqueline Wills; Horses and Harmony

Baile an Phoill, Co. Chill Chainnigh

Equine Assisted Learning for Farmer Wellbeing

7,400

Coláiste Talmhaíochta an Chreagáin

An Creagán, Co. na Gaillimhe

Feabhas a Chur ar Shábháilteacht Feirme

7,300

Horticulture Ireland (Solutions) Ltd. T/A Cohort Recruitment & Training

Baile Átha Troim, na Mí

Cattle Handling Training Courses

6,300

Forbairt na Rosann

An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall

Farm Safety and Wellbeing Awareness Programme

4,547

Comhairle Contae Chill Chainnigh

Cill Chainnigh, Co. Chill Chainnigh

Kilkenny Farmer Wellbeing Programme

4,500

Ionad Pobail Bhaile an Bhuinneánaigh

Baile an Bhuinneánaigh, Co. Chiarraí

Enhancing Physical and Mental Wellbeing for Farmers

3,390

Coláiste Talmhaíochta an Chreagáin

An Creagán, Co. na Gaillimhe

Tacaíocht d’fheirmeoirí níos sine

3,000

Forbairt Bhealach Eabhra CTR

Cill Fhíonáin, Co. Luimnigh

Ballyhoura Harvest Series - Walk in my Wellies

2,500

Teagasc – Grúpa Plé Déiríochta na hUaimhe

Baile an Ásaigh, Baile Átha Cliath 15

Straitéisí saincheaptha sláinte agus folláine d’fheirmeoirí

2,300

Sports Active Loch Garman, Comhairle Contae Loch Garman

An Charraig Leathan, Co. Loch Garman

Fit2Farm Initiative

1,020

 

Minister Heydon announces 1.18 million in funding for 46 farm safety, health, and wellbeing projects nationwide

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat