Fógraíonn an tAire Heydon €183.2 milliún d'íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) a eisiúint d'fheirmeoirí.
Ag labhairt faoin bhfógra, dúirt an tAire Heydon:
“Tá an-áthas orm a fhógairt gur eisíodh réamhíocaíochtaí dar luach €183.2 milliún san iomlán chuig 86,985 feirmeoir faoi scéim ANC. Cloch mhíle shuntasach a baineadh amach is ea tús a chur le híocaíochtaí inniu agus tá siad i gcomhréir leis na dátaí a comhaontaíodh i gCairt na bhFeirmeoirí.”
Dúirt an tAire freisin:
“Tá scéim ANC ríthábhachtach do theaghlaigh feirme, agus is eol dom a thábhachtaí atá sé íocaíochtaí a dhéanamh le hiarratasóirí chomh tapa agus is féidir. Le heisiúint na n-íocaíochtaí sin i lár mhí Mheán Fómhair, leagtar béim ar ár ngealltanas íocaíochtaí a dhéanamh le feirmeoirí a luaithe is féidir.
“Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn, agus leanfaidh mo Roinn de phróiseáil a dhéanamh, mar ábhar práinne, ar gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.”
Dheimhnigh an tAire Heydon freisin go bhfuil a Roinn ar an mbóthar ceart chun íocaíocht an airleacain 70% faoin Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim don Inbhuanaitheacht (BISS), agus Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach don Inbhuanaitheacht (CRISS) a éascú ón 16 Deireadh Fómhair 2025, agus íocaíochtaí faoin Éiciscéim ón 23 Deireadh Fómhair 2025.
Nóta don Eagarthóir
I gcomhréir le socrú na bliana seo caite, is réamhíocaíocht 85% ar Scéim ANC iad na híocaíochtaí atá á n-eisiúint faoi láthair. Tá an 15% d'íocaíochtaí comhardaithe le tosú go luath i mí na Nollag.
I gcomhréir leis na blianta roimhe seo, ní dhéantar gach iarratas a imréiteach faoi láthair le haghaidh íocaíochta faoi Scéim ANC. Leanfar ar aghaidh le tréimhsí rialta pá sna seachtainí amach romhainn chun a chinntiú go bpróiseálfar cásanna imréitithe le haghaidh íocaíochta chomh tapa agus is féidir. Ba cheart d’fheirmeoirí aon fhianaise atá fós gan réiteach chun tacú lena n-iarratas a chur faoi bhráid Oifig Phort Laoise na Roinne a luaithe is féidir chun luathscaoileadh na n-íocaíochtaí a éascú.
Teagmháil: Deasc Chabhrach um Íocaíochtaí Díreacha 057 8674422.
Is féidir le feirmeoirí aon cheisteanna a d'fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne trí MyAgFood.ie.
Tá baill foirne ó Rannóg ANC ar fáil freisin ag an gCraobhchomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta chun aon cheisteanna a fhreagairt.