Fógraíonn an tAire Heydon íocaíochtaí €29.1 milliún d’fheirmeoirí curaíochta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon íocaíochtaí €29.1 milliún d’fheirmeoirí curaíochta

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu tús le híocaíochtaí dar luach €29.1 milliún faoin Scéim Náisiúnta Tacaíochta Inbhuanaitheachta Curaíochta nua le 8,554 tairbhí.

Dúirt an tAire:

“Mar aitheantas ar an ról tábhachtacha imríonn an earnáil curaíochta i inbhuanaitheacht na hearnála agraibhia ina hiomláine agus ar na dúshláin shuntasacha atá roimh an earnáil, is instealladh ríthábhachtach é an íocaíocht seo ag tráth fíorthábhachtach.”

Dúirt an tAire Heydon freisin:

“Mar chuid de Bhuiséad 2025, daingníodh maoiniú €30 milliún chun inbhuanaitheacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus chun ráta íocaíochta céimnitheach a chur ar fáil d’iarratasóirí a dhearbhaigh barraí gránaigh agus síolráibe ar a n-iarratas 2025 ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim ar mhaithe le hInbhuanaitheacht agus ar iarratas limistéarbhunaithe eile.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Fuair mé an maoiniú seo chun tacú leis an earnáil agus chun muinín a neartú trí na tacaíochtaí airgeadais riachtanacha a chur ar fáil d’fheirmeoirí chun cabhrú leo sa séasúr atá rompu. Tá an earnáil curaíochta thar a bheith tábhachtach don Rialtas seo, agus is earnáil í ar mian linn a fheiceáil ag fás sna blianta amach romhainn. Léiríonn na híocaíochtaí seo tiomantas an Rialtais tacú leis an earnáil agus cuireann siad chun cinn an gealltanas atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas, chomh maith le príomh-mholadh i dTuarascáil an Ghrúpa Curaíochta Food Vision maidir leis an tábhacht a bhaineann le tacaíochtaí suntasacha a chur ar fáil don earnáil curaíochta.”

Beidh na híocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn.

Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le híocaíochtaí na Scéime Tacaíochta Inbhuanaitheachta Curaíochta glaoch ar Líne Chabhrach na nÍocaíochtaí Díreacha ag 057-8674422 nó ríomhphost a sheoladh chuig tillage@agriculture.gov.ie.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Beidh gach íocaíocht faoi réir rialacha an AE maidir le cúnamh de minimis mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 3118/2024 ón gCoimisiún maidir le cúnamh de minimis san earnáil táirgthe talmhaíochta.

Is iad na barraí incháilithe faoin scéim ná eorna, cruithneacht, coirce, seagal, triticéil agus síolráib.

Ní mór na barraí incháilithe a bheith dearbhaithe ag an iarratasóir ar a n-iarratas 2025 ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim ar mhaithe le hInbhuanaitheacht agus ar iarratas limistéarbhunaithe eile.

Beidh na rátaí íocaíochta céimnitheacha seo a leanas i bhfeidhm.

Heicteár (ha) 

Ráta Íocaíochta

>1ha       - </=100 ha 

€110

>100 ha - </= 125 ha

€90

>125 ha - </= 150ha

€70

>150 ha

€50

Is féidir le feirmeoirí glaoch ar an Deasc Chabhrach ag 057-8674422 le haon cheisteanna atá acu nó, mar mhalairt air sin, ríomhphost a sheoladh chuig tillage@agriculture.gov.ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat