Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon €510.9 milliún in íocaíochtaí le 110,499 feirmeoir faoin Tacaíocht Ioncaim Bhunúsach le haghaidh Inbhuanaitheachta

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, go bhfuiltear ag súil go dtosóidh réamhíocaíochtaí faoin Tacaíocht Ioncaim Bhunúsach don Inbhuanaitheacht (BISS) 2025 agus faoin Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Chomhlántach don Inbhuanaitheacht (CRISS) ón Déardaoin, an 16 Deireadh Fómhair.

Dúirt an tAire:

“Tá áthas orm a dhearbhú go bhfuiltear ag súil go dtosóidh réamhíocaíochtaí faoin BISS agus CRISS, ar fiú os cionn €510.9 milliún iad do 110,499 feirmeoir, amárach. Is gné ríthábhachtach d’ioncam feirme teaghlaigh na híocaíochtaí seo agus cuireann siad go mór leis an ngeilleagar tuaithe i gcoitinne freisin. I dteannta le híocaíochtaí Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha (ANC) a eisíodh i mí Mheán Fómhair, ciallaíonn sé sin gur íocadh breis is €694 milliún d’íocaíochtaí bunaithe ar limistéir ó mo Roinn le mí anuas.”

Lean an tAire ar aghaidh:

"I bhfianaise thábhacht íocaíochtaí na scéime d'fheirmeoirí, ba mhaith liom a chinntiú go leanfar de na híocaíochtaí seo a eisiúint ar an mbealach is éifeachtaí is féidir ionas go seachadfar na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo d'fheirmeoirí go tráthúil." Inniu, tá 93.87% d’iarratasóirí íoctha, rud atá i gcomhréir lenár ngealltanas faoin gCairt Feirmeoirí 90% d’iarratais incháilithe a íoc.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Meastar go dtosóidh réamhíocaíochtaí BISS & CRISS ag ráta 70%. Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn de bheith ag próiseáil, ar bhonn práinne, na gcásanna uile atá fágtha le haghaidh íocaíochta de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime. Mholfainn d’aon fheirmeoirí a bhfuil iarratais gan réiteach acu ar dhoiciméid ón Roinn iad a thabhairt ar ais chun go bhféadfar íocaíochtaí a eisiúint.”

Tá íocaíochtaí faoin Scéim um Limistéir Srianta Nádúrtha (ANC) 2025, a thosaigh an mhí seo caite, ag leanúint ar aghaidh freisin de réir mar a ghlanfar níos mó cásanna le haghaidh íocaíochta agus cuirfear tús le híocaíochtaí 2025 faoin Éicea-Scéim an tseachtain seo chugainn.

Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an roinn maidir lena n-íocaíochtaí BISS nó ANC glaoch ar an Deasc Chabhrach d’Íocaíochtaí Díreacha ag 057 8674422. Is féidir le feirmeoirí aon cheisteanna a d'fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne trí www.myagfood.ie.

Nótaí don Eagarthóir

  • Faoi dheireadh na n-iarratas ar an 15 Bealtaine, bhí 123,705 iarratas faighte ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ó fheirmeoirí, agus faoi láthair tá 117,713 incháilithe le haghaidh íocaíochta faoi BISS agus CRISS. Tá roinnt cúiseanna ann a bhféadfaí iarratas a mheas neamh-incháilithe le haghaidh íocaíochta faoin BISS, amhail gan teidlíochtaí íocaíochta a bheith ag an iarratasóir, limistéar éilithe de nialas a dhearbhaítear ar an iarratas nó gan talamh incháilithe ag an iarratasóir.
  • Is comhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) a chinntíonn oláthar cobhsaí bia, a chosnaionn ioncam feirmeoirí agus an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beomhar. Cuireann tíortha AE an CBT i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT glactha don tréimhse 2023-2027.
  • Tá an Tacaíocht Ioncaim Bhunúsach le haghaidh Inbhuanaitheachta (BISS) deartha chun tacaíocht ioncaim dhíreach a sholáthar d’fheirmeoirí Éireannacha chun a n-inbhuanaitheacht agus a n-inmharthanacht leanúnach a neartú.
  • Is scéim nua í an Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Chomhlántach le haghaidh Inbhuanaitheachta (CRISS) atá deartha chun cistí CBT a athdháileadh ó fheirmeacha móra go feirmeacha meánmhéide agus beaga.
  • Tá an Tacaíocht Ioncaim Bhunúsach le haghaidh Inbhuanaitheachta (BISS), an Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Chomhlántach le haghaidh Inbhuanaitheachta (CRISS) agus an Scéim Éicea-eolaíochta maoinithe ag an AE.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap

Miondealú Contae ar Chontae ar Íocaíochtaí

Contae

Líon na dTréada

Méid íoctha

CEATHARLACH

1,435

€8,146,980.23

AN CHABHÁN

4,346

€15,948,572.92

AN CHLÁR

5,596

€23,081,958.08

CORCAIGH

11,121

€60,697,584.05

DÚN NA nGALL

7,701

€29,429,014.38

BAILE ÁTHA CLIATH

492

€2,992,802.01

GAILLIMH

10,621

€40,006,725.23

CIARRAÍ

6,809

€32,999,724.93

CILL DARA

1,801

€10,925,566.73

CILL CHAINNIGH

2,932

€18,752,291.68

LAOIS

2,537

€14,191,013.53

LIATROIM

3,153

€10,968,824.43

LUIMNEACH

4,467

€21,475,467.04

AN LONGFORT

2,175

€8,350,565.43

AN LÚ

1,279

€6,596,458.01

MAIGH EO

9,997

€36,055,101.41

AN MHÍ

3,307

€19,283,118.87

MUINEACHÁN

3,591

€11,979,857.70

UÍBH FHAILÍ

2,555

€13,264,226.65

ROSCOMÁIN

5,158

€18,859,914.65

SLIGEACH

3,545

€12,841,770.92

TIOBRAID ÁRANN

5,980

€36,102,791.75

PORT LAIRGE

1,997

€13,485,399.67

AN IARMHÍ

2,680

€13,343,481.17

LOCH GARMAN

3,376

€19,944,141.26

CILL MHANTÁIN

1,848

€11,264,891.61

 

110,499

€510,988,244.34

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat