Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Íocaíochtaí €55.15 milliún arna n-eisiúint faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí fógraithe ag an Aire Heydon

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, go bhfuil níos mó ná €55.15 milliún á eisiúint do 4,858 feirmeoir inniu agus tús curtha le híocaíochtaí 2025 faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí.

Dúirt an tAire Heydon:

“Príomhthosaíocht de chuid mo Roinnse ise ea íocaíochtaí a phróiseáil go tráthúil. “Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn, agus leanfaidh mo Roinn de phróiseáil a dhéanamh, mar ábhar práinne, ar gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.” Tá na híocaíochtaí seo ríthábhachtach chun an tacaíocht riachtanach a sholáthar le haghaidh an tiontaithe go dtífeirmeoireacht orgánach agus chun an tiontú sin a choimeád ar bun.

D’athdhearbhaigh an tAire Heydon go bhfaighidh iarratasóirí ón earnáil curaíochta rochtain tosaíochta ar an Scéim in 2026. Dúirt an tAire:

“Mholfainn go láidir d’aon duine ar mian leis iarratas a dhéanamh déanamh amhlaidh roimh an dáta deiridh Dé hAoine, an 12 Nollaig 2025.”

Tá breis is 5,500 feirmeoir orgánach ag glacadh páirte sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Déantar táirgeadh orgánach ar thart ar 5.5% den talamh talmhaíochta faoi láthair.

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá an scéim seo comhchistithe ag an Roinn Talmhaíochta. Bia agus Mara agus an Aontas Eorpach. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar http://www.gov.ie/cap.

Is comhpháirtíocht í Beartas Talmhaíochta Comhchoiteann (CAP) an AE idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar cobhsaí bia, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a thugann cosaint don chomhshaol agus a choinníonn ceantair tuaithe bríomhara. Déanann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.

Is é cuspóir foriomlán na Scéime maidir le Feirmeoireacht Orgánach sochair feabhsaithe comhshaoil agus leasa ainmhithe a sholáthar agus táirgeoirí a spreagadh chun freagairt d’éileamh an mhargaidh ar bhia a tháirgtear go horgánach. Tá buiséad iomlán €256 milliún leithdháilte don Scéim Feirmeoireachta Orgánaí le linn shaolré Phlean Straitéiseach CBT

Tá treoir maidir le próiseas iarratais na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne chun cabhrú le hiarratasóirí ionchasacha ag: An Scéim Feirmeoireachta Orgánaí.

Tá gníomhaire comhráiteach ar fáil ar MyAgFood chun ceisteanna coitianta faoi fheirmeoireacht orgánach a fhreagairt.

Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí le fáil ar leathanach na Roinne maidir le cúrsaí orgánacha ag An Scéim Feirmeoireachta Orgánaí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat