Fógraíonn an tAire Heydon beagnach €195 milliún i réamhíocaíochtaí faoin Éicea-Scéim 2025 do bheagnach 110,000 feirmeoirí
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Deireadh Fómhair 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí faoin Éicea-Scéim 2025.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a dhearbhú go bhfuil réamhíocaíochtaí faoin Éicea-Scéim, ar fiú €194.5 milliún iad do 109,853 feirmeoir, tosaithe.” Is é cuspóir Éicea-Scéim na hÉireann luach saothair a thabhairt do fheirmeoirí as gníomhartha a dhéanann tairbhe don aeráid, don chomhshaol, do chaighdeán an uisce agus don bhithéagsúlacht.Is tacaíocht ríthábhachtach iad íocaíochtaí na hÉicea-Scéime do fheirmeoirí; in 2025 beidh an ráta íocaíochta €66 in aghaidh an heicteáir incháilithe."
Lean an tAire ar aghaidh:
“Tá mo Roinn tiomanta fós a chinntiú go leanfear d’íocaíochtaí scéime a eisiúint ar an mbealach is éifeachtaí is féidir chun a áirithiú go seachadfar na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo do fheirmeoirí in am trátha.” Inniu, tá 93% de na hiarratasóirí incháilithe don Éicea-Scéim 2025 íoctha, i gcomhréir le tiomantas na Roinne faoi Chairt na bhFeirmeoirí chun 90% d’iarratasóirí incháilithe a íoc.”
Tógtar leis an íocaíocht €194.5 milliún inniu ar an réamhíocaíocht Tacaíocht Bhun-Ioncaim ar son Inbhuanaitheachta (BISS) an tseachtain seo caite, €511 milliún do bhreis agus 110,500 feirmeoir — rud a chiallaíonn go sroicheann suim iomlán na réamhíocaíochtaí ar BISS, CRISS agus an Éicea-Scéim le seachtain anuas níos mó ná €705 milliún. Ag críochnú, dúirt an tAire:
“Tá réamhíocaíochtaí na hÉicea-Scéime ag tosú inniu ag ráta 70%, an ráta céanna a úsáideadh in 2024 agus 2023. Beidh na híocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn de na cásanna eile ar fad a phróiseáil le haghaidh íocaíochta de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.Mholfainn, áfach, d’aon fheirmeoirí a bhfuil iarrataí ar dhoiciméid fós ar feitheamh ó mo Roinn — mar shampla admhálacha as crainn/sceacha a chur do Chleachtas Talmhaíochta 4 — iad a chur isteach chun gur féidir na híocaíochtaí a eisiúint a luaithe is féidir.”
Tá réamhíocaíochtaí faoin Scéim do Cheantair atá faoi Srianta Nádúrtha (ANC) 2025, a tosaíodh an mhí seo caite, agus íocaíochtaí BISS 2025, a tosaíodh an tseachtain seo caite, ag leanúint ar aghaidh de réir mar a ghlantar tuilleadh cásanna le híocaíocht.
Chun é a éascú do fheirmeoirí ar mian leo dul i dteagmháil leis an Roinn maidir lena n-íocaíochtaí Éicea-Scéime, is féidir glaoch a chur ar an Deasc Chabhrach um Íocaíochtaí Díreacha ag 057 8674422. Is féidir le feirmeoirí aon cheisteanna a bhíonn acu a chur isteach ar líne freisin trí www.MyAgfood.ie.
Nótaí d’Eagarthóirí
- Faoi dheireadh an spriocdháta iarratais an 15 Bealtaine 2025, bhí 120,739 iarratas faighte ag an Roinn ó fheirmeoirí ar an Éicea-Scéim, agus faoi láthair tá 118,034 díobh incháilithe le híocaíocht.
- Leanfar d’íocaíochtaí a eisiúint sna seachtainí amach romhainn de réir mar a phróiseáiltear agus a nglantar tuilleadh cásanna le híocaíocht.
- Is comhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) a chinntíonn soláthar cobhsaí bia, a chosnaíonn ioncam feirmeoirí agus an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beomhar. Cuireann tíortha AE an CBT i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT glactha don tréimhse 2023-2027.
- Tá an Éicea-Scéim, an Tacaíocht Bhun-Ioncaim ar son Inbhuanaitheachta (BISS) agus an Tacaíocht Chomhhlántach Athdháiltí ar son Inbhuanaitheachta (CRISS) maoinithe ag an AE.
Miondealú íocaíochtaí de réir contae
|
Contae |
Líon na n-iarratasóirí |
Íocaíocht iomlán |
|
CEATHARLACH |
1,410 |
€2,925,083 |
|
AN CABHÁN |
4,406 |
€6,085,639 |
|
AN CLÁR |
5,557 |
€9,114,861 |
|
CORCAIGH |
11,007 |
€22,355,662 |
|
DÚN NA nGALL |
7,750 |
€11,891,800 |
|
BAILE ÁTHA CLIATH |
498 |
€1,202,126 |
|
GAILLIMH |
10,513 |
€15,149,339 |
|
CIARRAÍ |
6,703 |
€13,685,365 |
|
CILL DARA |
1,729 |
€4,110,373 |
|
CILL CHAINNIGH |
2,916 |
€6,808,120 |
|
LAOIS |
2,445 |
€4,946,169 |
|
LIATROIM |
3,171 |
€4,512,765 |
|
LUIMNEACH |
4,482 |
€8,471,985 |
|
AN LONGFORT |
2,198 |
€3,139,497 |
|
AN LÚ |
1,249 |
€2,449,105 |
|
MAIGH EO |
9,825 |
€13,926,248 |
|
AN MHÍ |
3,208 |
€6,974,176 |
|
MUINEACHÁN |
3,685 |
€4,356,718 |
|
UÍBH FHAILÍ |
2,532 |
€4,892,682 |
|
ROSCOMÁIN |
5,190 |
€7,065,002 |
|
SLIGEACH |
3,545 |
€5,082,331 |
|
TIOBRAID ÁRANN |
5,849 |
€13,115,849 |
|
PORT LAIRGE |
2,008 |
€5,141,498 |
|
AN IARMHÍ |
2,699 |
€5,038,900 |
|
LOCH GARMAN |
3,458 |
€7,531,103 |
|
CILL MHANTÁIN |
1,820 |
€4,549,260 |
|
Iomlán |
109,853 |
€194,521,654.49 |