Fógraíonn an tAire Heydon comhairliúchán poiblí maidir le CBT 2027
- Foilsithe: 24 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2026
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, go seolfar comhairliúchán poiblí maidir le todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) i ndiaidh 2027.
Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh tréimhse ceithre seachtaine, go dtí Dé hAoine, an 20 Márta 2026, agus cuirfear deis ar fáil do gheallsealbhóirí agus do bhaill den phobal cur le seasamh na hÉireann de réir mar a théann an chaibidlíocht maidir leis an gcéad CBT eile ar aghaidh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Ag fógairt an chomhairliúcháin, dúirt an tAire Heydon:
“Tá an Comhbheartas Talmhaíochta fós ina bhunchloch de tháirgeadh bia agus de shaol na tuaithe san Eoraip. Tacaíonn sé le hioncaim feirme, cuireann sé bonn faoi shlándáil bia, agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le pobail tuaithe a chothú agus cuspóirí comhshaoil agus aeráide a bhaint amach.”
“De réir mar a mhéadaíonn an plé maidir le todhchaí an CBT, tá sé tábhachtach go mbeidh seasamh na hÉireann bunaithe ar thuairimí agus ar thaithí feirmeoirí, pobail tuaithe agus an phobail i gcoitinne.”
Leanann an comhairliúchán seo foilsiú thograí reachtacha an Choimisiúin Eorpaigh i mí Iúil 2025 maidir le Buiséad an Aontais Eorpaigh agus an CBT don tréimhse 2028–2034. Is ionann na tograí seo agus athrú suntasach ar struchtúr agus ar mhaoiniú an CBT, agus tá caibidlíocht ar bun anois idir na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh ar líne tríd an gceistneoir comhairliúcháin agus iad a sheoladh chuig post2027capconsultation@agriculture.gov.ie. Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil ná 5.00pm Dé hAoine, an 20 Márta 2026.
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear an ceistneoir comhairliúcháin agus an próiseas aighneachta, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Comhairliúchán Poiblí maidir leis na Rialacháin CBT i ndiaidh 2027