Fógraíonn an tAire Heydon tús curtha le €86 milliún Scéim Éicea d’Íocaíochtaí Cothromaíochta
- Foilsithe: 19 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Nollaig 2025
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí cothromaíochta faoin Scéim Éicea 2025.
Le tosú íocaíochtaí cothromaíochta na Scéime Éicea, beidh an tsuim iomlán a íocadh faoin Scéim Éicea 2025 ó Dheireadh Fómhair beagnach €288 milliún, agus tá 112,610 feirmeoir ag fáil íocaíochta faoin Scéim Éicea anois. Ón lá inniu, eiseofar beagnach €86 milliún do fheirmeoirí i bhfoirm íocaíochta cothromaíochta faoin Scéim Éicea.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tá áthas orm a dhearbhú gur cuireadh tús inniu le híocaíochtaí cothromaíochta faoin Scéim Éicea ar fiú €85.8 milliún iad. Is é cuspóir Scéim Éicea na hÉireann luach saothair a thabhairt do fheirmeoirí as gníomhartha a dhéanann tairbhe don aeráid, don chomhshaol, do chaighdeán an uisce agus don bhithéagsúlacht. Is tacaíocht ríthábhachtach iad íocaíochtaí Scéim Éicea do fheirmeoirí a mbeidh costais orthu nó ioncam caillte acu chun freastal ar riachtanais na scéime.
“Tá mo roinn tiomanta go hiomlán a chinntiú go leanfar de gach íocaíocht scéime a eisiúint ar an mbealach is éifeachtaí is féidir agus a chinntiú go seachadtar na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo do fheirmeoirí go tráthúil.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá íocaíochtaí cothromaíochta na Scéime Éicea ag tosú inniu ag ráta 30%. Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn, agus leanfaidh mo Roinn de phróiseáil a dhéanamh, mar ábhar práinne, ar gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime. Mholfainn d’aon fheirmeoirí a bhfuil iarratais gan réiteach acu ar dhoiciméid ón roinn iad a thabhairt ar ais chun go bhféadfar íocaíochtaí a eisiúint.”
Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir lena n-íocaíochtaí Scéime Éicea, Tacaíocht Ioncaim Bhunúsach le haghaidh Inbhuanaitheachta (BISS), Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Chomhlántach le haghaidh Inbhuanaitheachta (CRISS), Tacaíocht Ioncaim Chomhlántach d’Fheirmeoirí Óga (CISYF) nó Limistéir Srianta Nádúrtha (ANC) glaoch ar an Líne Chabhrach d’Íocaíochtaí Díreacha ag 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon cheisteanna a bhíonn acu a chur isteach ar líne freisin trí www.MyAgfood.ie.
Nótaí
Miondealú Contae ar Íocaíochtaí Cothromaíochta Scéime Éicea
|
Contae |
Íoctha Iomlán |
|
CEATHARLACH |
€1,285,115 |
|
AN CABHÁN |
€2,665,954 |
|
AN CLÁR |
€3,972,692 |
|
CORCAIGH |
€9,702,608 |
|
DÚN NA nGALL |
€5,245,504 |
|
BAILE ÁTHA CLIATH |
€585,679 |
|
GAILLIMH |
€6,672,338 |
|
CIARRAÍ |
€5,988,458 |
|
CILL DARA |
€1,853,054 |
|
CILL CHAINNIGH |
€2,999,817 |
|
LAOIS |
€2,214,954 |
|
LIATROIM |
€1,982,427 |
|
LUIMNEACH |
€3,703,252 |
|
AN LONGFORT |
€1,367,717 |
|
LÚ |
€1,133,665 |
|
MAIGH EO |
€6,161,544 |
|
AN MHÍ |
€3,120,476 |
|
MUINEACHÁN |
€1,926,779 |
|
UÍBH FHAILÍ |
€2,203,672 |
|
ROSCOMÁIN |
€3,081,854 |
|
SLIGEACH |
€2,236,008 |
|
TIOBRAID ÁRANN |
€5,757,398 |
|
PORT LAIRGE |
€2,289,458 |
|
AN IARMHÍ |
€2,242,991 |
|
LOCH GARMAN |
€3,363,934 |
|
CILL MHANTÁIN |
€2,026,968 |
|
€85,784,318 |