English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tús le níos mó ná €6.984 milliún in íocaíochtaí comhardaithe faoin Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach fógartha ag an Aire Heydon

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús le híocaíochtaí comhardaithe 2024 faoin Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach.

Dúirt an tAire an méid seo a leanas:

“Tá os cionn 81% (3961) d’fheirmeoirí sa Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach ag fáil a n‑íocaíochtaí comhardaithe an tseachtain seo. Tá próiseáil thráthúil íocaíochtaí ina phríomhthosaíocht ag mo Roinn. Tá a fhios agam cé chomh ríthábhachtach is atá íocaíochtaí do theaghlaigh feirme agus tá áthas orm go bhfuil íocaíochtaí na bliana seo á ndéanamh mí iomlán níos túisce ná mar eisíodh in 2024 iad. Tá thart ar 1,000 feirmeoir breise ag fáil íocaíochtaí comhardaithe i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Beidh íocaíochtaí i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh mo Roinn de gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta a phróiseáil mar ábhar práinne de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.”

Tá thart ar 5,500 feirmeoir orgánach in Éirinn anois ag déanamh feirmeoireachta ar thart ar 248,000 heicteár. Tháinig méadú faoi thrí ar líon na gcaorach orgánach le trí bliana anuas agus tá méadú faoi dhó tagtha ar líon na mbó diúil orgánach. Leanann an t-éileamh ar choirce orgánach na hÉireann ag sárú an tsoláthair agus leagann sé béim ar na deiseanna leanúnacha san fheirmeoireacht orgánach.

Dúirt an tAire freisin:

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun a mheabhrú dóibh siúd a thosaigh ag feirmeoireacht go horgánach in 2025 lena gcúrsa oiliúna 25 uair an chloig a chríochnú chomh luath agus is féidir. Ní mór an cúrsa faisnéiseach seo a bheith críochnaithe ag gach rannpháirtí sula mbeidh siad incháilithe íocaíocht a fháil.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:

“Tá Fís do Thalmhaíocht agus Bia an Choimisiúin Eorpaigh, a thugann tús áite d’athnuachan ó ghlúin go glúin, ar aon dul lenár straitéis Fís don Bhia féin chun feirmeoireacht orgánach a aithint mar dheis d’fheirmeoirí óga agus mar bhealach chun an chéad ghlúin eile d’fheirmeoirí oilte Éireannacha a mhealladh isteach inár n-earnáil. Tá sé seo ar cheann de na tascanna is tábhachtaí atá romhainn agus ní mór tosaíocht a thabhairt dó agus muid ag múnlú ár mbeartais don todhchaí.”


Nótaí don Eagarthóir

Chuir an Coimisiún Eorpach an Fís do Thalmhaíocht agus Bia i láthair i mí Feabhra na bliana seo.

Deirtear ann: “Caithfidh Aontas 2040 a bheith ina áit ina n-éiríonn le feirmeoireacht agus táirgeadh bia ar fud ár mór-roinne agus an éagsúlacht ann. Áit a bhfuil an fheirmeoireacht tarraingteach do na glúnta atá le teacht, agus ina mbeidh an earnáil agraibhia iomaíoch, athléimneach, oiriúnach don todhchaí agus cothrom. Tá todhchaí na hearnála straitéisí seo ag brath ar acmhainn an Aontais agus a Bhallstáit na coinníollacha cearta a chur i bhfeidhm chun na nithe seo a leanas a chumasú:

Earnáil agraibhia atá tarraingteach agus intuartha ina gcuireann ioncaim ar chumas feirmeoirí a bheith rathúil, ag mealladh na nglún atá le teacht a leanfaidh ag táirgeadh bia atá inacmhainne do chách agus a fhreastalaíonn ar éilimh na dtomhaltóirí; áit a bhfuil coinníollacha fabhracha i bhfeidhm chun gur féidir leis an earnáil agraibhia a acmhainneacht fiontraíochta a bhaint amach, le tacaíocht ó fhoinsí ioncaim agus scileanna éagsúla chun deiseanna na nuálaíochta, na teicneolaíochta agus an aistrithe ghlais a thapú; i gcás ina dtugtar luach saothair cuí do sheirbhísí éiceachórais atá chun leasa an chomhshaoil, uisce, ithreach nó aeir, amhail san earnáil orgánach atá ag fás; i gcás ina n-eascraíonn biashlabhra a fheidhmíonn go cóir agus go roinntear ualach agus costais an aistrithe go cothrom feadh an tslabhra.”

Aithnítear feirmeoireacht orgánach mar shampla praiticiúil de ghiaráil na ndeiseanna nuálaíochta a thugann luach saothair d’fheirmeoirí: “Is nuálaithe agus fiontraithe iad feirmeoirí ó nádúr. Is mian le feirmeoirí óga a bheith ina spreagthóirí nuálaíochta. Tá deiseanna nua ag teacht chun cinn maidir le foinsí comhlántacha ioncaim d’fheirmeoirí agus d’iascairí freisin ó gheilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus atá dearfach ó thaobh an chomhshaoil de. Samplaí praiticiúla is ea an earnáil orgánach atá ag dul i méid agus cleachtais feirmeoireachta agra-éiceolaíochta a chruthaíonn gur roghanna tarraingteacha iad d’fheirmeoirí níos óige, a chomhcheanglaíonn féidearthachtaí eacnamaíocha le torthaí comhshaoil ​​agus freagracht shóisialta”.

Sainaithnítear orgánaic freisin mar réimse a rachadh simpliú chun leasa dó: “Molfaidh an Coimisiún i R2 2025 pacáiste simplithe cuimsitheach ar an gcreat reachtaíochta talmhaíochta reatha a sheachadfaidh: (i) Simpliú ar an bhfeirm agus cuíchóiriú ceanglais a thugann aitheantas níos fearr do chásanna agus do chleachtais feirmeoireachta éagsúla (amhail feirmeoireacht orgánach)”.